Táthar fós ag caint faoi thoghchán na Banríochta saghas Aontaithe, ní nach ionadh. An Bhreatimeacht romhainn, buíochas le Dia, agus na cártaí go léir ag titim níos gaire don bhaile.
B’iad na vótaí ba mhó ba chás le daoine mar is iad siúd is mó a mheánn. Na Caomhaigh chun cinn de bheagán, na mionpháirtithe le tacaíocht mhór lasmuigh sa doircheántacht mar is dual dá gcóras lofa.
Ba mheasa fós an scéal do dhaoine nach mian leo na Tóraithe a bheith i gceannas na Banríochta. Is spéis liom féin léarscáil an fhearainn a léiríonn leathantas agus fairsinge tacaíochta seachas comhaireamh na gcloigne amháin. B’í an ghoirme Chaomhach a bhí spréite ar fud Shasana, na bailte is na sráidbhailte is na contaetha is lucht fiaigh agus seilge agus Midsomer Murders go láidir ar son Mayhem agus Maybot.
An deirge Lucht Oibre sna cathracha móra ó thuaidh agus i Londain féin, ach gan a bheith ina spotaí scáinte breicneacha ar an léarscáil mhór ‘náisiúnta’.
Is é a léimfeadh amach sa phus ort, gan amhras, ná na himill. An concas a dhein na Sasanaigh ón 13ú haois i leith tá á chreimeadh uidh ar n-uidh. Ní ghabhann an stair as riamh. Téann i bhfolach sna choinicéir agus éiríonn aníos nuair is lú a mbíonn coinne léi.
Is é is follasaí díobh ná na contaetha soir ó thuaidh sa tír seo.
Sa stáitín sin ar gean linn é ní mór ná go bhféadfá críchdheighilt eile a dhéanamh. Tógtar amach an deimheas agus gearrtar an áit a bheag nó a mhór ina dhá leath, thiar agus ó dheas ag titim chugainne, mar adéarfá, agus an fuílleach soir ó thuaidh mar atá. Béal Feirste ina chathair idirnáisiúnta ar nós Iarúsailéim, cé nach slán an tsamhail í sin, tá súil agat.
Níor dhán é sin a bheadh soilbhir suairc do na mionlaigh a d’fhágfaí ar ghruaibhín an bhealaigh bhig, mar cén móramh ar cás leo mionlaigh nuair a bhíonn polaitíocht i gceist?
Tá An Bhreatain Bheag soiléir go maith, leis. An Lucht Allais go láidir sna baill sin ina mbíodh mianaigh ghuail agus sloic dhubha agus sclábhaíocht dhorcha na n-oibrithe ag vótáil dóibh le dílseacht seanaigne go brách. Nach ait go bhfuil na bréaga fós á slogadh acu!
Plaid Cymru sna háiteanna inar láidre an Bhreatnais ar an gcósta thiar, gan amhras.
Is í Alba is mó is inspéise, áfach. Níorbh fhéidir nach gcaillfeadh an Páirtí Náisúnta Albanach go leor, óir ba chuma nó míorúilt í gaisce 2015.
Ina choinne sin, b’iad fós ba mhó agus b’fhorleithne ar fud na críche. Ó thaobh na léarscáile de, b’iad a bhain agus a bhuaigh is ag a raibh an lá.
Is fiú féachaint ar an ár, nó ar an gcúlú féin, áfach. Is fan na teorann le Sasana a bhuaigh na Caomhaigh go leor dá gcuid suíochán; agus ina dhiaidh sin ag snámh leo go sleamhain ar an gcósta thoir thuaidh. Is de shuimiúlacht gurb iad seo na háiteanna is Gallda go traidisiúnta in Albain, na háiteanna is líonmhaire a vótáil ar son na dTóraithe.
Is minic a luaitear an stair mar mhíniú ar a bhfuil ar siúl anois. Níos minicí ná a chéile is ceart agus is cóir sin. Is amhlaidh, áfach, go ndéantar leathcheal i leathchúpla na staire, an gheograif féin. Más í an stair a thugann an gheograif ar an bhfód, níl an gheograif sásta a greim a scaoileadh chomh furasta sin.
Tá an chuma air go bhfuil an stair agus an gheograif araon ag éileamh díoltais ar léarscáil na Banríochta Aontaithe, agus go bhfuil an socrú stairiúil á siosúracht isteach ó na himill.