Níor cheart dom an Béarla a mholadh thar an Ghaeilge. Ní hé go bhfuil gráin agam ar an Bhéarla. Leoga, cuid de na cairde is fearr atá agam is Béarlóirí iad agus daoine deasa iad leis. Mar sin féin, ná moltar Béarla buí na banríona barraíocht.
Tá go leor cairde ag an Bhéarla agus tá an Béarla éigeantach le feiceáil gach aon áit – ar chomharthaí bóthair, ar ollmhargaí, ar éadaí, ar an teilifís – agus tá sé le cluinstin fud fad na cruinne agus sna ceantair is iargúlta de chuid na hÉireann.
Sea, tá an Béarla buí gach aon áit, sna ceithre hairde, ag alpadh theangacha eile na cruinne siar diaidh ar ndiaidh agus tá lucht na Gaeilge, oiread chéanna le dreamanna eile, ag déanamh a ndíchill a dteanga dhúchais a chosaint.
Béarla – an namhaid dhomhanda!
Ach, ina ainneoin sin, tig leis an Bhéarla féin ábhar gáire a thabhairt duit.
Bhí mé ag coisíocht liom i mbaile beag agus chonaic mé bialann Shíneach a raibh “Kung Food” uirthi!
Anois, abair tusa do rogha rud faoin Bhéarla ach tig le lucht a labhartha bheith an-chliste.
Níorbh fhada, ámh, go raibh ábhar grinn i nGaeilge agam. In iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh dom, chonaic mé fógra taobh amuigh de shiopa agus iad ag iarraidh daoine a mhealladh isteach chun caifé a cheannach.
“Tiocfaidh ár latte” a bhí ar an fhógra!
An teanga nach bhfuil láidir... póm