Iontas na n-iontas, tá Cill Chainnigh ar ais i gcluiche ceannais iomána na hÉireann.
Cé go bhfuil Port Láirge curtha amach as an gcraobh, tá údar ceiliúrtha acu. Bliain iontach, idir sraith agus craobhchomórtas.
Is dóigh nach bhfaca an fhoireann óg seo mórán cóisirí, piontaí, ná laethanta saoire ón Nollaig seo caite.
D’imir siad leis an gcroí céanna arú inné agus a d’imir siad le beagnach bliain, ach ní raibh sé i ndán dóibh.
Rinne lucht tacaíochta an turas fíor-annamh sin ó na Déise go dtí Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, ag cluiche leathcheannais iomána na hÉireann.
2011 go deireadh a bhíodar ann. 2008 go deireadh a shroich siad cluiche ceannais na hÉireann. Cén fáth mar sin go raibh an oiread sin deifre ar chuid acu imeacht sula raibh an fhéadóg dheireanach séidithe ag an réiteoir?
Níl ann ach tuairim atá agam féin agus ní gá go n-aontódh daoine liom ach ba cheart don té atá ag rá leis féin sa seastán – “Ó tá sé thart, buailfidh mé bóthar anois agus beidh mé chun cinn ar chuid den trácht” – smaoineamh ar an méid uaireanta an chloig oibre atá déanta ag na himreoirí, in iarracht tabhairt faoi chluiche.
Go háirithe nuair is spórt amaitéarach atá i gceist. Cén dochar a dhéanfadh an deich nóiméad bhreise sin don ‘lucht tacaíochta’ ina gcuid geansaithe nua bán agus gorm ag siúl suas na céimeanna agus an cluiche fós ar bun?
Tá a fhios againn uilig go raibh Cill Chainnigh róláidir Dé Domhnaigh, ach é sin ráite, creidim go bhfuil ról tábhachtach ag an slua ag cluiche – ugach agus misneach a thabhairt d’fhoireann.
Nuair a chríochnaigh an cluiche, shuigh Maurice Shanahan ar an bhféar ag breathnú uaidh.
Chonaic sé muintir Chill Chainnigh ag caint cheana féin ar sciob sceab na dticéad. Chonaic sé freisin cuid dá lucht tacaíochta féin ag siúl amach, díomách, bliain eile thart.
Dúirt imreoir amháin liom tráth gurbh é an radharc ba mhó a d’ardaigh a chroí ná na daoine a d’fhan chun bualadh bos a thabhairt dóibh agus iad ag filleadh ar na seomraí feistis, iad buailte.
Sa chomhrá céanna, dúirt sé cé go raibh imreoirí dírithe go hiomlán ar chluiche, ach má thosaíonn go leor ag imeacht luath, go dtugtar suntas dó ar an bpáirc.
Is cuma cé chomh láidir agus atá intinn imreora ar bith, chuirfeadh sin lagmhisneach air. Nílim ag iarraidh milleán a chur ar Phort Láirge amháin.
An tseachtain roimh ré, chonaic mé na céadta de chuid gheansaithe na Gaillimhe ag imeacht agus Dún na nGall i mbun scliúchais.
An tseachtain dár gcionn, bhí geansaithe buí agus glas ar a dteitheadh agus Maigh Eo ag déanamh an jab orthu.
Ceann de mhórscéalta an tsamhraidh ná an tráthnóna Shathairn sin a ghnóthaigh Sligeach in aghaidh Ros Comáin.
Iad cáilithe do chluiche ceannais Chúige Chonnacht, in aghaidh Mhaigh Eo.
Fios ag gach a chuaigh ann nach raibh ar na bacáin ach bualadh.
Fios ag na himreoirí chomh maith é, ach d’imir siad ar feadh 70 nóiméad an-fhada go deo.
Shílfeá go raibh sé tuillte acu go bhfanfadh a lucht tacaíochta ann don achar céanna?
Go háirithe agus an méid lúcháire gan choinne a thug siad dóibh cúpla seachtain roimh ré.
Ag tús na bliana, foilsíodh grianghraf d'fhoireann iomána Loingfoirt ag traenáil sa sneachta ag an am céanna agus a bhí go leor againn os comhair na tine ag féachaint ar Coronation Street.
Iad ar fad tar éis lá oibre a dhéanamh, nó tagtha ón choláiste chun freastal ar an seisiún traenála.
Nach bhfuil 70 nóiméad dár gcuid ama, agus b’fhéidir leathuair sa trácht, tuillte acusan agus ag gach aon fhoireann eile fud fad na tíre?
Bheadh sé difriúil dá mbeadh na daoine seo ag fáil pá mhór Phríomhroinn Shasana. D’fhéadfá an argóint a dhéanamh ansin mura raibh na himreoirí ag déanamh an bhirt, cén fáth go seasfainnse sa bháisteach ag breathnú orthu?
Níl aon chiall le dul ag cluiche agus imeacht sula mbíonn a fhios agat go cinnte cén chaoi a chríochnaigh sé.
Sin ceacht a d’fhoghlaim lucht tacaíochta Manchester United i gcluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i 1999.
Ba chosúil gur ag Bayern Munich a bhí sé, thosaigh daoine ag imeacht. Taobh amuigh den staid, le linn ama breise chuala siad búir amháin, agus ansin an dara ceann.
Cúil ag Teddy Sheringham agus ag Ole Gunnar Solskjaer. Míle murdar ag iarraidh dul ar ais chun Peter Schmeichel a fheiceáil ag glacadh leis an gcorn.
Níl a fhios agat go brách céard a d’fhéadfá a chailleadh chun a bheith ag an gcarr nó ag an mbeár deich nóiméad níos túisce ná an chuid eile againn.
Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh