Is é Diego Armando Maradona an peileadóir is fearr dár mhair riamh. Tá seans maith ann go mbeadh daoine abhus ag cur a gcuid airgid ar Mick O’Connell nó ar Rónán Ó Gadhra, agus bheadh a gcúis acu.
Ina choinne sin, is beag duine ar éirigh leis oiread sin craobhacha a bhuachan, agus Corn an Domhain san áireamh, leis an mbullán beag matánach úd ó chúlshráideanna Lanús, gar do Bhuenos Aires.
Rinne sé an mhíorúilt sheachtainiúil sin os comhair na mílte Iodálach nuair ba lú a raibh coinne acu léi; shamhlófá go raibh súile i ngach ball dá cholainn.
B’éigean dó, gan amhras, a bheith i bpáirt le foirinn, ach is ar son na foirne a dhéanadh sé na gaiscí, óir thuig sé nárbh ann dó ceal foirne, agus thuig an fhoireann nárbh ann di gan é.
Tá smut láidir den neamhspleáchas comhpháirteach sin i ndúchas na hAirgintíne. Sa chás gur samhail í an pheil don chaidreamh daonna tá scéal na ngauchos ar scéal chomh léiráititheach is a gheobhaidh tú.
Mhaígh sé féin go raibh lámh Dé san obair nuair a bhuaigh sé ar Shasana, nach mór ina aonar, ar an lá cáiliúil sin 22 Meitheamh 1986, mar dhíoltas ar chogadh na Fáclainne.
Thugtaí Santa Maradonna air in Napoli, agus nuair a caitheadh amach as Corn an Domhain é sa bhliain 1994 de dheasca beagán beag eifidríne a bheith ina chorp, bhí léirsithe ar a shon ar fud na cruinne; go deimhin sa Bhanglaidéis féin, ball nach bhfuil cáil na peile air.
Pé ní ina thaobh sin, tá na mílte in Barcelona agus in Buenos Aires a cheapann go bhfuil An Spiorad Naomh i gcosa Lionel Messi faoi láthair.
An té a chífeadh é faoi lánseol, nó faoi láneitilt, nó lánghluaiseacht, nó faoi lánrince, nó faoi lándraíocht, ba dheacair é sin a shéanadh. Le tamall anuas, fág eacnamaíocht ghránna an tsaoil iarbhír as an áireamh, ba dhóigh leat go bhfuil an Spiorad Naomh céanna tar éis tuirlingt ar an Airgintín.
Is é Jorge Mario Bergoglio, nó an Pápa Proinsias duitse agus domsa, an duine is déanaí de scoth na ndaoine ón tír sin a bhfuil aird an domhain air.
Níor thúisce tofa é ná thosnaigh an salachar á raideadh chuige. É seo, toisc gur dúradh nár dhein sé a mhórdhóthain cur i gcoinne dheachtóireacht mhíleata na nGinearál ina thír dhúchais i 70í agus in 80í na haoise seo caite. Tá seans maith nár dhein, gan amhras, ach cé a dhein, agus cé a dhéanfadh?
Tá an fhianaise, faoi mar a ritheann, scáinte go leor, agus teimhneach agus cogar mogarúil.
Ach chuirfeadh sé músc ar mhuc an tslí a mbíonn na meáin ramhra abhus breá sásta léim sa bhearna cháinte i dtaoibh daoine a bhí in umar an bhaoil fad is a bhí siad féin go deas teolaí ina leapacha clúmh.
B’fhurasta teacht ar shamplaí iomadúla inar chúlaigh an Eaglais Chaitliceach faoi scáth an chiúnais nuair a bhí na tairní á mbualadh sna troithe; b’fhurasta teacht ar shamplaí eile inarbh iad na sagairt agus na mná rialta an t-aon chosaint a bhí ag na boicht i gcoinne na tíorántachta, go háirithe i Meiriceá Laidneach.
Is é a amhlachas sin ar ais é maidir le Mo Yan, an scríbhneoir Síneach, a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta anuraidh.
Tháinig an tréad caorach agus an tsaithe phuch amach ina lánghlam binbe ag gearán nár sheas sé in aghaidh an Pháirtí Chumannaigh, nár labhair sé faoin éagóir ar lic a dhorais, nár phíobáil faoi shárú cearta daonna.
Féach sin! Ní léir go bhfuil scuaine de scríbhneoirí Meiriceánacha amuigh ansin ag cásamh a gcuid dúnmharaithe rialta ón aer ná ar thalamh; ná peannairí Pharis chun tosaigh ag faire ar sheanimpireacht na Fraince ag at arís ar fud thuaisceart na hAfraice – agus gan pioc le cailliúint acu féin.
Síntear slat na polaitíochta suas le gach scríbhneoir nó eaglaiseach as tíortha ar cheart a bheith amhrastúil i dtaoibh na rialtas iontu.
Ní chuirtear an tslat tomhais chéanna i bhfeidhm ar ár gcuid féin, bíodh go bhfuil i bhfad níos mó saoirse againn, agus gur bheag an chontúirt go gcarcarófar sinn má deirimid rud éigin gan a bheith taitneamhach faoi Enda ná Angela ná Olli ná Dáithí ná Christine.
Mura bhfuil ár gcuid iriseoirí ráflála ná ár gcuid scríbhneoirí teallaigh sásta labhairt amach faoinár gcúinsí bogdheasa féin, cén seans go gcloisfí gíocs astu faoi réimeas ina mbeadh cnag ar an doras i lár na hoíche agus príosúnaigh á gcaitheamh amach as eitleáin?
Go deimhin, cén uair cheana a bhfuil cuimhne agat ar urlabhraí ná ar easpag ó cheann dár gcuid eaglaisí bunaithe i gcríocha na hEorpa ag labhairt amach go dána i gcoinne ár n-ár laethúil, idir dhíreach agus indíreach?
Agus ní raibh Borgoglio rómholtach faoi Mhargaret Thatcher tráth – caithfidh go bhfuil sé ar fheabhas, mar sin!