Duine cantalach cancarach cnáimhseálach ba ea Patrick Kavanagh. Nó b’in an teist a bhí air dar le lucht aitheantais áirithe. Croí óir a bhí aige dar le daoine eile ar mhó fós a n-aithne air, agus é chomh mín le cat, fara béasa mar a bheadh ag banphrionsa sa síscéal de réir Disney.
Is cuma, gan amhras, tá sé imithe uainn le leathchéad bliain anois agus is í an fhilíocht an t-aon rud a mheánn. Tá an fhilíocht sin éagothrom, bearnach, garbh, bacach ar uaire, lán de phoill a gcuirfeá do rúitín amach iontu ar bhóithre, ach mhaithfeá rud ar bith dó toisc é a bheith paiseanta. Níorbh aon scríbhneoir Domhnaigh é, cleite in aon lámh amháin leis agus púdar tailc sa cheann eile.
B’é an paisean sin an t-inneall a chuir tine faoina chuid ealaíne, is a ardaíonn os cionn éigsíní na ndánta aimlithe agus na véarsaí anoireicseacha is na gceathrúna caola é; ach is é an paisean sin, leis, a fhágann go raibh sé go minic botúnach, bundúnach, breallsúnta agus go díreach dearg amú.
Cé gur bhain sé le hOirialla, ceann de na ceantair is cáiliúla éigse sa tír, bhí sé glan bán aineolach ar litríocht na háite. Seans gur chuma leis, ach gur scribleáil sé dán amháin ina bhfuil tagairt d’Art Mac Cumhaidh faoi mar a bheadh sé ag ligean air gurbh eol dó cérbh é.
Scríobh sé, leis: “They (filí Oirialla) were not great poets, they absorbed the little lanes and fields and became authentic through them.”
Bhuel, n’fheadar faoi Art, ach file mór siar amach ba ea Séamas Dall Mac Cuarta, agus tá cúpla dán ag Peadar Ó Doirnín a bhrisfeadh croí ‘Great Hunger’ Paddy Maguire, dá dtuigfeadh sé a raibh iontu.
Tá cáil ar Epic toisc gurbh ann a nocht sé a chreideamh gurb é an eachtra áitiúil croí na cruinne, agus luann gur chogair taibhse Hóiméir ina chluas "I made the Iliad from such/A local row." Ochón, tá sorry orm, ach níorbh aon scliúchas beag áitiúil é cogadh na Traí, ach feachtas fuilteach ina bhfuair na mílte bás de réir an dáin. Bhí an t-ádh le McCabe agus le Duffy nach raibh siad gar dó.
Ba chóir díotáil i bhfad níos géire a dhéanamh ar Memory of Brother Michael, ceann de na dánta is measa, agus is amaidí, agus is gránna, agus is aineolaí dar chum file Éireannach ar bith riamh. Faraoir, tá sé ar eolas ag daoine. An bhfuil línte ar bith níos contúirtí ná: "When Drake was winning seas for England/ We sailed in puddles of the past."?
Ar an gcéad dul amach níl sin fíor; ach is measa go dtuigtear as gur beart ar fónamh é a bheith “winning seas”. Tharlódh nár chabhair ar bith iad droimníní Mhuineacháin d’fhonn féachaint thar íor liath na spéire agus radharc a fháil ar Drake ag déanamh áir in Patagonia nó ag díol agus ag ceannach sclábhaithe.
Maidir le hÉirinn a bheith ina “nettle-wide grave”, sa chás is go raibh aon bhunús leis – rud nach raibh – bhí sé róthiubh chun an ceangal a dhéanamh idir na longa úd ar muir ar thagair sé dóibh agus na neantóga céanna.
Braitheann tú, áfach, go raibh sé lánoiriúnach go bhfuair Drake bás den bhuinneach, eachtra a chuirfeadh críoch chuí leis an dán.
Ceann de mhíorúiltí an duine is ea an file, an ceardaí focal, an múscailteoir aoibhnis, an neach gaoismhear a roiseann an chaille anuas de leamhas an lae.
Ar mhí-ámharaí na cruinne, áfach, ní foláir dó leathchois éigin a choimeád ar an bhfírinne stairiúil, go háirithe nuair atá sí in aice láimhe.