Beocheist: The lack of out-door play facilities is detrimental to the healthy development of children, writes Anna Heussaff
I mBaile Átha Luain (daonra 7,500), níl oiread is páirc spraoi phoiblí amháin ar fáil do pháistí. Gan luascán nó sleamhnán sa chúlghairdín, ní dhéanfaidh tú luascadh nó sleamhnú ar feadh d'óige. Muna bhfuil an cúlghairdín féin agat, tá páirc phoiblí bhreá nua ar fáil faoi dheireadh cois Sionainne; ach cé go bhfuil plean ceaptha le páirc spraoi a chur leis, tá comhairle an bhaile fós ar a ndícheall ag iarraidh an t-airgead a aimsiú chuige.
Ní haon eisceacht é Áth Luain sa scéal seo. Rinneadh taighde cúpla bliain ó shin a léirigh nach raibh ach 200 páirc spraoi phoiblí againn do bhreis is milliún páiste in Éirinn. Tá na caisleáin is na hiarsmalanna a dhéanann freastal samhlaíoch ar pháistí fíor-ghann, ó mo thaithí féin mar thuismitheoir; agus in ollchathair Bhaile Átha Cliath, níl ach ionad spraoi-eachtraíochta amháin faoin aer.
Nuair a bhí an Straitéis Náisiúnta do Pháistí á hullmhú, cuireadh ceist ar 2,500 páiste cad é ba mhó a bhí in easnamh ar a saol. Áiteanna is áiseanna spraoi an freagra, agus do pháistí tuaithe, an cóir iompair le dul ag triall orthu. Dúirt páiste amháin gur léir raidhse beáranna, bialanna is músaem ag daoine fásta dá gcaitheamh aimsire, ach easpa iomlán páirceanna le spórt a dhéanamh ar chláracha scátála. Is cosúil, a dúirt páiste eile, go bhfuil dearmad glan déanta orainne sa sráidbhaile seo, mar níl rud dá laghad ar fáil dúinn le déanamh.
Ach cén fáth, a déarfadh dream nach tuismitheoirí de ghnáth iad, nach bhfuil na páistí úd ag dreapadh ar chrainn is ag imirt cluichí sráide mar a rinneamar fadó?
An fáth, de réir taighde, ná go bhfuil easpa mhór saoirse ar pháistí inniu, seachas mar a bhí 30 is 40 bliain ó shin, toisc brú is contúirt na ngluaisteán inár dtimpeall, agus toisc an scanradh - míréasúnta, dar le go leor - atá tagtha ar dhaoine fásta go bhfuadófar fiú scata páistí atá imithe as a radharc.
Ach deir an taighde freisin gurb é an súgradh is tábhachtaí do pháistí ná dul ag fánaíocht ina gcomharsanacht féin, ar a gconlán féin. Gan é, níl siad ag foghlaim i gceart conas plé lena chéile ná leis an saol mór.
Cnocáin, casáin agus carraigeacha, crainn, sceacha agus uisce: gnéithe aiceanta tíre is mó a éilíonn páistí, chomh maith le réimse maith trealaimh i bpáirceanna spraoi; agus áiteanna oiriúnacha do dhéagóirí le teacht le chéile. Timpeallacht a léiríonn tuiscint is báidh leo, seachas stráicí loma sceirdiúla spréite ar imeall eastáit tithíochta.
Tá dul chun cinn á dhéanamh, más go mall féin é.
Dhá bhliain ó shin a fógraíodh an Straitéis Náisiúnta, agus is anois atá polasaí agus plean gníomhaíochta spraoi á réiteach mar thoradh amháin air.
Tá Oifig Náisiúnta na bPáistí ar bun, faoi scáth na Roinne Sláinte is Cúraim Páistí, agus fochoiste rialtais, a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach air, freisin. Tá spriocanna spraoi ar a gclár oibre, mar aon le mórcheisteanna conspóideacha, mar shampla maidir le cúram pháistí a bhfuil trioblóidí baile is dlí orthu.
TÁ dul chun cinn áitiúil le sonrú, más le coiscéimeanna linbh sin freisin. Go dtí anuraidh, ní raibh oiread is páirc spraoi amháin i gContae Laois ar fad (daonra 53,000). Tá páirc amháin ar fáil anois, tá oifigeach ón gComhairle Contae freagrach as cúrsaí spraoi, agus polasaí curtha ar pháipéar mar bhunús oibre.
Tá údaráis áitiúla is forbartha i gceantair eile ag díriú ar a leithéid chéanna; agus cruacheisteanna maidir le sábháilteacht agus árachas á sárú. Agus tá rampaí is coscanna tráchta eile ag éirí coitianta.
Ach tá céimeanna eile a choinneoidh ar cúl sinn. I mBaile Átha Luain, tá linn snámha ar fáil don phobal le 30 bliain anuas, ar déanadh athnuachan mór air le déanaí. Is iomaí baile is ceantar cathrach eile nach raibh deis snámha phoiblí riamh iontu, áfach; agus nuair a fógraíodh na Meastacháin Chaiteachais tamall ó shin, bhí ciorrú 40 faoin gcéad ar an soláthar airgid le linnte nua a chur ar fáil agus le seanchinn a chóiriú.
Más fíor, mar a deirtear, go bhfuil níos mó galfchúrsaí in Éirinn ná páirceanna spraoi, is meafar grinn é ar na tosaíochtaí a roghnaigh rialtais agus lucht vótála araon go dtí seo. Má tá uainn páistí a mhealladh amach óna gcuid Playstations, caithfimid an costas a íoc, le cánacha ar an bpobal nó ar lucht tógála tí is siopaí.