Is fánach an ní a spreagann samhlaíocht an scríbhneora. Is léir go bhfuil Áine Ní Ghlinn ag déanamh a machnaimh ar hataí ar na saolta seo. Seo dhá leabhar léi – Hata Oisín (LeabhairCOMHAR) agus Hata Zú Mhamó (Cois Life) – a bhfuil an hata mar phríomhthéama iontu.
Dírithe ar léitheoirí an-óg, nó ar thuismitheoirí atá ag léamh do pháistí óga, atá Hata Oisín.
Tá dúil bhocht ag gasúr óg, Oisín, i hataí. Ar shiúl leis go siopa na hataí le ceann nó dhó a chur ar a chloigeann. Spreagann na hataí céanna a shamhlaíocht. Nuair a amharcann sé sa scáthán, ní fheiceann sé é féin ach Oisín an tíogar nó an feirmeoir nó...
Is deas an tseift í seo ag Ní Ghlinn. Is breá liom féin gur ní fisiciúil a spreagann Oisín – tógann sé hataí; leagann sé a mhéara orthu agus tugann siad air é féin a shamhlú as an nua. (Cá bhfios nach gceapfaidh duine inteacht hata-aip amach anseo?) Idir an dá linn, ámh, is fearr liom cur chuige Ní Ghlinn.
Tá an Ghaeilge sa leabhar deas simplí, le habairtí gonta agus tá na léaráidí le Carol Betera go hiontach fosta. Sa chás go bhfuil tú ag léamh an leabhair le páiste, ná bíodh eagla ort sos a thógáil agus na pictiúir a thaispeáint do do leanbh.
Cá bhfios nach spreagfaidh na pictiúir chéanna cuairt ar an Dánlann Náisiúnta amach anseo?
Scéal do léitheoirí in aois a naoi mbliana nó níos mó atá in Hata Zú Mhamó. Déarfainn fosta, má tá tú ag foghlaim Gaeilge, go mbeadh sé fóirsteanach duit fosta. Tá an Ghaeilge rud beag níos deacra ná an chéad leabhar ach ní mórán. Tá eolas maith ag Ní Ghlinn ar an teanga; baineann sí an chuid is fearr as an chaint agus ní éiríonn an teanga féin leamh riamh.
Tóg, mar shampla, an sliocht beag seo: “Chuimhnigh mé ar sheanfhocal a bhí againn ar scoil – ‘Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin’. Ba é an míniú a bhí ag Iníon Uí Riain air sin ná go gceapann gach tuismitheoir ar domhan go bhfuil a pháiste féin go hálainn. Gurb é a pháiste féin an páiste is áille, is gleoite a rugadh riamh.”
Ní raibh an seanfhocal sin agamsa – ní raibh mé ar scoil ag Iníon Uí Riain! – ach thuig mé an míniú agus fóireann sé go maith don scéal agus dá bhfuil á phlé ann.
Tá an scéal féin chomh simplí sin ach galánta fosta. Tugann Siobhán cuairt ar a Mamó sa teach altranais. Ach níl rún ag Mamó fanacht ann. Tá hata nua aici agus rún aici cuairt gan chead a thabhairt ar an zú. Éalaíonn Siobhán, Mamó agus beirt chara dá cuid chun an zú.
Ní chuirfidh an scéal stró ar léitheoir ar bith. Ach is grámhar mar a léiríonn Ní Ghlinn cúram agus gean an chailín óig do na seanfhondúirí. Cuireann sí aithne as an úr orthu agus aisíoctar a cineáltas féin léi.
Ní bréag a rá go gcuirfidh an scéal tocht ort fosta nó ní bhíonn an tseanaois i gcónaí sona.