Paidir 'nua' an spóirt

Beocheist: Nach iontach go deo é an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag freastal ar na cluichí i bPáirc an Chrócaigh …

Beocheist: Nach iontach go deo é an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag freastal ar na cluichí i bPáirc an Chrócaigh agus in ionaid eile tríd an tír i rith an tSamhraidh sna blianta deireanacha seo?

Agus nach iontach mar an gcéanna í an fhorbairt ar an spéis sna cluichí ina measc san nach mbíonn i láthair ag cluiche ar bith díobh ach a chorraítear mar sin féin le gliondar na hócáide agus leis na héachtaí a bhíonn á gcur i gcrích ag na himreoirí agus ag na bainisteoirí, ag na traenálaithe agus ag na hoifigeoirí go léir a chabhraíonn leis na himeachtaí a eagrú?

Léigh mé tuairisc sna nuachtáin le déanaí faoi eaglaiseach éigin bheith ag gearán gurb ionann agus reiligiún nua é an spórt sa tír seo anois agus tagaim cuid maith leis an bhfear macánta.

Ní aontaím leis, áfach, gur reiligiún "nua" é an spórt: sa taobh tíre inar rugadh agus inar tógadh mise, mar shampla, bhí an iománaíocht ina "reiligiún" againn i gcónaí, agus níl amhras orm ach go raibh go leor áiteanna eile ann go bhféadfaí an scéal céanna a insint fúthu, cibé acu arbh í an iománaíocht nó cluiche éigin eile a bhí i gceist. Ní dochar ach a mhalairt a dhein san dúinn, go deimhin, ná "ní heol dom gur náire dom é".

READ MORE

Ach feictear rud amháin dom faoi chluichí an lae inniu a chuireann isteach orm beagáinín, is é sin go bhfuil an luas agus an spreagadh le sonrú chomh mór san orthu gur lú dá réir é an cumas - nó, go deimhin, an fonn - a bhíonn ag an lucht freastail an smaoineamh fuar a dhéanamh agus an bhreith mheáite a thabhairt ar na nithe atá ag tarlú os comhair a súl.

Ag cluiche amháin le déanaí deineadh calaois nár fhág an dara rogha ag an réiteoir ach imreoir a smachtú. Tharla sé glan os mo chomhair amach agus ní raibh ceist dá laghad faoi cad díreach a deineadh agus cé bhí ciontach as.

Ach níor chuir san bac ar bith ar scata a bhí thart timpeall orm bheith ag caitheamh gach masla ba mheasa ná a chéile leis an moltóir agus iad á dhearbhú, nár deineadh rud ar bith as an gceart agus, cibé scéal é, gurbh é an t-imreoir mícheart a phioc sé amach.

Agus, dochreidte agus uile mar atá sé, ní raibh ceist dá laghad orm ach gur chreid an uile fhear is bhean díobh nach raibh ach lomchlár na fírinne sa mhéid a bhí á rá acu.

Nuair a bhíos óg ba é adeireadh mo mháthair liom, nuair a bhínn ag iarraidh an táille bhus chun na scoile a mhealladh uaithi, ba é a dhearbhaíodh sí ná go gcaillfinn cumas na gcos ar fad mura mbainfinn úsáid astu go rialta agus go dtí an lá atá inniu ann siúlaim i gcónaí mara rogha ar leas a bhaint as córas taistil ar bith eile.

Anois tá imní orm féin gurb é atá i ndán do mo chomh-Éireannaigh agus do mo chomh-chréatúir dhaonna ar fad ná go gcaillfidh siad an cumas smaoinimh mura gcasann siad ar úsáid a bhaint as dóibh féin in áit ligint do dhaoine eile an méid sin a dhéanamh thar a gceann.

Níl mé chomh saonta lena bheith ag coinne go bhféadfadh gach mac máthar dínn bheith ina mhachnóir domhain diamhrach; ní luífeadh san le ciall ná, go deimhin, le nádúr, agus ní fhéadfadh gach neach dínn bheith ina threoraí ag an bpobal. Tá gá chomh mór céanna leis an saighdiúir singil in arm an chine dhaonna is atá leis an oifigeach dá fheabhas.

Ach ní mór í an iarracht is gá le go mbeadh tuairim réasúnta chiallmhar ag duine faoi cheist éigin a bheadh idir chamáin i measc an phobail.

Ná níor ghá go mbeadh fear ina shaoi le go dtuigfeadh sé nár chóir, mar shampla, gluaisteán a pháirceáil ar chosán ar dhóigh a chuirfeadh d'fhiacha ar shiúlóirí an bóthar a úsáid agus iad féin a chur i mbaol sa trácht a bhíonn ag scinneadh thar bráid.

Ar ndóigh, tá an saol ina mairimid inár gcoinne. Is cosúil gur beag duine eile a dhéanann smaoineamh agus mar sin ní fheicimid féin aon chúis go gcuirfimis an stró orainne é a dhéanamh.

Más é an tóir ar an rathúnas nithiúil is aidhm dár gcairde agus dár lucht aitheantais, agus má tá ag éirí chomh maith san leo, ní fheicimid gur fiú cuspóir ar bith eile a tharraingt chugainn inár saol. Ná níl cúis againn lena bheith buartha faoi leas ár gcomharsan - nach bhfuil seisean in ann cúram a dhéanamh dá ghnó féin?

Is dóigh liom gurbh é Marx adúirt nach raibh sa reiligiún ach "the opium of the people" agus feictear domsa gurbh é an bunsmaoineamh céanna a bhí leis an méid a bhí le rá ag an eaglaiseach úd. Ar éigean go bhféadfadh sé bheith á chur féin san aon champa le Marx.