Táid ann nach léann leabhar ach amháin i rith an tsamhraidh idir ghaineamh agus ghrian. Feiceann tú ar an eitleán iad ar an tslí go Myckanos nó go Cúsaí Deasaí.
Tá’s agat gurb é a ndícheall an rud mallaithe a léamh mar bíonn deacair a ionramháil agus is fusa go mór géilleadh don iris in aice láimhe mura bhfuil ann ach luach an chúráin agus cineál an uaireadóra nach bhfuil uait.
Agus ansin arís feiceann tú ar imeall na trá iad nó ar thuáille na linne snámh – ina gcéadta: an cailín sin ar an traein le Paula Hawkins, The Pointless Book le hAlfie Deyes ar leabhar gan dealramh é deirtear liom, an bóthar caol ó thuaidh Richard Flanagan (ceann maith ceart), Elizabeth is Missing Emma Healey agus súil ag go leor nach bhfaighfear go brách í, rud éigin searbh le Donna Tartt, rud éigin bog le Cecilia Ahern, rud éigin páistiúil le Lee Child, rud éigin maol le David Baldacci, rud éigin ait le hAndy Weir, rud éigin déanta le hAnthony Doerr…
Ní fheicfidh tú, áfach, sa tséasúr seo ag teacht leagan ar bith de Angela's Ashes, leabhar a bhíodh romham i ngach aon tír dar leagas cos uirthi agus i ngach aon teanga ina raibh scríobh.
Ní bhfaighidh tú oiread sin de John Grisham ná de Danielle Steele is a bhíodh ann breis agus 10 mbliana ó shin, mar shampla, óir is é is brí le leabhar móréilimh, leabhar na huaire, léamh na huaine, faisean na freacnairce.
Maidir liom féin de is léitheoir leabhair neamh-mhóréilimh mé. Fanaim go dtí go dtéann an faisean ar gcúl, agus má tá allagar fós ar siúl timpeall ar shaothar a foilsíodh tar éis dornán maith de bhlianta táim sásta ar thriail a bhaint as. Ní hé an t-earra atá thuas is buaine ar thaoide an ama, ach an t-earra is marthanaí ar chúiseanna eile.
B’í Mae West a mhaígh uair amháin nárbh iad na “men in her life” ach “the life in her men” ba mhó ba chás léi, agus is é a dhála sin ag leabhair é.
Bíonn leabhair áirithe ann a théann i bhfeidhm ort agus a fhágann a lorg go héag ort ar chúis nach dtuigeann aon duine eile ach tú féin amháin, má thuigeann.
Leabhair iad a mbíonn beocht agus fuinneamh agus brí iontu duitse ach ach a chaithfeadh an choitiantacht ar an mbanc dramhaíl.
Bíonn cumann againn le saothair áirithe a insíonn dúinn cé sinn i bhfad níos cruinne ná na cairde atá againn ar timpist iad le fírinne, nó na hábhair a bhfuil suim againn iontu atá i bhfad róleathan mar shlat tomhais.
Níl lá loicht agam ar e-leabhair ná ar ríomhleabhair ná ar I-phadleabhair ná ar sholasleabhair leictreonacha ar bith. Is maith ann iad agus tar éis an tsaoil is leabhair iad, go fiú i ndeireadh an lae. Ach is mó is ansa liom féin i gcónaí an leabhar páipéir.
Thaitnigh a mboladh úr riamh liom. Dhúisíodh boladh agus mothú páipéir agus cló nua cuimhní ionam mar a dhúisíodh blas an chupáin tae agus an bhriosca Marietta a leithéid in intinn Phrouist bhoicht.
Deirtí go raibh polaiteoir áirithe a bhí i gceannas ar an Luch Oibre a d’éiríodh corraithe nuair a thagadh sé i ngiorracht míle don aerfort; ar an gcuma chéanna is féidir go dtiocfadh tógáil chroí agus meanman ormsa nuair a thagann leabhar maith úr go friseáilte ar mo lapa chugam.
Ní dhéanfaidh leabhar ar bith cúis, mar is léir, ach leabhar a bhfuil bíogadh nua nó fileatacht fhiliúnta nó argóint láidir nó speachadh spréacharnach nó ionramháil neamhchoitianta stíle nó dáine meoin éigin ag baint leis.
Cad ab áil éisteacht arís le guldarnach shíoraí chabaireacht an lae, nó na smaointe a gheobhaidh tú breacaithe go leamh ar do rogha nuachtáin?
Is cuma nó titim i ngrá nach mór é teagmháil le scríbhneoir nua nó le cineál litríochta nárbh eol duit í a bheith ann.
Méadaitear agus géaraítear ar do chéadfaí agus nitear sa tsolas in athuair tú. Nuair a chaillimid an pléisiúr seo sa léitheoireacht, an pléisiúr seo a thugann le fios dúinn gach lá go bhfuilimid aineolach ó bhonn ach go bhfuil an saol go léir fos le fionnachtain againn, nuair a chaillimid é sin is geall le corpáin bhalbha fheoite as san suas sinn, muinn, agus muid siar amach.
Ní móide gurb é seo gnó léitheoireacht an tsamhraidh, áfach.
Seans gurb é gnó léitheoireacht an tsamhraidh ná an bhearna a líonadh nuair nach bhfuil fáil ar Fare City nó ar Brus na Rún nó ar Eastendas nó ar Neighburrs nó ar Home and the Way nó ar Na Dríordánaigh nó ar Up the Yard nó ar CumhereIwantcha nó ar Inniu sa Dáil.
Tá tamall le dul, áfach, roimh an eisimirce mhór chun na gréine.
Moltaí le teacht.