B’í an t-aon uair amháin go bhfaca mé eagla ar aghaidh mo mháthar maidir le cúrsaí an domhain mhóir de ná aimsir géirchéime Chúba.
Tháinig mé abhaile ón scoil am dinnéir agus is í a bhí mílítheach mar go raibh bagairt chogaidh núicléigh ann idir na Stáit Phoncánacha agus an Rúis Shóivéadach amuigh ansin.
Ní hé gur thuig éinne de lán na beirte againn cad a bhí i gceist, ach bhí an spéir dhorcha ramhar le bagairt an chogaidh.
Eagla an bhuama a bhí uirthi, gan amhras, eagla go raibh gléas amuigh ansin a thabharfadh an cine daonna féin chun críche. Bhí an saol beo le heagla an bháis a bhí romhainn.
B’é an buama adamhach a scrios an tSeapáin dar leis an insint choiteann. B’é a thug orthu géilleadh i ndeireadh thoir 70 bliain ó shin.
B’é eagla a bhí orainn aimsir ghéirchéime Chúba ná go mbeadh na buamaí sin á scaoileadh anuas hólas bólas, agus go mbeadh deireadh gan deo linn ar fad. B’é an buama an buachaill mór, agus an buachaill dána agus an buachaill ramhar a chuirfeadh deireadh linn ar fad.
Is beag tír eile ar domhan ina léirítear íogaireacht na gcuimhní is na gcomórthaí staire ná sa tSeapáin féin.
Is sinne atá dár suathadh timpeall ar na blianta seo ina bhfuilimid idir seacht gcatha cuimhne na Féinne ar chóir an tÉirí Amach a chomóradh (ba chóir), arbh fhiú Cogadh na Saoirse (b’fhiú), ar sceimhlitheoirí iad trodairí gach uile bhriogáide (b’ea), agus an mbeimis níos fearr as dá bhfanfaimis sa Bhanríocht ghéillseanach (ní bheadh).
I gcás na Seapáine, áfach, ar éigean gur admhaigh siad riamh gurbh iad a chuir tine leis an Áis, go raibh chomh barbartha le Genghis Khan, chomh fíochmhar le hAttila agus é i mbun áir.
Is iad atá mungailteach faoin sléacht is faoin scian-sa-bholg a rinne siad, go minic le pléisiúr, ar chiníocha laga na gceantar máguaird. Níor admhaigh, is ní admhaíonn fós gur peaca in aghaidh an tsolais a éiríonn san oirthear ach a shoilsíonn orainn ar fad ba ea gach gránnacht a himpireachta a bhí chomh gránna sa choncas le himpireacht ar bith eile.
Is í ceist a chiapann coinsias an iarthair, ar ghá an buama adamhach, agus an dara buama adamhach chun na bhfear mbuí a thabhairt chun réitigh.
Ní fíor ar fad go gciapann an cheist coinsias an iarthair mar is cineál d’ocsaí mórónach é sin; ach ceist í a bhaineann leis an malairt stairiúil.
Cuir i gcás nár déanadh brus braonach agus gal gásoigheanda den 170,000 éigin duine plus sin in Hiroshima agus in Nagasaki, an mbeadh an tSeapáin sásta géilleadh agus teacht ar shocrú síochána?
N’fheadar aon duine, ach an oiread le n’fheadaracha eile na staire.
Is cinnte go raibh buíon ann ar son na síochána i measc na gcinnirí míleata i dTóiceó, agus dream eile a throidfeadh go dtí an leanbh deiridh.
Ar leith amháin b’fhíochmhar an chosaint a dhein na Seapánaigh ar Okinawa agus ar Iwo Jima; ach ar éigean go raibh teicheadh níos mire i stair gach teicheadh riamh ó aimsir Chionn tSáile le scaipeadh na nUltach meata ná rásaíocht na Seapánach ó na Rúisigh i Manchukuo. D’imigh siad chomh tapaidh sin nárbh fhéidir breith suas leo.
Ní raibh giorranáil na Rúiseach inchomórtas le cosa gasta na Seapánach. Ní móide gur fianaise í sin go gcosnófaí an mhórthír go dtí an deoir dheiridh thiar thall.
I dtosach an chogaidh shíl na Seapánaigh go raibh siad dochloíte. Níor buaileadh riamh iad. Bhí an ghaoth naofa leo. Go fiú is nuair a bhí an scríbhneoireacht ar na milliúin corpán, bhíothas ann a shíl nach bhféadfaí iad a chloí.
Is é an bualadh míleata agus an gabháltas eachtrannach an ceacht is fearr is féidir leis an saol a theagasc d’amadáin impiriúla a shamhlaíonn go bhfuil siad lasmuigh de dhán na staire.
I gcás na Seapáine dhe ba dhóigh leat gur leor gur scriosadh cúig chathair ar fhichid an tseachtain go díreach sular muisiriúnaíodh Hiroshima. Ach fós bhíothas ann nach raibh sásta géilleadh.
Is féidir áiteamh láidir a dhéanamh gurbh é forógra cogaidh Uncail Seosamh Stailín ar an tSeapáin an lá céanna nuair a bladhmaíodh Nagasaki ina smidiríní a chas aigne an Impire.
B’fhearr géilleadh d’Uncail Sam ná d’Uncail Seosamh. Cé a thógfadh orthu é?
Coir in aghaidh na daonnachta ba ea leagadh na mbuamaí adamhacha.
Ach an bhfuil arm ar bith nó cogadh ar bith nó náisiún ar bith a tháinig slán ó choir in aghaidh na daonnachta?
Is é an chéad éileamh ná gan dul chun fola sa chéad áit.