‘Tá na Rúisigh ag teacht’. B’in teideal a bhí ar dhrochscannán grinn a nochtadh sna 1960í nuair a bhí an ‘cogadh fuar’ in airde láin, ach ba léir gur ó na fiacla amach a bhí an teideal.
Um an am sin níor measadh feasta go raibh an tSoivéad Aontaithe ag iarraidh concais ar an domhan ar fad, ach bhí an macalla beo le háibhéil is leis an earra sin a dtugtaí íoróin air.
Go hobann tá an toise fhrith-Rúiseach dúisithe arís.
Tá an Tsár Púitín tar éis ‘buataisí a chur ar an mblár’ chun cuidithe lena chomhbhúistéir Basher Al Hassad fanacht ar a chathaoir ríoga.
Go leor den eite chlé gan mhachnamh is dóigh leo gur cor chun maitheasa páirtíocht na Rúise san ár, bíodh go bhfuil cuid againn a mheasann go saonta gur chuma más roicéad Rúiseach, nó tua Talibain, nó saighead Shasanaigh, nó piléar Phoblachtánaigh, nó buama Bhantu, nó claíomh Cheanadach féin a chuireann as duit.
Is tú atá marbh.
Sa scannán breá sin Michael Collins taispeántar lucht féachana chluiche Dhomhnach na Fola á lámhach ag carranna armúrtha.
Ní raibh aon charranna armúrtha ag arm na Breataine i bPáirc an Chrócaigh an lá sin. Níor léiriú fírinneach stairiúil atógáil sin Neil Jordan.
Ó shin i leith samhlaím na daoine a lámhachadh ag síneadh ag lámha in airde agus ag éamh amach in airde a gcinn is a gcéislíní – ‘Féach, mo bhuíochas leat! Nach iontach nach piléar ó mheaisínghunna a chuaigh trí mo chloigeann, nach iontach gurbh urchar ó Lee-Enfield a bhain na sceilpíní as mo bhlaosc is a dhein bludar de mo bholg!’
Ar an gcuma chéanna is dóichíde ar fad gur róchuma leat más claíomh de chuid na hAraibe Sádaisticí, nó piléar ó Phúitin, nó buama ó Bheairic Ó Buama, nó mianach ó Mherkill, nó bior nimhe ón mBulgáir féin a chuireann as duit.
An cailín atá ag triall ar an dtobar in Al Hwash, nó an buachaill atá ag tionlacan a dheirfúrach abhaile ón scoil in Ras Al-Khasufah na Siria, is róbheag leo cén t-inneall báis a chnagann iad.
Sin a slán leo feasta leis an saol seo, agus sorraí go brách leis an mbeatha a bhí.
Cluiche páirce báis atá i bhfearainn fhairsinge fhásaigh na hIar-Áise, nó an Mheáin Oirthir féin, dá mhíchruinne mar théarma é, agus is iad na gnáthdhaoine bochta atá thíos, agus sé throigh thíos leis.
Ba chuma linn mórán faoin tSiria go dtí gur thosnaigh na céadta de mhílte ag snámh chugainn, agus go díreach nuair a bhíomar ag éirí bréan den tsíorchabaireacht ina dtaobh, cromann na Rúisigh ar an díospóireacht a mhúscailt arís.
Óir tá eagla orainn roimh na Rúisigh, mar b’fhéidir, mar adeir an scannán, go bhfuil siad ag teacht chugainn – uair éigin, amach anseo, cá bhfios, i bhfad na haimsire, mar a sheolann an ghaoth, ag túr na tairngreachta.
Pé ní fúinne, is sa tSiria atá siad faoi láthair, cosa ar an gclár, eitleáin ar an aer, agus comhairleoirí ar na cosáin, agus go hobann tá doircheacht tar éis tuirlingt ar an gcúinne beag seo den domhan.
Iad siúd a bhfuil braon den fhuil Stailíneach fós ina gcuisleanna acu beidh áthas orthu go bhfuil an seanmhathún ag dúiseacht agus beagán fola le tarraingt as sróin na bPoncánach.
Tá gamal déanta de féin arís ag an mBeairic Ó Buama nuair a chrom ar a phort go dtiomáinfeadh roicéid na Rúise níos mó daoine isteach i mbaclainn ISIS. Is ea, leis, cuirfidh buamaí na Stát Aontaithe an croí trasna orthu, ach misneoidh buamaí na Rúiseach níos mó fós iad!
Ach ná ceapfadh aon duine nach cor sa chluiche mór polaitiúil é sleaschéim na Rúiseach isteach sa scéal.
A leas féin atá uathu go díreach mar gurb é a leas féin atá agus a bhí ag teastáil ó gach cumhacht impiriúil a chuir a gcuid long ag gluaiseacht, a gcuid cipí ag máirseáil, nó a gcuid eitleán ag seoladh riamh.
B’í an Eoraip blár cogaidh na n-impireachtaí lofa 100 bliain ó shin, an Afraic tamall roimhe sin, oileáin siúcra agus fearainn samhlaithe óir níos faide siar fós. Tá an chuma air go mbeidh na himpireachtaí lofa nua á bhféachaint le chéile arís timpeall ar dheisceart na hÁise Bige gan a thuilleadh righnis.
Níl aon amhras ná go bhfuil Réamonnaigh gach tíre cheana féin ag ullmhú óráidí agus ag dearadh póstaer ar fuaid na gcríoch ag áiteamh ar an óige a bheith réidh ullamh chun troda agus a ndualgas a dhéanamh mar go bhfuil siad i mbaol ón dream eile, pé iad féin.
An seanscéal riamh.
Fainic! Is sleamhain iad briathra an bhéil mhóir.