Cén fhaid a thógfaidh sé sara saolófar cailín beag a mbeidh Melania uirthi?
Táim cinnte go bhfuil tarlaithe cheana féin thiar.
Sin é an saol duit, an duine atá i mbéal an phobail, beidh an pobal ina béal gan mhoill.
Bhí tráth ann nuair nach raibh ach Máire ar chailíní. Nó Maura, nó Máirín, nó Moira, nó Mary, nó Marie, nó Maarie, nó Maureen, nó Mariya, nó Màiri, nó Mhairi (fiú) ionas nach raibh againn de pholaiteoirí mná ach Máiríochaí amháin.
Anois is féidir rud ar bith a thabhairt ar chailín ar bith, go fiú is ainm a bhaisteadh ar dhuine de thoisc na háite inar saolaíodh í.
Is dócha go bhfuil Paris inghlactha go maith go háirithe má tá cúpla óstán agat, ach ní shamhlaím go bhfeicfimid Muiceanach-idir-dhá sháile Ní Mhuircheartaigh a choíche ná go deo.
Tá Londynne ag scaipeadh, rud a chruthaíonn nach gá ach an litriú a athrú nuair atá tú i bponc, cé nach dóigh liom gurb athrú chun feabhais é Lay ar Leigh, cé go bhfuil ann.
Ainmneacha ón mBíobla ba choitianta ar feadh na nglúnta fada – Rachel, Rebecca, Ruth, nó Sarah, Susanna agus Sharon siar amach.
Is de shuimiúlacht áfach nár bacadh le go leor ainmneacha eile, go háirithe Jezebel, bíodh gur ainm breá láidir ceolmhar í.
Ní heol dom éileamh rómhór a bheith ar Delilah ná ar Salomé ach an oiread, cé go raibh stair thar a bheith suimiúil ag lán na beirte acu.
Dá gcuimhneodh daoine ró-dhlúth ar bhrí a n-ainmneacha féin, ní móide go leagfaí sin riamh orthu.
Níl aon cheangal, mar shampla, idir Rós agus an bláth álainn sin a chosnaíonn lab airgid agus a thugann dealg sa dearnain duit.
Is amhlaidh go dtagann chugainn ón tsean-Ghearmáinis hros arb é capall is brí leis. Tá's agam nach raibh an t-eolas seo uait.
Níl seo chomh holc le Portia, a bhfuil bunús muice leis, nó Beverly a d’fhás amach as craiceann an bhéabhair.
Bhí a mhalairt de nós ag Piúratánaigh Shasana Nua. Thugadh siad ainmneacha dá chéile le súil is go bhfásfadh an tsuáilce sin timpeall orthu, mar dhea.
Thuigfeá go maith do leithéid Prudence agus Felicity, ach bhí Kill Sins agus Die Well beagán níos amhrastúla. Agus chaithfeadh If-Christ-had-not-died-for-thee-thou-hadst-been-damned a bheith gasta ar an bpeann nuair a bhí rud éigin le síniú.
Níor cromadh ar nós ainmneacha Gaelacha a thabhairt ar pháistí go dtí aimsir na hathbheochana breis agus céad bliain ó shin, agus méadaíonn nó laghdaíonn a bheag nó a mhór de réir faisin ó shin.
Cothaíonn cuid acu deacrachtaí d’eachtrannaigh mura bhfuil cáil mhór ar an duine cheana féin. Is le déanaí féin atá fuaimniú de shaghas éigin nach bhfuil maistrithe go héag ar Saoirse Ronan.
Nó an mearbhall ar Phoncánach adúirt liom agus comhartha ceiste ar gach mala aige, ‘How can you possibly get queeva from c-a-o-i-m-h-e’. Níor mhínigh mé dó mar bhí an lá ag dul i bhfad.
Ach cheana féin tá an tslí a ndeirtear ainmneacha ag athrú as éadan. Tá’s againn conas mar a déanadh ‘Sórsha’ de ‘Sorcha’, agus ‘Kate Lynn’ de ‘Caitlín’. Cheana féin tá ‘Clíóóna’ déanta de ‘Clíona’, cé nach bhfaca mé Kleena fós.
Tá’s againn gurb é faisean na huaire a stiúrann gach pioc de seo, ar nós mar a stiúrann gach rud eile.
Tá Blue Ivy ar iníon cheiliúráin éigin, gan trácht ar Tiger Lily.
Is é an cíoná ar fad, dar liom, ná Shakoncé (oibrigh amach é) a chonacthas ar leabhar rolla san áit is faiseanta i gCo. Liatroma.
An bhfuil a fhios agat, ní hí Melania is measa, tar éis an tsaoil.