D’imigh an 4ú lá d’Iúil thart an tseachtain seo caite gan aon róthubaist.
Sin an lá a ngabhann na Poncánaigh buíochas ar son rud éigin nach bhfuil aon dream eile cinnte ina thaobh seachas iad féin.
Níor déanadh ionradh ar aon tír nua mar cailleadh roinnt léarscáileanna sa Phentagón agus ní rabhthas in ann leithscéal a chumadh in am.
Chodail Some Young Wan go sámh ina leaba fhlocais in Pong Yang, agus shínigh Hassan Rouhani ar a mhata in Tehran, mar beidh sé ag teastáil go dóite uainn i gcoinne ISIS agus Omar al-Baghdadi nó pé mullah mire atá amuigh ansin inniu.
Is fíor nach raibh picnicí ag na hAlgonquiní ná na hAbenscíí ná na Moheganaí ná na Penobscotaí a bhfaca a sinsir na longa sa chuan sna laethanta mí-ámharacha úd i Samhain 1620. Ceist Ceist ghasta: ainmnigh aon bhundúchasach Meiriceánach amháin atá go mór i saol an phobail i láthair na huaire, sa lá atá inniu ann, lenár linn, anois?
Beidh ort ligean dod chuid ingneacha fás chun a thuilleadh tochais chloiginn a dhéanamh.
Tá lá mór na Meiriceánach geal ar eolas againn; ach is mó sin féile spéisiúil a ghabhann thart gan aon ró-iomrá air.
Tá féile ag an Eaglais Chaitliceach gach lá sa bhliain, féile naoimh éagsúla atá báite sa seanchas, agus dá aiteacht cuid acu dúinne inniu, is mó is airí go leor acu ar chomóradh seachas an dornán de theifigh ó Shasana a shocraigh go dteithfeadh na mílte óna dtithe ina dtírfhearann féin.
Inniu féile Nuestra Senora de la Paz de réir seandialainne Spáinnise a bhíodh im phóca (agus táim ag déanamh talamh slán de nach raibh sin ar eolas agat).
Amárach cuimhneofar ar na naoimh Rúifína agus Seconda (a bhíodh i gcónaí sa dara háit), agus ar dícheannaíodh iad i ngeall ar a gcreideamh, chomh fada siar leis an mbliain 257 a.d.
Ní tharlaíonn sin níos mó, ach is eol dom daoine a bhfuil súlach lena mbéal ag coinne go dtarlódh arís.
Is fuiriste fós a dhearmad go raibh féile na Naomh Coireall agus Meathóidius ann Dé Luain seo caite.
Beidh tú ag tochas do chinn arís maidir leis an mbeirt seo, ach tá baint dhlúth chomhthreomhar acu linn. Hataí Tá an bhaint chéanna acu le hoirthear na hEorpa agus atá ag Pádraig linne – gan an deoch agus na hataí leipreacháin.
Má dhaingnigh Pádraig an Chríostaíocht inár measc ar feadh tamaill, dhaingnigh chomh maith céanna an litearthacht.
Bhí daoine in ann nithe a bhreacadh ar chraiceann ghamhna marbha agus n-iompar, seachas iad a ghreanadh ar chloich agus a fhágaint i bpoll sa pháirc.
Fan liom.
Aireagán d’aireagáin an duine is ea an scríbhneoireacht.
Níos tábhachtaí ná an cuisneoir ná an teileafón ná an seol ná an t-arán ná an photadóireacht ná an bhaincéireacht (go háirithe).
Má thug Pádraig dúinne í, bhí aibítir á seachadadh aige chugainn a fuair sé le hoidhreacht.
Is amhlaidh gur dhein Coireall agus Meathóidius aibítir dá gcuid féin a chumadh a bhí in oiriúint do na teangacha Slavacha.
Agus má tá Lá le Pádraig againne, tá lá aibítre agus cultúir agus litríochta in onóir na beirte seo go bliantúil sa Bhulgáir.
Is í an aibítir a chum siad ná an aibítir atá ag an Rúisis inniu go príomha, ach atá chomh maith ag Seirbigh, Montainéagróigh agus suas le 200 milliún duine ar fad sna tíortha sin nach bhfuil ina mbagairt níos mó dúinn, ach nár mhaith linn puinn sa bhreis eolais a bheith againn ina dtaobh.
Mar is dual do scoláirí níl aon aontú ann maidir leis na bunfhoirmeacha a bhí ag an aibítir álainn seo.
Tá go hálainn ann féin, dar liom, ach tá go háirithe álainn má tá ocras ort agus tú in oirthear na Bulgáire, ceal McDonalds agus tú aineolach ar na litreacha a chuir Coireall Naofa ar fáil.
Deirtear gur aibítir eile ar fad a chum siad arb í an tsamhail a thabharfá do na litreacha ann ná, ar a seal, cloigeann ciaróige, nó orláiste uibhe, nó teileafón droim ar ais, nó crann crochta, nó bolg a bhfuil saighead tríd, nó seamróg chúig dhuilleach nó rud ar bith eile a bhfuil do shamhlaíocht dall air i gcás d'aibítre féin. Comóradh
Is de shuimiúlacht dúinne go bhfuil tír amháin ar domhan a chuireann lá i leataoibh ar son comórtha a haibítre agus a cuid scríbhneoireachta féin.
Tá an t-earra aisteach seanfhaiseanta gránna táir sin ag baint leis an mBulgáir, tá siad mórálach as rud éigin a thairg siad don domhan mór seachas an fhuip a thabhairt amach d’fhonn a lascadh féin le pléisiúr.
Ní gan fáth a d’fhiafraigh scoláire Sasanach le déanaí cén fáth a bhfuil fuath ag scríbhneoirí na hÉireann dá dtír féin.
Ba dheacair a shamhlú go mbeadh lá saoire litearthachta agus litríochta againn mar atá ag an mBulgáir, seachas ar son na turasóireachta.