Tá intinní agus go deimhin inchinní iontacha gaoismheara eolgaiseacha ar an sliotar beag seo de phláinéad againn a bhfuil go leor ar eolas acu. Duine ar bith a bhfuil fadhb lena ghluaisteán aige agus nach n-aithneodh an carbradóir thairis an sceithphíopa beidh sé i dtaobh le saineolas na saineolach. Agus sa chás is go mbeadh obráid le déanamh ar d’ionga ionfhásta agat, b’fhearr go mbeadh a fhios ag an bhfiaclóir ladhraicíní coise cén ceann a bheadh le scumhadh aige.
De sin, agus eile, is dóigh linn go bhfuil gach eolas againn cheana agus nach fada uainn gaois an tsaoil, nó gaois na cruinne, nó gaois an chosmais féin fad a ghluaiseann. Ní ag iarraidh a mhaslú a bhfuil bainte amach againn le hallas, le pian, le sciúrsadh, ná le heachlascadh féin atáim ach go díreach go maím gur ródhócha nach bhfuil na freagraí go léir fós againn in ainneoin na n-ollscoileanna, na bhforas taighde agus na dtráchtairí spóirt seachtainiúla a ránaíonn chugainn.
Is róléir nach eol dúinn cad a bhí ann roimh an ollphléascadh mór a chuir tús leis an gcéapar seo ar fad de réir insinte amháin fadó fadó ar ais siar siar. Deir cara liom, nárbh ann don am roimh an ollphléascadh mór agus gur baoithe na baoithe an cheist sin. Ach scaoilimis an méid sin tharainn.
Ar ais arís.
Ní heol dúinn conas a tharla ann don bheatha in ionad na neamhbheatha.
Ní heol dúinn cad tá laistigh den taobh istigh den taobh istigh den chuarc.
Ní heol dúinn cad tá laistiar den pholl dubh.
Ní fios dúinn cad is coinsiasacht ann.
Níl aon mhíniú soiléir againn idir an intinn agus an inchinn.
Níl follas dúinn cé acu is tábhachtaí, an fad nó an leithead?
Níl aon tuairim againn cad a tharlódh dá mba nár scoilteadh an t-adamh, nár shroich Cristoforo Colombo Meiriceá, nár chailleamar ag Eachdhroim agus ar an mBóinn, nár tugadh an práta aniar, nár tharla éirí amach 1916, nár scriosadh na Rómhánaigh ag cath na foraoise Teutonberg, nár dúnmharaíodh Robert Kennedy, nárbh ann riamh do Bhob Dylan, nár tháinig deireadh le sclábhaíocht san iarthar agus níl a fhios againn cén cor sa tsaol a bheadh ann dá mba gur...
Maraíodh Hitler i dtimpist bhóthair sna 1930í, gur bhuaigh na Néandardálaigh ar an gcine daoine fadó ar ais, gur tháinig neacha anuas chugainn as plainéad eile, gur fhan an Bhreatain ina gCaitlicigh agus gur déanadh tír Phrotasúnach d’Éirinn go hiomlán, gur bhuaigh Baile Átha Cliath craobh na hÉireann san iomáint sa bhliain 1961, gur bhain an Traí an cogadh sin, go raibh srón níos faide ag Cleopatra, gur éirigh leis na léinte gorma coup a chur i bhfeidhm, go bhfuair Elvis bás, gur thuigeamar caint na n-éan, agus os rud é nach bhfuil tuairim againn...
Cad is brí le taibhreamh, nó conas a chuirtear an fíge isteach sa rollógfhíge, nó cén fáth a bhfuil dúil ag daoine fós i gceol chountry and western, nó conas is féidir na poill a chur i gcáis na hEilbhéise de cheal lucha, cad tá laistigh den liathróid chriostail, intinn na circe bige rua, fíorbhrí an tseachtó hinscne dhéag ar fhichid, óige Dhaidí na Nollag, teorainneacha do chuid samhlaíochta féin, reiligiúin nár cumadh fós, cad tá laistiar den bhlaosc bheag sin, rún rúnmhar mhac an bhacaigh, fírinne theoiric eacnamaíochta ar bith, cé mhéid aingeal a rinceann ar bhior an phinn ag steip an Oireachtais, an difear cruinn idir feoirling agus dhá zloty, an brón i lár na deirge laistigh, rangabháil na fusachta sa réamhGhaeilge phrimitíveach, canúintí na gcon...
Cén dóigh a dtaibhseofaí duit go dtarlódh in aon chor go mbeadh aon tuairim againn conas an coróinvíreas a chosc?