Tá óstán galánta i ndeas don tSaidhm ar Mhórchuaird Chiarraí a dtugann mac liom dearbhán Nollag dom le cúpla lá a chaitheamh ann. Bíodh is gur óstán mór anois é airím go mbaineann diamhair ar leith i gcónaí leis, airím síocháin ama agus anama ag síothlú ann.
An fharraige lena ais is beag athrú a déanadh ar charraigreacha a cladaigh agus is breá leis na rónta a ngaisneas a bhaint astu.
Anuas air sin níor milleadh riamh na siúlóidí máguaird; iad aimhréidh go maith sa chaoi is go n-éilíonn siad coisbheart críonna.
Is í Clais na Crí an tsiúlóid ann is ansa liom, ar coill is sliabh í. Tiocfaidh tú ar fhothrach stairiúil freisin; coiseoidh tú le ceannfhearann galfchúrsa; i dtráth moillfidh tú ar ‘droicheaidín an ghrá’ le do dhíol póigíní a dháileadh ar do stóirín.
An sciar den tsiúlóid seo is méine liom, ámh, ná thuas ar an droim sléibhe, mar a bhfuil suíochán adhmaid faoi réir don fhámaire.
Buail fút, breathnaigh i do thimpeall, agus cuir bior ar do chluasa. Bíodh is gur fraoch feoite, fiontarnach is cíb, an fásra is tréine i do thimpeall an t-am seo bliana, tá rilleoga agus aiteann freisin ann agus ní hannamh an t-aiteann seo a bheith faoi bhláth sa gheimhreadh féin. In ionad chrónán na mbeach cluinfidh ceol na gaoithe.
Agus cloisfidh tú grágaíl ghéabha thíos sa ghleann ar éirigh leo a gcosa a thabhairt slán go ceann bliana eile ar a laghad ar bith. Is beag glór is deise liomsa ná grágaíl ghéabha mar go n-iompraíonn sí ar ais mé go dtí m’óige i gCoill Bruachlán.
‘Gus bíonn fuaim eile le haireachtáil anseo, de shíor, fuaim dhiamhrach éigin; fuaim fhann ar cosúil le fuaimint bhonnáin i gcéin é.
Céard í féin?
Suanmhaire inneall báid ag tarraingt chun céibhe?
Suanmhaire ghléas bainte adhmaid?
Cé go gcuireann sí uaigneas áirid orm mothaím tarchéimnitheacht ag gabháil freisin léi.
‘Gus athmhúsclaíonn sí monúr a bhíodh le cloisteáil thiar i Maigh Cuilinn le linn m’óigese: Bonnán Bhearna. Bhíodh sé ráite go mba í an ghaoth ag séideadh isteach i bpluais aille farraige i ngar do Bearna a bhí ansin; comhartha drochaimsire, ach, go bhfios dom, pé ar bith cén fáth, nach gcloistear le blianta anois é.
Capaill Chiarraí
Níl saoire a thógaim i mbólaí seo Chiarraí nach ngabhaim ag eachmharcaíocht. Más aistear sléibhe a bhíos uaim triallaim go Drom Coinne i bhfogas cúpla míle don Neidín.
Más cosán foraoise mo mhian tugaim m’aghaidh ar stáblaí na hAbhann Duibhe. Ach más geábh ar an trá a shantaím – agus is í seo is mó a lorgaím – téim chuig Cathair Dónaill mar a bhfuil ionad beag capall ag Caroline Ní Dhonnghaile a bhfuil a saol caite i mbun capall aici; i gCurrach Chill Dara chomh maith le hionaid ghairmiúla eile, ach í fillte ar a fód dúchais agus seanteach cloch a muintire ag feidhmiú mar stáblaí.
“Is one woman band mé!” a mhaíonn sí féin.
Tá a héadan síondaite iontach le breathnú air agus níl amhras ar bith nach ealaíontóir ar a ceird í.
Muid ag bualadh linn amach an bóthar chun trá meabhraíonn Caroline dom go mb’fhéidir go gcaithfimis ár gcapaill a chur ar snámh ar feadh achairín idir dhá thrá.
Ach neart cleachtaidh ag na capaill ar a leithéide, a deireann sí. Cuireann an dúshlán seo líonrith orm mar ní héasca fanacht ar mhuin capaill ag snámh dó.
Caithfidh tú na strapaí stíoróipe a ghiorrachan, éirí as an diallait, cromadh amach os cionn mhuineál an chapaill agus greim docht a choinneáil ar a mhoing.
Ar ndóigh, éireoidh tú fliuch.
“Tá an sáile agus an gaineamh fóinteach dá gcosa,” a mhíníonn Caroline.
Tá an draoi acraí trá san áit seo agus is beag duine a bhíos le feiceáil.
Tá mórchuid dumhcha freisin ann ar a bhfásann féasóg d’fhéar muiríneach, agus an-chuid bláthanna sa samhradh; an crobh éin agus magairlíní go háirid.
Feictear uimhir mhór charóg liath chuile thráth.
Ar ais san óstán ordaímse feoil toirc le haghaidh mo dhinnéir, éilíonn mo bhean eileabó. Istoíche sa bheár ólaim leann a ghrúdaítear máguaird: Tom Crean agus Killarney Blonde. Tá an Skellig Red bainte den mhargadh. Mar thoradh ar chomhrá a bhí agam le hógbhean a bhí ag blaismínteacht Cosmopolitan, d’ordaíos an manglam dom féin. É an-daor!
Ar na pictiúirí atá ar crochadh ar bhallaí an óstáin, cinn acu teibí, tá dréacht de chloigeann Shéamuis Heaney, arb é, gan dabht, an pictiúr is tarraingtí díofa domsa.
Cé mar éadan creagach! Oiread seo tiarála saoil le sonrú ann!
Dheamhan a n-éireoinn tuirseach go brách ag dearcadh air.