Beidh Tionól Chumann na Sagart ar Chnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo, ar siúl idir an Mháirt 13ú go dtí an Déardaoin 15ú Aibreán.
Is é "Cé hé Dia ár Sinsear?" an téama a bheidh ann i mbliana. Déanfar plé ar íomhánna de Dhia atá le fáil i gcreideamh na ndaoine, i litríocht an chreidimh agus sa litríocht.
Is é an Canónach Tadhg Ó Móráin a thabharfaidh an chéad léacht ar "Pobal, Diagacht agus an Ghaeilge in Aimsir Trent"; labhróidh Marie Whelton, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ar Aodh Mac Aingil agus a dhán "Dia do Bheatha, a Naí Naoimh" agus labróidh an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, údar is aistritheoir, ar "Duan Chroí Íosa" le Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin.
Beidh Ceoltóirí Chór Charna i láthair fosta. Tá socrú ar leith déanta ag an chumann le Teach Chnoc Mhuire go mbeadh idir lóistín agus léachtaí ar fáil ar €175 (£130 Steirling). Eolas: 01-6633900 nó 048-79632196.