Mana o neamh

Crobhingne: Tá sé chomh maith an bhliain úr a thosnú le scéal dóchais

Crobhingne: Tá sé chomh maith an bhliain úr a thosnú le scéal dóchais. Ba cheart dúinn a bheith buíoch ós rud é go bhfuil an Impireacht i gceannas agus go bhfuil Dia lasnairde agus gur eatarthu araon atá an fios.

Ní raibh riamh oiread sin saineolais againn um mheabhair an duine, um theicneolas, um an uile ní a raibh na haoiseanna dorcha dall orthu.

Scéal a chuala mé ar solaoid é ar an dóchas seo. Toisc gur smálaigh fuascailt na hIaráice gach scéal polaitiúil eile le bliain anuas nach mór, tá chomh maith againn a chuimhneamh go raibh an Afganastáin ann roimhe sin agus go raibh breall ar thrumpadóirí an éadóchais ina taobh. Tá síocháin anois i réim, daonlathas soir siar, agus caipitleachas liobrálach ag bronnadh maitheasaí na cruinne ar an bpobal.

Ní gnáth do mhná feasta an búrcach a chaitheamh cé gurb é sin is rogha leo aisteach go leor; agus cé go bhfuil cead acu páirt a ghlacadh i gcúrsaí rialtais is follas go bhfuil múnla na Stát Aontaithe maidir le comhpháirtíocht ban in ardranganna na polaitíochta á leanúint acu.

READ MORE

Ina choinne sin bhí na gnáthdhaoine. Bhí an saol go hainnis acu, gadhar le róstadh anseo, gan gabhar le róstadh ansiúd. Dia le hadhradh nuair ba chuí, Dia eile fós nuair a d'athraigh an rialtas. An mhuintir ba shine bhí cuimhne acu ar Shasanaigh go mustarach ar shráideanna, agus na Rúisigh go fáilí faoi chúinne. Daoine b'óige ná iad mhothaigh siad greim daingean an Tallamhbháin ar a sciúch ach níor chuala siad ceol an diabhail ina gcluasa.

Ba chuma leo íola an Bhúda á scrios mar ba chuma leo cultúir eile agus bhí a fhios acu go vótáilfeadh siad Fianna Fáil nó Fine Gael dá mbeadh sé de chor sa tsaol agus de chasadh an áidh orthu a bheith saolaithe in Éirinn iathghlaiste oileánda.

Bhí bean amháin ann, áfach, agus ba chuma ann nó as iad Sasanaigh, Rúisigh, Tallamhbhánaigh, fundamaintigh nó scaoinseoirí. Is dócha go raibh na mílte dá leithéid ann. Ach is uirthi atáimid ag díriú.

An bhean seo agam, níl fiú a hainm againn. Tuairiscíodh ar tharla di agus is fúinne an chuid eile a shamhlú. Ar a laghad ar bith bhí tásc uirthi. Deonadh cúpla abairt di san nuachtán seo agus i nuachtáin eile nach sinn.

Deineadh dearmad uirthi ina dhiaidh sin ar shlí nár deineadh dearmad ar Diana an tolláin, an bhean b'iontaí agus ba sciliúla agus b'áille agus ba naofa agus ba dhílse agus ba mheabhraí agus ba speisialta agus ba charthannaí dar mhair riamh ar chlár na cruinne.

An bhean seo agam, tugaimis Fatima uirthi. Ainm chomh hIoslamach is a gheobhaidh tú agus macalla críostaí caitliceach tríd, ach b'fhéidir nár cheart dúinn fos a dhéanamh ar a bhfuil comónta eadrainn.

Bhí cónaí uirthi i dteach beag deas cluthair i lár na cathrach Kabul lena haonmhac, Machmad, abair. Maraíodh a fear céile, Machmad Mór abair, mar gur shíl na Tallamhbhánaigh go raibh sé bog ar na Rúisigh agus nár theastaigh uaidh ach saol socair suaimhneach a chaitheamh.

Cé go raibh eagla uirthi roimh na haer-ruathair nuair a nocht siad agus roimh na buamaí nuair a thosnaigh siad ag tuirlingt ar dhaoine eile, thuig sí gur ar a son féin dáiríre a bhí an scrios á dhéanamh. Is ar mhaithe linn féin a dhéanann an buama seordán is ea an nath a bhí aici.

Ceal bia bhí ocras uirthi mar a bhí ar a chomharsana. Chonaic sí buachaillí na sráide ag ionsaí na láithreán súp agus lucht phócaí a phiocadh i mbun gnímh ar chorpáin na lánaí. D'fhair sí na garsúin ag imirt mirlíní le súile na marbh. Lasmuigh dá doras bhí fleá bóthair ag ainmhithe na háite.

Chuala sí go raibh bia ag titim ó na spéartha, ó fhlaitheas an domhain. An flúirse anuas seachas aníos ón talamh mar a bhíodh sa seansaol. Pacáistí beaga buí luchtaithe le him chnó pise, le sceallóga arbhair, le candaí flas, le huachtar reoite, le bugairí Mhic Dhomhnaill, le tortóig úill, le fístéipeanna cairde, le heornain phopach, le cóil chócach, le leáchán leachtach, le milseog Mhicilín na Luiche, le Seosamh slapach agus le cáis móide Mac Uí Ruanaigh. Cé nach santódh iad?

Nuair a thuirling an pacáiste ar a díon agus nuair a thit an díon isteach agus leagadh an teach anuas uirthi féin agus ar a mac ní móide go raibh caoi aici ar mhachnamh a dhéanamh ar na hiontais a bhí istigh ann. Tuairiscíodh ar na nuachtáin áitiúla gurbh iad a briathra déanacha gurbh fhiú a braon fola.

Beidh a thuilleadh mana ó neamh chugainn i mbliana.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar