Tá sé ina chliché in aice láimhe gach dalta scoile go bhfuil an saol ag athrú níos mire ná mar a bhí sé riamh.
É seo go léir in ainneoin go bhfuil an ‘machnamh criticiúil’ i gceartlár chorp an churaclaim istigh.
Tá an saol ag athrú ar an luas céanna is mar a bhí sé i gcónaí de réir na n-arstreolaithe, dream a thuigeann nach ann don am go fiú is má fhaigheann siad féin bás.
Athrú cultúir, sin rud eile ar fad.
An cultúr seo againne atá ag athrú ar dalladh anois, agus go deimhin ar luas lasrach, agus ina dhiaidh sin ar nós na gaoithe, agus ina chaorthine, agus ina splanc cosúil le giorria Mhárta in aon philéar amháin (an méid seo ar son daoine atá ag bailiú nathanna i gcomhair seachtain na Gaeilge), ar éigean gur athraigh leis an luathacht chéanna ná chomh hobann ná ar ghreadadh chomh mear (do dhaltaí onóracha), ná chomh prapchlaochlóideach (do lucht ollscoile) le teacht na Críostaíochta go hÉirinn.
Dá mbé Pádraig an t-aon naomh a bhí riamh in Éirinn níorbh é an t-aon mhisinéara é.
De dhealramh, tugadh na mílte eile Críostaithe ina sclábhaithe chugainn, agus ní foláir nó d’fhág siad sin rian éigin den chreideamh eachtrannach Rómhánach gallda seo inár measc.
Ní féidir go raibh Palladius a cuireadh chugainn sa bhliain 321 a.d. ina aonar ach an oiread sa tslí dhuit go gceapfá go raibh síol an reiligiúin nua curtha roimh Phádraig féin.
Is beag an t-eolas atá againn ar Phalladius, ach tá’s againn go raibh iníon aige – mo bhrón, is mo mhairg, níor theastaigh uaim sin a rá, ach tá sé ceart go leor, déanadh bean rialta di.
Chaith sé tamall sa tSicil leis an Mafia a d’fhan i bhfolach abhus go dtí gur bunaíodh Fianna Fáil.
Níor ghlac na Laighnigh leis, óir níor aidhin sé an tine leo, agus caitheadh amach é mar inimirceach mídhleathach de réir chúirt uachtarach na mbreithiún a fuair a cuid oideachais ar fad sna scoileanna príobháideacha a bhí ag na draoithe, na croíthe móra le gach rath.
Mar le Pádraig de, b’éigean dó déithe a mharú.
Marú déithe
Liosta le háireamh iad: Lugh agus Clíona agus Dian Ceácht agus Manannán agus Macha agus Meadhbh agus Danu agus Goibhniu agus Oghma agus eile…
Bhí déithe ann ar son an uile ní, déarfá, ach ní léir gur chuir siad troid rómhór suas i gcoinne an réimis nua.
B’é ba mhíorúiltí a ghasta is a fuair na déithe sin bás. Laistigh de dhá nó de thrí cinn de ghlúine ar éigean má bhí trácht orthu, seachas mar scáileanna nó mar mheafair.
In ainm Croim, cé a chromann do Chrom seachas in Cromadh an Dubhachais?
Laistigh den chúpla glúin sin bhí an tír Críostaithe, go deimhin, bhí an t-oileán Críostaithe chomh maith. Bhí ionaid fhoghlama agus léinn agus ollscoileanna (mar a thabharfaí inniu orthu) á mbunú agus á gcraobhú.
Is iontu a bhíodh leabhair á ndéanamh agus á scríobh. Sna hionaid fhoghlama agus léinn agus i gcuid mhaith coláistí saghas tríú leibhéil atá thuas anois ní bhfaighidh tú siopa leabhar ar bith, ach d’imigh sin agus d’imigh sin.
Tá a amhlachas céanna ar bun anois. In ionad na ndéithe thiar tá na déithe nua: Saint agus Faisean agus Prupurtaíladdar agus Measúlacht agus Mosúlacht agus Cibérudadurtú agus Miseméféinigféineachféin agus Cumaliomsatsiocachas, déithe a bhfuil foirgnimh agus séipéil i bhfad níos spiagaí agus galánta ná mar a bhí ag eaglais ar bith abhus.
Tháinig an Chríostaíocht gan choinne agus d’fhothaigh go mear. Tá ag imeacht chomh gasta céanna, bíodh is go mairfidh Pádraig plaisteach inár measc go ceann tamaill fós.