Múinteoir Gaeilge i meánscoil mheasúil Bhéarla Chaitliceach a thug léargas beag ar an dóigh a bhfuil cúrsaí teanga ag dul i dTuaisceart Éireann faoi láthair. Bhí deacracht ag an mhúinteoir seo le dalta nach raibh toilteanach a obair bhaile Gaeilge a dhéanamh.
Sa deireadh, thug sé ar dhuine de na tuismitheoirí bualadh leis chun an cás a phlé. Ag súil le dea-bhéasa a bhí an múinteoir. "Irish is a waste of time," arsa an tuismitheoir dímhúinte, "I don't care whether or not he does his homework. He's better off concentrating on French."
Gan amhras, tá mórán bainte amach ag lucht na Gaeilge in áiteanna ar leith sa Tuaisceart. Ach déantar neamhiontas go minic dá laghad Caitliceach a thacaíonn leis an teanga. Ní ábhar scoile í an Ghaeilge ar bhunscoileanna Caitliceacha agus is ábhar roghnaitheach go minic í ar mheánscoileanna Caitliceacha.
Ní raibh brú rómhór ann riamh ó thuismitheoirí an Ghaeilge a fhí isteach i gclár na scoileanna sin - cé go raibh saoirse áirithe ag scoileanna a gcuraclam féin a shocrú.
Mar sin féin, lean múineadh áirithe leis an teanga i gcónaí - "Is deas an teanga í ach ná hiarr orm í a fhoghlaim." Tá an méid sin féin ag athrú - i measc aicme amháin ar a laghad.
Rithfeadh sé leat agus tú ag léamh cuid den bholscaireacht a dhéanann Tuaisceartaigh go raibh an teanga slán sábháilte i measc daoine ón phobal Caitliceach.
An amhlaidh go bhfuil an taoide ag tiontú ina héadan agus nach fada go ndéarfar go poiblí an rud a dúradh ar chúl boise go minic: "Is deas an teanga í ach ná hiarr orm í a fhoghlaim." Cath eile a bheidh le troid ag lucht na Gaeilge ar ball, is cosúil.