An gcraolfadh stáisiún ar bith eile raidió in Éirinn, diomaite de RnaG, clár cosúil le Sin an Saol? Sraith bheag cláracha atá ann ina gcuireann Dónall Mac Ruairí seandaoine i gceantracha Gaeltachta Dhún na nGall faoi agallamh. Labhrann siad faoin tsaol a bhí acu, faoi na nithe a chonaic siad, na nithe a rinne siad, cuimhní cinn go díreach.
Is de bhunadh uasal Rann na Feirste é Mac Ruairí agus ligeann sé dá chuid aíonna labhairt as a stuaim féin, duine ar dhuine. De réir a chéile, insíonn siad a gcuid scéaltaí féin, ina bhfocla féin, go réidh ciúin. Is daoine iad atá anonn go maith in aois, mórán acu a tháinig ar an tsaol sna 1930í. Ní glúin an fhéinín iad seo ach glúin na gannchoda.
Chuir Mac Ruairí tús leis an tsraith le mír as scéal Fiannaíochta. Ba é cuspóir an chláir ligean do daoine labhairt agus plé a dhéanamh ar an aois agus ar imeacht ama.
0 of 4
De réir a chéile, thug an clár léargas don éisteoir ar Éirinn eile, an tír cheilte sin nach mbíonn faoi chaibidil mórán sna meáin mhóra Bhéarla.
Níl fiacha ormsa scéaltaí samhraidh na frith-Ghaeilge a chur ar do shúile duit. Tig na scéaltaí sin chugainn gach aon bhliain mar a thig an fháinleog – an Ghaeilge ‘éigeantach’; an Ghaeltacht ‘gan mhaith’.
Is é rud a dhéanann sraith Mhic Ruairí droim láimhe a thabhairt leis na finscéaltaí sin, ar bhealach an-chiúin agus an-stuama.
D’éirigh le Mac Ruairí cainteoirí maithe dúchais a aimsiú i gcuid mhór ceantracha Conallacha – agus is iad atá deisbhéalach.
Tá cainteoirí aige as ceantracha atá i mbéal an phobail le fada as feabhas a gcuid Gaeilge agus cainteoirí as ceantracha atá i mbaol a mbáis.
Cuireann an cur chuige sin i gcuimhne duit chomh mistéireach agus atá teanga; an dóigh dháigh sin a bíos ag teanga maireachtáil sna tuatha beaga gan iomrá.
Ní shéanfadh duine ar bith ciallmhar go bhfuil fadhbanna móra ag an Ghaeltacht ach is ann di go fóill, más ar éigean é, agus deireadh le himpireachtaí na Róimhe agus na Breataine agus na Prúise agus na Spáinne...
Bheadh sé éagórach agamsa ualach rómhór a chur ar ghuaillí lucht an chláir.
I ndeireadh thiar thall, clár cainte atá ann, clár beag ciúin, clár gan bhladhmann. Bheadh cathú orm a rá nach bhfuil ann ach clár cainte – ach nár mhaith liom beag is fiú a dhéanamh de chaint lán céille, lán gaoise, lán eolais.
Sea, is cliché go mór é an ‘hidden Ireland’ faoin am seo ach ní bréag a rá go bhfuil ‘hidden Ireland’ ann go fóill, tír aineoil atá ceilte ar chuid mhór daoine.
Cuireann sé iontas orm, arís agus arís eile, chomh dall agus a bíos na nuachtáin ar shaol phobal na tuaithe agus, leoga, ar shaol an lucht oibre. Is foilseacháin don mheánaicme iad nuachtáin Bhaile Átha Cliath rómhinic – agus a thoradh sin le feiceáil i gcúrsaí díolacháin, déarfainn.
Ní den mheánaicme é an clár seo ach den tuath, an tuath a mhaireann in ainneoin na n-ainneoin. Níl mé ag iarraidh paidir chapaill a dhéanamh de seo. Dúirt iarcheannaire an SDLP, John Hume, lá den saol nach dtiocfadh leat bratach a ithe.
Thiocfadh leat an rud céanna a rá fá theanga. Níl duine ar bith a thug cuairt ar an Ghaeltacht le 30 bliain anuas nach dtug an bochtanas faoi deara; nach bhfaca easpa deiseanna inti – easpa atá go fóill ann i mórán áiteacha.
Tugann cainteoirí Mhic Ruairí léargas urramach dúinn ar an Ghaeltacht sin ach cuireann siad i gcuimhne dúinn an sracadh a bhí sa ghlúin sin romhainn.
Sea, bhí dúshláin le sárú – le dul i muinín bhéarlagair an lae inniu – ach amharc go raibh greann ann agus cuideachta agus daoine cumasacha le tabhairt faoi na dúshláin sin.
Mol an óige...? Ná bac leis sin.
Mol an aois!