Ar an séú lá de Mheán an Fhómhair sa bhliain 1620, sheol long ina raibh 120 duine agus dhá mhadra amach ó chaladh Plymouth Shasana ar thuras a chuir cor nua i stair an domhain chun oilc, agus uaireanta chun maitheasa. Rinne siad éadach lán dóchais agus níorbh fhurasta a dturas agus iad amuigh ar an domhain ag seoladh na seanfharraige siar. Ba mhinic éadan na gaoithe aniar ina gcoinne agus níorbh fholáir a bheith ag gabháil is ag gearradh chun aon dul ar aghaidh a dhéanamh. B’éigean dóibh a seolta a chornadh nuair a bhí an mhuir tógtha agus an doineann ag gabháil steallaidh orthu. Ba mhall a dtriall ar luas dhá mhíle san uair agus bhí trí scór agus cúig lá ann go bhfaca siad faoileáin os a gcionn agus dath an uisce ag athrú ó ghorm go glasuaine lag.
B’in é an chéad uair a chonaic siad talamh i moiche na maidne agus slisne gealaí fós sa spéir ag dul i bhfainne. Faoiseamh a bhí orthu go raibh an turas curtha díobh slán acu ar long bheag ag cur thar maoil le daoine i gcábáin bheaga in aer plúchtach fara boladh bréan na bpotaí múin a bhí mar chompánaigh acu. Cheana féin bhí siad gann ar uisce agus ar leann agus ar bhreosla tine. Bhí comharthaí scorbaigh ar chuid acu – drandail ag cur fola, fiacla scaoilte, agus anáil lofa. Daoine diagasúla ba ea a bhformhór ag éalú ó leatrom Shasana, agus is iad a bhí deimhin de go raibh obair Dé á déanamh acu. Lonnú nua in áitreamh úr a bhí uathu ina bhféadfadh siad Dia a adhradh agus a gcreideamh a chleachtadh ar a slí féin. Thabharfaí cultas orthu sa lá atá inniu ann, ach thugadar ‘Oilithrigh’ orthu féin.
An scéal a instear de ghnáth mar gheall ar an Mayflower agus mar ar ghabh sé port go séimh síothóilte agus gur sheas an chéad duine ar charraig atá le feiscint anois faoi fhorscáth eibhir in Pilgrim Memorial State Park in Plymouth Massachusetts tá chomh fíor le heitilt an dódó. Thóg sé breis agus mí orthu teacht ar áit leis an long a fheistiú i gceart agus ionad oiriúnach a aimsiú sular cuireadh tús le fráma an chéad tí Lá Nollag 1620. Chaitheadar an mhí sin ag taiscéaladh na dúiche agus ag baint trialach as baill éagsúla, ina measc áit a bhfuil Thievish Harbour air, ainm nár aithníodh an íoróin ann.
Ar a gcuardach dóibh ghoid siad bia a bhí stóráilte ag na bundúchasaigh, chroch siad leo ábhar ó bhaile ag bhí tréigthe don gheimhreadh agus rinne réabadh ar reilig ag tabhairt “cuid den stuif ab fhearr a bhí ann” leo. Déarfá gur samhail fhírinneach ba ea an méid sin ar a raibh le teacht.
READ MORE
B’iad sinsir na Stát Aontaithe na daoine sin, a bhfuil comóradh 250 bliain den tsaoirse (do chuid acu) faoi leathsheol anois. Níorbh iad a thionscain an 240 bliain den sclábhaíocht a rinne ollsaibhreas gan tomhas agus cumhacht thar cuimse na tíre ar ball. Ach b’iad a chuir tús leis an scrios ar na hIndiaigh, mar a thugtaí orthu, na ciníocha is boichte agus is léanmhaire fós ar fud na críche. An méid díobh a tháinig slán.
Ach na Pocumboc, Quinniplac, Nicolino, Apalachee, Ruonoke, Calusa, Massachusetts, Bidai, Kaskaskia, Moingona, Curee, Yahi, Korua, Pensacola, Susquehanneck, Plankishaw, Neusiak, Wea, Socatan, Wicocomico, Siwanoy agus na céadta náisiún eile nach bhfoighneodh an t-eagarthóir liom iad a liostáil, ní hea amháin nach bhfuil siad bocht ná léanmhar, ní hann dóibh níos mó. Iad scuabtha de dhroim an tsaoil, cinedhíothaithe leo gan tuairisc i spros na staire.
Cé a thabharfaidh chun cuimhne iad sa chomóradh 250 bliain seo?














