Thall is Abhus

Meascra scéalta

Beidh Mórshiúl Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an 20 Meán Fómhair
Beidh Mórshiúl Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an 20 Meán Fómhair
Dearg le Fearg
Dearg le Fearg

Tá na Gaeil ag dul chun sráide!

Beidh sráideanna Bhaile Átha Cliath dubh le daoine agus dearg le fearg Dé Sathairn 20 Meán Fómhair mar go mbeidh an chéad agóid náisiúnta ‘CEARTA’ ar siúl le breis agus deich mbliana. Tosóidh an agóid ag Cearnóg Parnell agus rachaidh na Gaeil chomh fada le Teach Laighean le haird a tharraingt ar chruachás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Seo an chéad mhórshiúl Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ó bhí 2018 ann - ar mhórshiúl ceiliúrtha é seachas agóide - agus táthar ag súil go mbeidh na mílte daoine i láthair arís.

Beidh pobal na teanga ag éileamh a gceart maidir leis an fhadhb thithíochta sa Ghaeltacht, cúrsaí oideachais ó thuaidh agus ó dheas, cosc ar chomharthaíocht dhátheangach i spásanna poiblí sna sé chontae agus easpa maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, gan ach cúpla príomhphointe a lua.

Tá leathanach tiomnaithe ag Conradh na Gaeilge ar líne a bhfuil tuilleadh eolais le fáil ann maidir le busanna, t-léinte atá ar díol ag an Siopa Leabhar agus liosta iomlán na móréileamh.

Cuir sa dialann é agus téigh chuig cnag.ie/glac-páirt don scéal ar fad.

Peig.ie
Peig.ie

An bhfuil post trí Ghaeilge uait?

Ar bhain tú céim amach i mbliana agus tú ag smaoineamh ar aghaidh a thabhairt ar shaol na hoibre? An bhfuil post páirtaimseartha uait agus tú ag freastal ar an ollscoil? Nó ar mhaith leat deis úr a thapú agus do phost a athrú? Cibé rud é, tá cúpla leathanach den scoth ar PEIG.ie le cuidiú leat teacht ar an phost is fearr duitse.

Fógraíonn PEIG.ie poist ina bhfuil an Ghaeilge ina riachtanas nó ina buntáiste in Éirinn agus fud fad an domhain. Áis iontach is ea an leathanach seo mar go ndéantar nuashonrú air gach lá agus tá gach folúntas in ord croineolaíoch ag brath ar an spriocdháta atá luaite leis. Chomh maith leis sin, is féidir an scagaire a úsáid le hamharc ar phoist i gceantar, i gcontae nó i gcúige ar leith ionas nach bhfeicfidh tú ach na poist a bheadh fóirsteanach duit féin.

Tá go leor áiseanna eile ar fáil ar PEIG.ie le cuidiú le daoine atá ag tosú amach ina ngairm nó a bhfuil comhairle de dhíth orthu maidir le post Gaeilge a fháil – tá leabhrán den scoth a phléann gairmeacha le Gaeilge in Éirinn agus san Eoraip araon, comhairle agallaimh, leideanna d’fhísagallaimh chomh maith le CV samplach Gaeilge.

Tá gach ceann de na háiseanna seo, agus níos mó, ar fáil ar PEIG.ie/foluntais agus arPEIG.ie/fostaiocht

Seodra
Seodra

Cuir barr maise ar d’fheisteas le seodra gleoite Gaelach

Is breá liom a bheith ag brabhsáil ar líne agus ag amharc ar na treochtaí nua faisin a bhíonn ag teacht chun cinn i gcónaí. Is iontach an inspioráid a fhaightear ar na meáin shóisialta! É sin ráite, cuirtear an-chathú orm in amanna airgead a chaitheamh ar ‘mhiontreochtaí’, nó microtrends – baill éadaigh nach mbeidh mé in ann a chaitheamh arís agus arís eile agus nach bhfanfaidh i bhfad ‘i bhfaisean’.

Is fearr a bheith ag spraoi thart leis na héadaí atá agat cheana féin le feistis nua a chur le chéile agus le cuidiú leat fanacht glan ar an tobcheannach. Faighim gur bealach den scoth é seodra chun mé féin a chur in iúl agus chun pearsantacht a thabhairt do gach feisteas a chaithim.

Tháinig mé ar Betty&Biddy cúpla bliain ó shin, comhlacht Éireannach a dhéanann seodra den scoth ar phraghas nach mbrisfidh an banc. Tá píosaí deasa míne acu chomh maith le seodra cultacha a thabharfaidh rogha d’achan duine le dul le cibé stíl atá acu féin. Is breá liom an réimse seodra Gaeilge a bhfuil seanfhocail agus nathanna cainte deasa scríofa orthu go háirithe. Dhéanfadh píosa seodra Betty&Biddy bronntanas galánta agus is cinnte go gcuirfeadh sé beocht i vardrús ar bith fosta.

Tá réimse seodra Gaeilge agus gach rud eile le fáil ag bettyandbiddy.com

Moya Doogan
Moya Doogan

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Moya Doogan

Dá mbeinn chun leathanach Instagram a mholadh do chainteoir Gaeilge ar bith a dhéanann iarracht a bheith faiseanta agus meabhrach ar an timpeallacht ag an am céanna, sílim go mbeadh @environmentaleadai ar bharr an liosta.

Thit mise i ngrá le leathanach Moya roinnt mhaith blianta ó shin mar gheall ar a cuid éadaí ildaite agus an teachtaireacht láidir a bhíonn á roinnt aici go rialta. Níl Moya i ndiaidh ball nua éadaigh a cheannach ó bhí 2019 ann agus léiríonn sí arís agus arís eile go mbíonn éadaí dara láimhe chomh faiseanta le rud ar bith a gheofá sna siopaí mórshráide. D’oibrigh sí ar an scannán Kneecap agus ar an tsraith theilifíse Derry Girls, chomh maith le bheith ina moltóir ar an tsraith Síorstíl ar TG4 – is cinnte go bhfuil sí breá eolach ar chúrsaí faisin mar sin de!

Roinneann Moya píosaí beaga eolais faoi fhadhbanna móra domhanda fosta amhail cinedhíothú na bPalaistíneach i nGaza, athrú aeráide agus mearfhaisean, agus na rudaí tábhachtacha is féidir linne féin a dhéanamh le dul i ngleic leo.