Crobhingne: Na tuairiscí a shníonn chugainn amach as an Iaráic deir siad linn go bhfuil an tseanbhéist Saddam ag caitheamh a chuid ama ag garraíodóireacht, ag léamh an Chórain, ag alpadh brioscaí agus ag scríobh filíochta.
Ceann de na dánta atá scríofa aige, is dá sheanchara Seoirse Walkyrie na Sceiche é, agus bíodh is nach bhfuil sé foilsithe fós, tá spleáchadh fachta - go heisiatach, mar adeir siad - ag an gcolún seo ar an dán. Bhí smúid áirithe ar an lámhscríbhinn, cóc b'fhéidir, nó braon fola, nó allas na sceimhle agus ní féidir a dheimhniú gurb í seo an scríbhinn údarásach dheifnídeach go dtí an chamóg dhéanach, ach tá sí chomh gairid de bhroim spideoige de is nach ndéanann sé aon phuinn gaoithe difríochta.
Tá an teideal féin mós doiléir, ach deir an t-aistritheoir liom gurb ionann an Arabais agus rud éigin ar nós "Dom anamchara i gcéin". Deir an dara haistritheoir gur cuma nó "Georgia ar m'aigne" atá ann, ach ní fiú dhúinn aon duine a chur chun báis mar gheall ar mhalairt leaganacha.
Mar seo a ghabhann:
"Tá mé gafa agat, a chara liom. Táim faoi ghlas id ghaiste.
Ach tá mise gafa agatsa freisin. Is mé an t-éan id chliabhán ag cleitearnach ar fud do chloiginn. Is mise do chuid sciathán a d'ardaigh os cionn do mheabhrach tú; agus is mise na sciatháin lofa a thabharfaidh anuas san loiscneán coiteann tú.
Tuigimse duitse, agus is mó ná sin a thuigeann tusa domsa. Tuigimid a chéile, agus tuigimid dá chéile.
Thuigeamar beirt an chumhacht. Déan seo, agus dhéanfaí é. Séan seo agus shéanfaí é. An duine a chaitheamh amach as an ingearán, agus a rá leis eitilt! Thuigeamar beirt an t-eagla sna súile.
Gabh agam. B'fhéidir nach raibh sé chomh soiléir duitse agus a bhí agamsa. Chonaic mise gealacán na súl agus iad á dtabhairt amach chun a lamhaite. San nóiméad sin amháin, san fhéachaint sin amháin, is amhlaidh gur thuig siad an saol. Thuig siad don Fhear Mór.
Níl a fhios agamsa an bhfuair tú an t-ardú meanman céanna, an t-ardú coirp agus spioraid, nuair a bhí na horduithe sin á dtabhairt agat in Texas?
Fós féin, bhí cumhacht bheatha agus bháis agat, údarás an chnaipe a bhrú, údarás daoine a fhriuchadh, nó daoine a ligean chun a scaoilte.
Nach é sin an chumhacht is aoibhne ar bith? Cumhacht bháis agus bheatha? Cumhacht bháis go háirithe? Nach é sin an fáth gur uachtaráin sinn?
Braithim dáimh agus gaol leat, a dhuine mhóir. Braithim go dtuigeann tú dom, mar a thuigimse duit. Tuigim mar a chaitheann tú labhairt ar an daonlathas, mar a chaithimse labhairt ar dhínit an chine Arabaigh.
Is mór agam an tslí sin ar éirigh leat toil an phobail a chur i leataoibh i rith an toghcháin. B'éigean duit caolchúis éigin a imirt, rud nár ghá domsa. Déarfainn gur mhaith leat a bheith chomh lom liom féin, ach go bhfuil na habhaic id choinne.
An t-olc a dhéanamh ar son na maitheasa, nach dtuigeann cách é sin?
Ba mhian liom, áfach, do chuid airm a bheith agam féin. Ní leor riamh do thoil a chur i bhfeidhm ar do phobal féin amháin. Tá an saol go léir amach ansin romhat! Cad é nach dtabharfainn ar an aon mhilliúnú cuid ded stór a bheith agam?
Abair led athair mé. Bhíomar mór tráth den saol. Thug sé agus sibh agus do chairde go léir, thug siad dom a bhfuil agam. An gás nimhneach sin ar fad, rinne sé an bheart ar an hAyatollaigh bhuile úd soir uaim. Agus ar na Curdaigh chonchonúsacha ó thuaidh.
Cé a thugann tráithnín liath ar a son? Tá a fhios agam nach dtugann tusa.
Bím ag léamh an Chórain faoi láthair. Tá a fhios agam go léann tusa an Bíobla, mar deirtear go bhfuil léamh agat. Is den leabhar sinn araon.
Tá ceachtanna iontu dúinn beirt. Nach mór an mhistéir iad? Nach iontach an bhrí atá le baint astu, an té a thuigfeadh iad? Agus nach cuma don té a bhfuil an deimheas ina dhá láimh?
Níl ionam anois ach an bhearna idir barraí iarainn. Thóg do chuid cloch mo chuidse éanlaithe chun talaimh.
Is tú Impire an Domhain, go díreach is mar a bhíos im Thiarna idir dhá uisce.
Is tú athair na ndílleachtaithe tú, agus is mé máthair na mban san ár."
D'ith na luchóga an chuid eile den scríbhinn is iad ag triall chun an tórraimh.