Anois go bhfuil an húrlamáboc is an chipidiríl ar fad thart sa Bhrasaíl ar feadh pé méid leathchéad blianta is gá chun go dtiocfadh siad chucu féin arís, is furasta a dhearmad gur bhuaigh Éire Corn an Domhain uair amháin.
Ní Corn na Peile Gaelaí atáim á mhaíomh, comórtas a bhuafaimis go bog – an chéad uair – dá mbeadh sna cluichí Oilimpeacha, ach an sacar féin, an chaid ar an gcré, an pheil íseal fan na talún.
Agus ba dhóbair d’fhoireann Ghaelach eile Corn an Domhain a bhuachan i mbliana.
Má tá mearbhall cheana ort tar éis an iomad teilifíse, ní gá a bheith, mar is mó sin Corn an Domhain atá ann.
Chuig Corn Neamhoifigiúil an Domhain atá ar siúl de shíor atá mé. Creid mé sa ghnó seo, cé nár ghá foireann mhór taighdeoirí a fhostú lena fhionnadh.
Is é atá ann ná go n-ainmnítear an chéad fhoireann a bhuann ar churaí an domhain ina seaimpíní neamhoifigiúla ina ndiaidh.
Prionsabal simplí é ar nós na craoibhe dornálaíochta. Is le duine amháin an chraobh, agus nuair a leagtar é siúd tugtar don fhear a shmístigh é. Mar sin, dá mbuafadh duine éigin ar Katie Taylor, i gceann 30 éigin bliain, déarfaí gurb ise an curadh nua. Nó, an chéad dream eile a chloífidh na Gearmánaigh, tabharfar an gradam sin dóibh.
Bhuaigh an tír seo faoi dhó é, uair amháin mar “Ireland” sa bhliain 1927, agus mar an Phoblacht sna náididí nuair a chaolaíomar thairis na Seicigh le cúl sleamhain slán ó Robbie Keane sa nóiméad deiridh.
De réir na rialacha seo, tá an corn tar éis taisteal ar fud na cruinne, agus tá bainte ag tíortha nár dhein aon ghaisce mór sa chomórtas airgid, An tSeoirsia agus Na Stáit Aontaithe ina measc.
De bhreis air sin, agus níos suimiúla go mór is ea Corn Domhanda ConIFA.
Comórtas é seo idir tíortha, stáit, fearainn, mionlaigh, pobail gan aitheantas agus náisiúin gan stát ar bith nach ball den arrachtach lofa sin FIFA iad.
Reachtáileadh i mbliana é in Ostersund na Sualainne, agus bhí foirne as na ceithre hairde ann.
Is minic ligthe i ndíchuimhne, má cuimhníodh riamh air, go bhfuil mórán pobal ann nach bhfuil iomlán sásta, nó go minic deargnaimhdeach, don tír ina bhfuil siad lonnaithe.
Is cinnte go mbraitheann siad i leataoibh na slí nuair a bhíonn ceiliúrthaí móra spóirt nó lúthchleasaíocht ann.
Níl aon argóint bun barr, lár ná leathimeall féin ar bith faoin spéir roicéadach, nár cheart saoirse iomlán stáit a bheith ag na Curdaigh, mar shampla; tá suathadh polaitiúil agus míleata ar siúl in Darfur le blianta fada agus cearta bunúsacha fós á gceilt orthu; agus cé go bhfuil aitheantas forleathan ag na pobail Sami sna tíortha Lochlannacha ó thuaidh, ar éigean go dtabharfar gradam stáit choíche dóibh.
Ach bhí siad seo, agus naoi gcinn de phobail neamhFífeacha páirteach i gcorn domhanda ConIFA i Meitheamh na bliana seo.
Is de shuimiúlacht dúinne gur shroich foireann againne an cluiche ceannais.
Nuair adeirim, “foireann againne” is atáim ag rá áit ar féidir a fheiscint ó na Beanna Bóirche, ar thug ceann dár ndéithe a ainm di, agus ar bhronnamar ár dteanga uirthi fadó ar ais.
Manainn atá i gceist, agus an fhoireann acu, Ellan Vannin, d’imir siad in aghaidh an Comté de Nice/Paese Nizzardo sa chluiche ceannais.
Cé gur chnag siad iad sna babhtaí tosaigh, is amhlaidh gur chríochnaigh an cluiche craoibhe ar comhscór. Tharla ansin, an rud a bhfuil cion agus gean ag gach n-aon air, seachas na himreoirí agus na cúil bháire – speachanna éirce.
Ní “crannchur” a bhíonn sna speachanna éirce mar adeir amadáin agus bainisteoirí fhoireann na hÉireann, ach mar sin féin, bíonn a orlach féin den ádh nó den mhí-ádh ag baint leo.
Sa chás seo, níor éirigh Manannán nó Mac Lir aníos ó na tonntracha chun fóirithint orthu, agus dá réir sin, bhí an lá ag na hOcsatáinigh
Ach nár bheag nárbh iontach é foireann den dúchas againn féin á fhéachaint do chorn domhanda i gcomórtas páirce mar é?
Dá mbuafadh, áfach, is dócha gur lú an t-iomrá a bheadh air ná cluiche sóisir rugbaí ar imeall an bhaile i nDeilginis oíche Shathairn.
Slogann na himeachtaí móra idirnáisiúnta an guth áitiúil, agus múchann glór an stáit an chaint laistíos de.
Pobail dhaonna iad siúd a bhíonn páirteach i gcomórtas peile ConIFA chomh dearfach leis na fathaigh mhóra.
Aon seans ar fhoireann Gaeltachta an chéad uair eile?