Tharla rud gránna an tseachtain cheana. Tarlaíonn nithe gránna gach seachtain dá dtagann, ach rud gránna é seo nach raibh aon ghá leis.
D’éirigh bainisteoir fhoireann peile chontae as a phost. Dúirt sé gur éirigh sé as go toildeonach, ach is léir go ndeachaidh an bhinb agus an ghráin a sacadh agus a seachadadh ina threo go hae ann.
Cuma nach ndéanfadh? Dá uaisle é an duine is ea is mó a ghoillfidh éagóir air.
Ní annamh é bainisteoir a dhíbirt. Tarlaíonn sna cluichí gairmiúla gach lá solais. An iad an bhainisteoireacht peile agus an bhaincéireacht an t-aon dá ghairm ar domhan go bhfaigheann tú bónas ramhar as nuair a theipeann go tubaisteach ort?
I gcás na peile Gaelaí agus na hiomána ealaíonta, áfach, pingin ná cianóg ní bhfaighir ar éirí as duit.
Pingin ná cianóg íocaíochta ní bhfaighir ach an oiread agus tú i mbun do chúraim, mar is obair dheonach gan bhuíochas a dhéanann formhór de lucht traenála an Chumainn Lúithchleas Gael, ón bhfoireann is sóisearaí iomána in íochtar Liatroma go dtí an fhoireann is mó atá i mbéal an phobail fad a mhaireann.
Luach saothair ní bhíonn ag na gaiscígh seo seachas fónamh dá bpobail féin, idir bheag agus mhór, agus an ghleic shíoraí a thugann dúshlán an duine mar shásamh.
Ní raibh an samhradh saor riamh ag Éamonn Fitzmaurice ó chuaigh sé i mbun bainistíochta ar fhoirinn shinsir peile Chiarraí sa bhlian 2012.
Ní móide go raibh an geimhreadh, ná an fómhar, ná an t-earrach ná lá Nollag féin saor aige idir an dá linn. Is aige féin amháin agus ag a mhuintir atá an t-eolas sin.
Agus is de dheasca nár éirigh le Ciarraí cos a leagadh ar chluiche leathcheannais na bliana go bhfuair sé litreacha nimhe, agus glaonna mallaithe, agus gach eascaine drochratha dá bhféadfadh teacht faoi bhráid duine ar bith – é féin, agus imreoirí de chuid na foirinne aige.
Is náireach an mhaise do Chiarraí é, bíodh nach dócha go bhfuilid pioc níos measa ná contaetha eile.
Aguisín beag riachtanach anseo: níl aon ghean agam ar pheileadóirí Chiarraí ach oiread leis na milliúin eile. Is minic mé ag ransú an fhoclóra le teacht ar mhaslaí a chaitheamh leo.
Ardaíonn mo mheanmna nuair a bhuailtear iad. Liosta le háireamh a bhfuil d’ainmneacha agam ar a ngeansaí smuga-dhathach.
Dá bhrí sin, cad chuige seo mé?
Is chuige mé gur duine uasal déanta é Éamonn Mac Muiris a chuir a chroí díchill isteach in ullmhú foirne peile le grá cléibh don chluiche agus dá chontae féin.
Déarfainn gur lú an pléisiúr a bhain sé féin as craobh na hÉireann, iliomad chraobh na Mumhan, cúpla Corn Mhic Craith a bhaint, ná mar a bhain gnáthmhuintir Chiarraí.
Is é a bhí riamh béasach, umhal, séimhbhriathrach, meáite ag caint leis na meáin (murab ionann agus bainisteoirí eile); agus is é a bhí riamh machnamhach, gléshúileach, ciúin, stuama ar an taobhlíne ag faire go géar (murab ionann agus gach dara gealt ag léim suas síos le súil is go gcuirfeadh crith na talún athrú ar an gcluiche).
Bainisteoir intleachtúil adéarfá, cé gur dócha go séanfadh sé féin sin.
Gradaim uile an chontae a bhí tuillte aige, seachas an nimh bhinbeach a scaoileadh as na buidéil, agus as na croíthe dúra gan aon mhaith.
Dóbair dom tacú le Ciarraí feasta mar fhreagra – ach bheadh sin ag dul thar fóir.