Tá mé ag foghlaim Gearmáinise le 25 bliain. Thosaigh mé ar scoil, agus chaith bliain (mhírathúil) amháin á staidéar ar ollscoil.
Ó shin i leith, fúm féin a bhí sé an teanga a cheapadh. D'fhreastail mé ar ranganna oíche do dhaoine fhásta; tá dlúthdhioscaí agam agus breathnaím cláir theilifíse.
Is ionann mo chuid Gearmáinise agus Gaeilge neamhghníomhach na ndaoine sin a chastar ort agus a deir go hionraice go raibh Gaeilge acu lá den saol ach nach bhfuil sí acu a thuilleadh siocair gan deiseanna bheith acu í a labhairt. Tuigim dóibh. Castar an corr-Ghearmánach orm anois agus arís agus brúim mo "chúpla focal" orthu sula dtiontaím ar an Bhéarla, mé náirithe arís as m'éagumas.
Ní ghéillim ar fad. Tá luach agam ar an bheagán den teanga atá agam; santaím Weltanschauung difriúil sa teanga a thug an focal dúinn an chéad lá riamh. Léim liom - téacsanna dátheangacha nuair atá faill orthu agus idir nuachtáin agus irisí nuair atá an t-am agus an misneach agam dua an fhoclóra a tharraingt orm féin.
Bhí mé ag léamh an nuachtáin Die Zeit an tseachtain seo caite agus chonaic seo: "Irakische Soldaten und US-Marineinfanteristen nahmen das Zentralkrankenhaus und zwei strategisch wichtige Euphrat-Brücken ein."
Tuairisc atá ann ar an ionsaí a rinne Marines Mheiriceá ar Falluja agus bhuail na focail - Brücken - i gclár an éadain mé mar a bheadh casúr ann. "Brücken," a chiallaíonn droichid. Tháinig teideal an tsaothair ar ais chugam: "Auf der Brücke" (Ar an Droichead) gearrscéal de chuid Heinrich Böll, údar Gearmánach.
Baineann an scéal le hiarshaighdiúir de chuid an Wehrmacht nach n-ainmnítear. Gortaíodh a chos sa Dara Cogadh Domhanda. Dá bharr sin, tugann na húdaráis post dó ar dhroichead. Suíonn sé an lá ar fad agus é ag déanamh cuntais ar na daoine a thagann an droichead anonn. Déanann sé cuntas ar gach duine - ach amháin a Geliebte, strainséir de bhean nach eol di é bheith ann ach a bhfuil grá aige di i ngan fhios don saol.
Scéal beag atá ann ach scéal mothálach. Tuigeann an léitheoir gur de bharr cogaidh a gortaíodh an fear; tuigeann sé nach ionann an fear atá ar an droichead agus an fear a mhair roimh an chogadh.
D'athraigh an cogadh é - ar bhonn fisiciúil agus ar bhonn intleachtúil fosta. Níl misneach ar bith aige forrán a chur ar an bhean; maireann sé faoi scáil a chuimhne féin agus, gach seans, na rudaí a rinne sé agus a chonaic sé.
Suíonn sé ar an droichead faoi smál, imníoch neamhiomlán; ghoid an foréigean cuid dá dhaonnacht de.
Thuig Böll cogadh mar bhí sé féin ina shaighdiúir sa Wehrmacht lena linn agus ní hiontas nach raibh sé ábalta éalú ar a thionchar. Tá rian an chogaidh le feiceáil ar mórán eile scéalta dá chuid.
Is iad na cinn is ciúine a théann i bhfeidhm ormsa de bharr mo ghreim éiginnte ar an teanga. Cuireann sé síos ar chruálacht an státseirbhísigh i leith iarshaighdiúra in "Mein teures Bein" ("Mo Chos Chostasach").
Pilleann saighdiúir ar leathchois abhaile agus diúltaíonn do na mionjabanna suaracha a thairgeann feidhmeannach fostaíochta dó. Cliseann ar fhoighid an fheidhmeannaigh agus cuireann sé i gcuimhne don saighdiúir an costas a bhaineann leis an ghortú a d'fhulaing sé; beidh siad ag íoc airgid leis go ceann blianta de bharr é bheith folláin - bíodh sé ar leathchois nó ná bíodh.
Is go leochaileach a chuireann Böll síos ar chás na sibhialtach sa scéal "Die blasse Anna" (Áine Mhílítheach).
Tá iarshaighdiúir eile i ngrá le siabhaltach mná a gortaíodh go dona in ionsaí buamála de chuid an RAF.
Is de réir a chéile a thagann a mhisneach chuige forrán a chur uirthi agus caidreamh nua a bhunú i ndiaidh an uafáis. Agus tá a úrscéal Wo wärst du, Adam (Cá raibh tú, a Adaim?) ar chur síos chomh daonna ar ghráin agus ar éigéill an chogaidh agus atá ann.
Déanann cogadh éagórach smidiríní de dhaoine ar gach aon bhealach; ní furasta an duine - idir aghaidh agus anam - a fhí le chéile arís i ndiaidh an philéir nó an phléascáin.
Agus seo arís macalla cuid focal Böll ag scairteadh orainn as aois a shíl muid bheith imithe: Brücken. "An tsean-Eoraip" a thabharfadh lucht an Tí Bháin air sin, gan amhras. Ní fíor. Cuimhníonn muidinne sa Sean-Domhan ar fhírinní a cheileann daoine sa Domhan Úr orthu féin.
Tá Falluja faoi smacht agus tá an Iaráic líon lán le teures Bein agus sliocht blasse Anna. Wir sind an der Brücke. Tá muid ar an droichead. Noch einmal. Uair amháin eile. Níor cheart go mbeimis.