Tharla go raibh grianghraf ar an nuachtán seo an tseachtain seo caite, agus bhí sé chomh maith sin go raibh sé ann faoi dhó. Ní fhéadfá gan suntas a chur ann.
Ba bheag grianghraf a chuir alltacht chomh mór orm is a chuir an ceann áirithe seo le blianta fada cianta cairbreacha ó aimsir na cluiche aoise.
Nílim ag rá go raibh uafás ann mar a bhí nuair a chonaiceamar corpáin leanaí ar an trá, nó eallaigh ghalaracha á ndó in aon loiscreán, nó daoine uaisle ar chapaill ag baint suilt as fiacla chon ag dul isteach i muineál choinín tar éis na seilge bréige.
Ach bhí uafás agus alltacht dá chuid féin ag baint leis, alltacht agus uafás a bhaineann lenár gcóras polaitíochta siar amach.
Is é a bhí ann grianghraf den naonúr polaiteoirí, idir theachtaí dála agus sheanadóirí, a dhein fiosrú ar na baincéirí.
Níorbh é nár tháinig siad ar aon chinneadh dearfach amháin, ná go raibh an toradh chomh fliuch le lá geimhridh in Ladhar an Chrompáin acu, ná nach ndúirt siad rud ar bith nach raibh soiléir don chaora a raibh dhá shúil cheana ina cloigeann, níorbh é sin a chuir an croí trasna orm, ach go raibh siad go léir gléasta san aon éide ghairmiúil amháin.
Naonúr díobh a bhí ann, culaith ghorm ar gach n-aon díobh, bríste gorm ar gach n-aon díobh, léine bhog-ghorm ar gach n-aon díobh, carabhat gorm ar a bhformhór, bróga dubha orthu ar fad (seachas ar aon duine amháin a sheas ar rud éigin ar a shlí amach), agus iad ar a n-ábhar féin ag siúl go maorga inár dtreo, nó ar a laghad i dtreo an cheamara.
Is é a chuir sceimhle orm agus a bhain geit asam go raibh siad go léir mar a chéile!
Bítear ag argóint agus ag allagar timpeall ar fhiúntas chultacha aonghné scoile, ach ní tada iad suas is anuas le feisteas comhionann comh-mhachnaimh Oireachtas Éireann.
Ní gan chúis a thugtar ‘uni-form’ air sa Bhéarla.
Mo leithscéal! Bhí aon eisceacht amháin ann, an t-aon bhean a bhí ar an gcomhluadar.
B’í sin an Seanadóir Susan O’Keefe a raibh gile ag baint léi suas is anuas le cultacha coinbhinsiúnta na bhfear.
Ina choinne sin, bhí bríste gorm uirthi ar nós na coda eile, agus bróga dubha dá réir.
Cad is brí leis seo?
Scríobh Thomas Carlyle úrscéal buile a raibh Sartor Resartus mar theideal air thiar san 19ú haois, agus ar léamh amháin air is ea gurb é an duine an t-éadach, nó gurb é an t-éadach an duine, pé acu is maith leat.
Tuairim aisteach í nuair a chuimhnítear ar a bhfuil d’airgead caite ag áiteamh ar dhaoine machnamh a dhéanamh dóibh féin.
Bheadh sé chomh maith iarraidh ar dhaoine machnamh dóibh féin is a bheadh iarraidh ar eilifintí a bheith ina míoltóga.
Is é a thuig mé ón ngrianghraf go raibh na teachtaí seo ar fad ar aon chomhaigne, ar aon chomhrian, ar aon chomhthreo, ar aon chomh-mheon, ar aon chomhthuiscint, ar aon chomhdhúil, ar aon chomhsprioc, ar aon chomh-amas lena chéile.
Agus tá.
Is léir gur chomhairligh comhlacht comhairleachúil comharlach comharthuisceanach dóibh éide dheas ghorm a chaitheamh, agus bríste neodrach dá réir, agus gan bhróga bána nó gorma nó rua a chaitheadh peileadóirí gan rath nár bhuaigh faic riamh, ach iad a bheith de réir a chéile siar amach; mar is de réir a chéile ar aon aigne a dhéantar an bheart, agus ní ar son aon mhachnaimh neamhspleáich a dhéanfá duit féin.
Is de bharr go bhfuil ár gcuid polaiteoirí féin chomh tógtha sin leis an bhfeisteas gur dall orthu rud ar bith eile.
Má chaitheann tú culaith éadaigh na Dála, is tú atá iontrust; má chaitheann tú geansaí báinín (mar a tharla) tá baol ann go gcuirfidh tú bonn socair an stáit ar crith.
Cad is brí leis seo?
Níl de bhrí leis ach gurb é an t-éadach a chaitheann daoine a bhfuil cumhacht nó saibhreas acu a mheánn, agus gur cuma faoi chách a chéile eile.
Sa Bhreatain soir uainn le déanaí chuir príomhoide scoile toirmeasc le tuismitheoirí a raibh pitseámaí orthu a theacht in aice le geataí na scoile.
Is é nár thuig an príomhoide ná gur ráiteas aicme agus céannachta ba ea é seo.
Is cinnte dá molfaí a leithéid abhus go nglacfaí leis gan cheist, óir is é an faisean an faisisteachas.
Dá gcaithfeadh baill de theaghlaigh ríogúla lofa agus réaltaí scannán a bhfuil billiúin na mbilliún acu pitseámaí ag siúl amach ar maidin agus pictiúir acu ar Hello agus ar Mise agus ar Leathar bheadh na milliúin eile de dhaoine breá sásta pitseámaí a chaitheamh de ló is d'oíche.