An seanaighneas beo fós

Sin í an sceimhle a bhíonn ar dhaoine roimh na healaíona, níl siad ‘praiticiúil’.

Ollscoil na Gaillimhe
Ollscoil na Gaillimhe

Mhúscail an díospóireacht mar gheall ar ísliú gradaim nó stádais a thabhairt don chéim sna healaíona nó sna dána in Ollscoil na Gaillimhe, díospóireacht a bhí riamh ann. Is é sin cad chuige na healaíona seo ar fad, cén mhaith iad, óir is léir nach gcuireann siad aon im ar an arán ná ar an tornapa ach an oiread? I gcroí gach aon tuismitheora (beagnach) bíonn an tochas beag le cuimilt maidir le cén bóthar a ghluaisfidh a Seáinín agus a Máirín (cé gur dócha gur Rían agus Raya a bheidh orthu anois).

Bíonn an focal ‘praiticiúil’ greanta le soilse tine nó le druilire leictreach in áit éigin ar chúl an chinn, óir níl aon duine ag iarraidh go mbeadh a gclann mhac is iníon ina gcónaí sa ghairéad ar bhrioscaí tirime agus fíoruisce ón sconna.

Sin í an sceimhle a bhíonn ar dhaoine roimh na healaíona, níl siad ‘praiticiúil’. Is fíor sin, gan amhras, níl maitheas ar bith iontu, cur amú airgid agus allais, díomailt ama, saothar in aisce go háirithe nuair b’fheidhmiúla galf a theagasc sa bhunscoil. Níl aon duine ag iarraidh go mbeadh an lia os a chionn le sceanóg níos oilte ar litríocht ghrá na sean-Pheirse seachas ar an ngearradh. Ní bheadh aon duine róshásta dá mbeadh an píolóta lastuas de chadás bog na scamall ag smaoineamh ar an gceist mhór fhealsúnta cé acu a bhfuil saorthoil againn nó an amhlaidh nach bhfuil ionainn ach púróga de chuid na cinniúna agus na hintleachta saorga.

Níl na healaíona, na dána, an léann daonna, mar a thugaimid air ina chruthanna éagsúla, praiticiúil. Is ionann dóibh an míle Gaelach agus an míle Sasanach, tomhas nach gcuirfeadh aon duine chun na gealaí, nó is cinnte fós nach dtiocfadh sé ar ais, agus níos tábhachtaí bheifí déanach leis an mbó a dhíol ar aon aonach. Níor chuir Raiftearaí riamh aon trácht ar lárionad luathoibritheach lascacháin ná ar phróiseáil shonrach leictreonach sheicheamhchruachta chomhéadain choimhneasta ina chuid dánta, ach ceoltar iad mar sin féin.

Is é sin le rá, d’fhocail ghearra, ní hionann tiomáint an léinn dhaonna agus an cnaipe díreach atá agat le brú. Ní hionann é agus an bosca atá le ticeáil. Ní féidir a thomhas. Fágtar lucht céimseatan agus áirimh agus lucht comhairimh mac léinn ollscoile agus líon gach cúrsa céime seachas a chéile agus lucht meánbhainistíochta nach bhfuil faic eile le déanamh acu, agus brú oibre gnó a bhfuil airgead le síneadh acu agus rialtais atá acu faoi smacht agus ollchomhluchtaíochta tionsclaíochta a stiúraíonn an saol, agus barbaracht na mbancanna, agus súmaireacht na saoithe, rialóirí lucht eacnamaíochta, aos figiúr na cruinne, fágtar as an áireamh iad, is earra é an ealaín, na dána, an léann daonna nach féidir le IS breith air, is ann dó fós beag beann ar aon rud ach an duine féin.

Ait le rá, agus in ainneoin an uile eile, éilíonn an duine go mbeadh scéalta aige, go n-aithriseodh sé filíocht, go gcumfadh ceolta, go n-éistfeadh amhrán, go gceisteodh stair, go meabhródh fealsúnacht, go bhfiafródh ceisteanna, go mblaisfeadh drámaíocht, go samhlódh beatha eile, go dtumfadh san amhras, go bpléifeadh an saol máguaird, go n-allagódh an neamhfhios, go stróicfeadh an phuscinnteacht, go gceapfadh a mhalairt, go suífeadh éiginnteacht, go gcothófaí iontais, go gcuardódh timpeall, go ngairdeodh le haoibhneas, go n-aithneodh éagsúlacht, go n-admhódh aineolas, go gceapfadh an docheapaitheacht, go rachadh in umar na haimpléise, go salódh an ghile, go ngealfadh an salachar, go gcamfadh céimseata, go mbeadh níos daoneolgaisí ná eolaíocht, go n-ólfadh de thobar na feasa agus na hamaidí in éineacht...

Ní beag sin mar thús go mbeidh na dána, na healaíona farainn go deo, nára maith le hollscoil, le lucht tomhais, ná le rialtas.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar