Seolfar dhá chnuasach nua filíochta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 11ú Deireadh Fómhair. Damlanguage:Dambatheanga an t-ainm atá ar chnuasach nua le Mícheál Ó Ruairc agus Fé Sholas Luaineach ainm an chnuasaigh le Simon Ó Faoláin. Is ag 6.30pm san ionad, Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh (in aice leis an Mont Clare Hotel) a bheas an ócáid.
![Simon Ó Faoláin](https://www.irishtimes.com/resizer/v2/W3BHZEGFQPMTYDV66JIEYYZ5BQ.jpg?auth=28f5bb93c7babbdb7ff1c75c6a3ef818d325cb8ed5c5b2485f23e3a9b462f933&width=800&height=450)