Tá tuairiscithe go bhfuil stádas oidhreachta cultúir idirnáisiúnta bronnta ag UNESCO ar an iomáint. Nach iontach é!
Mar chuid den ghradam seo gealltar go ndéanfar cosaint agus caomhnadh ar an gcluiche agus go ndéanfar gach dícheall ar mheas a mhéadú uirthi.
Is é oighear an scéil, áfach, thar chluichí uile na hÉireann gurb í an iomáint is lú a bhfuil cosaint agus caomhnadh a dhíth uirthi – seachas sna contaetha sin atá róleisciúil lena himirt.
Má tá gá le tarrtháil ar chluiche ar bith a bhfuil gean áirithe ag an bpobal air, is é an sacar é. Bíodh go bhfuil níos mó daoine á imirt ná cluiche ar bith eile ar fhaiche, ar shráid, nó sa chúlghairdín, tá an caighdeán go hainnis suas is anuas le tíortha eile nach bhfuil cáil na caide sin orthu.
Áirítear an Túinéis, an Iaráin, an tSeineagáil agus na Poncánaigh féin a bheith níos fearr go mór ná sinn, ach is beag duine a chuirfeadh geall go ndéanfaimis an bheart ar San Marino ná ar an Vatacáin féin go fiú is mura mbeadh dhá Phápa ag guí ar a son.
Chuige sin an t-athrú réime bainistíochta an tseachtain cheana, an seanmhadra á thabhairt ar ais le súil is go mbeadh a ghlam níos airde ná amhastrach na ndaoine a chuaigh roimhe.
Ní hé nach raibh torthaí ar fónamh anois is arís go fánach ann is as ó am go chéile ag O’Neill agus ag Keane, ach ba dheacair na cluichí deiridh a fhulaingt muran sádmhasacach ar fad tú.
Bhí a raibh ar siúl os comhair do dhá shúil chomh leamh le tráthnóna fliuch i dTuaim Uí Mheára, chomh fadálach le Pride and Prejudice, chomh hintuartha le Fair City, chomh codlatach le Rip Van Bhinkil, chomh purgadóiriúil le hionga i bhfeoil.
Bhí amhras riamh orm gur chóir duine a raibh OBE aige a chur i mbun foireann phoblachta.
Bhí athrú réime chomh maith ag na rugair bhugair. Tá an chuma air go bhfuil an rugaraíocht slán, tá idir airgead agus aicme acu, liathróidí ubhchruthacha, agus matáin ar a gcuid imreoirí nach mbíonn de ghnáth ach ar tharracóir.
Fara sin, tá gean na meán orthu agus staidiam breá ar leo le hoidhreacht é in ainneoin go mbíonn orthu é a thabhairt ar iasacht don dream eile laistíos. Ní cás dúinn aon eagla a bheith orainn ina dtaobh.
Plean nua
Is mór é ár n-amhras an ndéanfaidh an bhainistíocht nua sacair aon leas. Mo thuairim féin go bhfuil plean eile ann dá gcuirfí i bhfeidhm é gur ghairid uainn Corn na hEorpa agus airde el Mundial féin.
Mé breá sásta an plean a nochtadh go heisiach anseo agus ní bheidh uaim mar luach saothair ach cúpla ticéad do chluichí ceannais na hÉireann.
Gabhtar foireann peile sinsir Bhaile Átha Cliath. Cuirtear i gcampa traenála iad i bhfad ó shúile an phobail. Ceanglaítear a gcuid lámha lena dtaobh. Múintear bunscileanna an tsacair dóibh, sa chás is nach bhfuil siad acu cheana.
Taispeántar dóibh cá bhfuil na cuaillí cúil, cé gur dócha iad a bheith eolach orthu siúd, leis. Ligtear dóibh a bheith chomh fiteáilte, aclaí, inlúith, súpláilte is a bhíonn siad de ghnáth.
Ansin scaoiltear amach tar éis cúpla mí iad, cuirtear geansaí glas na hÉireann orthu, agus seo chun comhraic iad.
Tá de bhuntáiste ag an bplean seo é a bheith i bhfad níos saoire ná an réiteach is déanaí, é a bheith gan cháim, agus dar do dheimhin dóigh d’éireodh leis.
Bheadh de mhíbhuntáiste aige, áfach, – nó a mhalairt dá mbeadh an meon sin agat – go gcuirfeadh sé deireadh leis ‘an ruaig chun a chúig’ a bhfuil muintir na hardchathrach meáite air.