Táimse i mbun eiriceachta arís. Is mian liom leithscéal a ghabháil ar son Arlene Foster. Ná himigh! Is é atá i gceist agam ná nach raibh línte fola dáiríre i gceist aici maidir le teorainn ar Shruth na Maoile nuair a ceistíodh í le déanaí i dtaoibh an Bhreatimeachta.
Sactar ceisteanna chuig polaiteoirí agus tuirlingíonn focail as a mbéal. Táim ag déanamh dhe gur meafar a bhí ann. Is iomaí sin meafar agus mallacht is seacht measa ná é nach dtógaimid aon cheann díobh, gan trácht ar ‘don diabhal tú’ nó ‘scread maidne ort’, nó ‘sciodar buinní ort’, nó ‘Fianna na Fáile ort’ atá sa ghnáthchaint laethúil.
Ach bhí rud amháin beannaithe tábhachtach á chur os ard aici, is é sin, an bhfuil bunphrionsabal ar bith, thíos in íochtar do bhoilg, i mbun do ghimide siar, ar leac dheiridh d’anama nach séanfadh tú, nach ndéanfadh tú athrú sleamhain slím air ar son prionsabail bhunaidh gach creidimh a bhí riamh agat, a choíche ná go deo?
Féir plé di má chuireann sí a cuid línte dearga go nocht os ár gcomhair, dá olcas, dá lofa, dá ghránnacht linn iad. Ní glóthach í, ná niúidí neáidí, ná seo ná siúd, ná Arlene an dá thaobh í ach oiread.
Is é atá á fhógairt aici ná gur cheart go mbeadh bunphrionsabail de shaghas éigin, dá uiscealaí iad, dá scaoilte, gur cheart go mbeadh rud éigin ann a sheasfá ar a shon lasmuigh de bhuntáiste cúng an toghcháin nó de ghuth grámhar an phobail.
Is minic go bhfiafraítear d’iarrthóirí Dála, nó sa chás seo, d’iarrthóirí don Teach Cineál Bán i nGort an Fhíonuisce, cad é a dhéanfadh siad sa chás is go dtoghfaí iad? Ní shin í an cheist in aon chor, cé go bhfuil na laethanta ag teannadh orainn agus ní mór dithneas a dhéanamh.
Is í an cheist mhór, cad é nach ndéanfadh tú? Sa chás is go dtoghfaí tú mar Uachtarán ar Éirinn (seachas mar uachtarán ar oileán), an síneofá an bille samhalta seo, nó an bille cuir-i-gcás eile sin? An bhfuil aon reachtaíocht nach bhféadfá id ae istigh gabháil leis? An bhfuil prionsabail ar bith agat ar tábhachtaí iad ná an oifig a bhfuil de phribhléid agat a bheith ina iarrthóir uirthi?
Ní heol dom gur cuireadh ceisteanna mar sin ar aon duine den seisear go dtí seo. Ach cuireadh a amhlachas de cheist ar Liadh Ní Riada, ceist ghránna inti féin, ach ceist ar thug sí freagra níos measa fós uirthi. Fiafraíodh di an mbeadh sí sásta an poipín de chuid Léigiún Ríoga na Breataine a chaitheamh sa chás is go dtoghfaí mar Uachtarán í.
Dúirt sí go mbeadh. Sin sin.
Slán leat anois, a Liaidh!
Líne dhearg. Go deimhin, má bhí brí ag líne dhearg fola riamh, tá brí leis sa chás seo. Ní féidir le hUachtarán ar bith ar Éirinn suaitheantas a chaitheamh a thacaíonn le harm barbartha a scrios na milliúin gan ghuth ar fud an domhain. Ní féidir le hUachtarán Éireannach tacú le harm a chuir i gcoinne a oifig féin a bheith ann!
Idir a bheith sásta brat na Breataine a chur ar foluain os cionn Tí Laighean dar le Mary Lú, agus poipíní Léigiún na hImpireachta a chur ag fás san Áras, gan a bheith glanbhándearg i gcoinne athbhallraíochta sa Chommonbhilt, an amhlaidh go bhfuil Fine Gael déanta de Sinn Féin cheana, mar a shlog Fine Gael Fianna Fáil le glúin anuas?
Cogar seo linn, an bhfuil páirtí ar bith ann anois atá toilteanach seasamh ar son dínit an duine abhus, ar son an duine nach géillseanach do na himpireachtaí nua ná sean é?