Uaireanta ní mhaireann id chuimhne ach iarsmaí leabhair a léigh tú. Cé go bhfuil cúpla eachtra den stair mhór Berlin: the downfall a scríobh Antony Beevor dingthe im aigne, fanann go háirithe scéal an bhairille vodca. Díorma de shaighdiúirí Sóivéadacha a tháinig slán ó Stalingrad, a bhí buacach sa chath is mó dár troideadh riamh ag Kursk, a ghlámáil urchar ar urchar trasna oirthear na hEorpa gur chloígh na Naitsithe Gearmánacha sa deireadh ar shráideanna Bheirlín, is amhlaidh gur ól siad as bairille lofa Vodca sa chomóradh a bhí acu tar éis a mbua. Fuair scata acu bás. Smaoinítear air. Craobh na beatha á baint díot agus é go díreach id ghlaic agat.
B’é a dhála sin é ag saighdiúirí de chuid na Breataine ag filleadh abhaile ón gcogadh mór an oíche seo cruinn díreach tá 100 bliain ó shin ann. Thóg sé roinnt seachtainí na socruithe cuí a dhéanamh gach duine a thabhairt abhaile a tháinig slán ón ár nuair a fógraíodh deireadh leis an gcogadh mí na Samhna 1918. Bhí go leor acu mionnaithe a bheith ina dtithe féin i gcomhair oíche chinn bliana mura bhféadfadh siad a bheith ann don Nollaig.
Chuige sin a ghluais an long ‘An Iolaire’ amach as Cuan Loch Ailse ar chósta thiar na hAlban le 283 de mhairnéalaigh, de shaighdiúirí agus d’fhoirinn ar bord le dul go dtí Steórnabhagh, príomhbhaile Oileán Leódhais. De mhuintir an oileáin a bhformhór mór, go leor acu nach bhfaca a mbaile féin ó thosnaigh an cogadh ceithre mbliana roimhe sin. Breis agus 6,000 óigfhear ón oileán sin a chuaigh in Arm na hImpireachta le linn an uafáis, agus maraíodh an cúigiú cuid díobh nach mór. B’é sin an ráta b’airde de dhaoine a maraíodh as ceantar ar bith sa ríocht.
Dá réir sin, bhí a muintir réidh ullamh faoina gcomhair. Bhí stiallbhratacha agus meirgí fáilte amuigh ar na sráideanna agus ar an gcé, gan trácht ar na hullmhúcháin phearsanta agus teaghlaigh faoi leith i ngach aon bhaile ina raibh fear ag teacht ar ais slán.
Níor mhar sin a tharla, áfach. Ar a slí isteach don chalafort, bhuail an long sraith ghéar de charraigreacha a bhfuil Biastan Thoilm mar ainm orthu, agus chuaigh go tóin poill laistigh de scór slat ón gcladach. Báthadh breis agus 200 go mear. Chonaic siad siúd an talamh, agus chonaic a raibh ar an talamh a raibh ar siúl san uisce. Ba bheag ab fhéidir a dhéanamh.
B’í seo an tubaist mhara ba mheasa sa Bhreatain aimsir síochána ó chailleamh an Titanic. Dá olcas is mar a bhí sin ann féin, leag sé smál dorcha éadóchais anuas ar Oileán Leódhais ar feadh cúpla glúin ina dhiaidh sin. Scriosadh scoth na bhfear n-óg cheana féin amuigh sa bhFrainc, agus b’eo sciar mór eile díobh ag imeacht d’aon scuabadh amháin agus iad i radharc an chladaigh féin.
Tháinig an fiosrúchán poiblí ina dhiaidh sin, mar a thagann. Slí do 100 duine le ceart a bhí ar an long, agus gan ach áiteanna do dhaichead sna báid tarrthála. Bhí bróga troma saighdiúireachta ar a raibh istigh, agus éadaí geimhridh dá réir. Ní raibh aon chiontacht phóite i gceist i gcás na foirinne, ach puinn taithí ní raibh ag an gcaptaen ar shoitheach mar é a thabhairt i dtír ar chalafort Steórnabhaigh, ball contúirteach thar meon de ló nó istoíche.
Ba mheasa fós gur déanadh iarracht ar an mbád scriosta a dhíol laistigh de choicíos, agus ceithre scór corp fós ar iarraidh. Ba bheag an meas a bhí riamh ar Ghaeil na hAlban le linn cogaidh nó síochána. Ní móide go bhfuil aon athrú air sin go nuige seo.