Ní fada go mbeidh 30,000 dalta agus múinteoir dara leibhéal ag tabhairt faoin RDS i mBaile Átha Cliath don ócáid gairmeacha Higher Options, ceann de na hócáidí is mó i bhféilire an Irish Times gach bliain.
Tugann an t-imeacht, a bheidh ar siúl an 17-19 Meán Fómhair i mbliana, deis do dhaltaí sa chúigiú agus sa séú bliain ó cheann ceann na tíre eolas sárluachmhar a fháil le cuidiú leo teacht ar an chonair ghairme is fearr dóibh féin, bíodh sé sin in Éirinn, san Eoraip nó níos faide ó bhaile.

Beidh níos mó ná 130 institiúid tríú leibhéal i láthair ag Higher Options i mbliana, rud a fhágann gurb é an t-aonach oideachais is mó in Éirinn é.
Beidh rannóga iontrálacha agus ionadaithe na mac léinn ó ollscoileanna éagsúla ann le labhairt le daltaí, le tuismitheoirí agus le treoirchomhairleoirí agus ceist ar bith dá gcuid a fhreagairt thar thrí lá na hócáide.
READ MORE
Áis thar a bheith fiúntach agus tairbheach is ea an Cheathrú Ghaeltachta ag Higher Options do dhaltaí a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an Ghaeilge amach anseo nó a bhfuil baint acu leis an teanga ar bhealach ar bith. Beidh an iliomad eolais agus acmhainní le fáil ó na seastáin faoi shaol na Gaeilge sna hollscoileanna agus sa tionscal gairmiúil agus faoi na deiseanna ar fad atá ag Gaeilgeoirí óga sa lá atá inniu ann, chomh maith le cainteoirí den scoth le labhairt ar a dtaithí féin ag obair leis an teanga.
I measc na gcainteoirí a bheidh ar an láthair i mbliana beidh Laura Pakenham, Bainisteoir Cúnta Cumarsáide leis an tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS), Jason Gavin, Ateangaire Comhdhála leis an Choimisiún Eorpach, agus Róise Goan, Stiúrthóir Ealaíne agus Príomhfheidhmeannach Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath.
An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú, mar a deir an seanfhocal, agus is cinnte gur buntáiste iontach í an Ghaeilge agus tú ag iarraidh do cheann scríbe a bhaint amach.
Ón phleanáil teanga i nGaeltachtaí galánta na hÉireann go saothar an aistritheora i gceann de mhórchathracha na hEorapa, níl teorainn ar bith leis na deiseanna a thabharfaidh an Ghaeilge duit agus tú ag tosú amach ar do chonair ghairme. Seans go bhfuil tú ag iarraidh tionchar dearfach fadtéarmach a imirt agus a bheith i do mhúinteoir, nó do ghnólacht féin a bhunú, nó dul leis an dlí, nó b’fhéidir a bheith i do réalta theilifíse.
Cibé rud é, is cinnte go dtiocfaidh tú ar nod fiúntach nó dhó ag Higher Options.
Beidh cuid de na hollscoileanna is mó sa tír i láthair ag an Cheathrú Ghaeltachta chun an réimse leathan cúrsaí Gaeilge atá ar fáil in Éirinn a thaispeáint do dhaltaí, idir ghnó agus chumarsáid agus idir pholaitíocht agus bhunmhúinteoireacht.
Beidh siad ábalta cuidiú leat pleanáil chun cinn, an próiseas iarratais a phlé, nó ceisteanna ginearálta faoi shaol na hollscoile a fhreagairt.
Tá go leor buntáistí ag baint le staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge ar an ollscoil, ach go háirithe ó bronnadh stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach uirthi sa bhliain 2022.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha oifigiúla eile an Aontais agus go bhfuil deiseanna fostaíochta den scoth ar fáil in Éirinn agus ar an Mhór-Roinn araon.
Bíonn go leor leor daoine ag taisteal chun na Bruiséile le dul ag obair mar aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe Gaeilge ann agus tá pobal galánta Gaelach bunaithe sa Bheilg anois.
Tá sé le feiceáil le tamall go bhfuil borradh suntasach faoi thionscal na scannán Gaeilge lena leithéidí Kneecap agus An Cailín Ciúin ag tabhairt ardán domhanda don teanga i measc réaltaí móra Hollywood ag na Oscars agus na Baftas. Reáchtálann TG4, a mbeidh seastán acu ag an Cheathrú Ghaeltachta i mbliana, neart cúrsaí oiliúna agus scéimeanna taithí oibre do dhaoine óga chun freastal ar an éileamh atá ag fás i gcónaí agus chun na bunscileanna a sholáthar atá dhíth le bualadh faoi shaol na meán.
Post thar a bheith luachmhar agus sásúil é a bheith i do mhúinteoir agus bíonn an-tóir ar na cúrsaí múinteoireachta i gcoláistí na hÉireann gach bliain.
Post thar a bheith luachmhar agus sásúil é a bheith i do mhúinteoir agus bíonn an-tóir ar na cúrsaí múinteoireachta i gcoláistí na hÉireann gach bliain. Beidh Institiúid Oideachais Marino i láthair ag Higher Options chun daltaí a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann leis an chúrsa bunmhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge agus le heolas a roinnt faoi shocrúcháin scoile agus sparánachtaí araon. Má tá suim agat féin a bheith i do mhúinteoir bunscoile i scoil lán-Ghaeilge nó scoil Ghaeltachta, is iomaí deis a bheidh ar fáil duit i Marino.
Chomh maith leis sin, bíonn scéimeanna cónaithe ar fáil do mhic léinn in ollscoileanna ar leith in Éirinn, agus deis iontach atá sna scéimeanna seo árasán nó teach a roinnt le Gaeilgeoirí óga eile a bhíonn páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge ar champas.

Cuireann na scéimeanna cónaithe seo go mór le heispéireas na hollscoile do Ghaeilgeoirí mar go mbíonn deis ar leith acu bualadh le daoine óga eile a bhfuil an dearcadh céanna acu, feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga agus sóisialta, spás aitheanta agus sábháilte a chruthú don Ghaeilge ar champas, agus imeachtaí agus feachtais a reáchtáil san ollscoil.
Bíonn deontais agus scoláireachtaí ar fáil i gcuid de na scéimeanna seo mar spreagadh breise do Ghaeilgeoirí óga agus le cuidiú le teaghlaigh.
Níor cheart go mbeadh eagla ort mura bhfuil cúrsa ollscoile do do mhealladh, mar tá scoth na bprintíseachtaí ar fáil in Éirinn do dhaltaí a bhfuil suim acu cúrsa níos praiticiúla a dhéanamh agus a bheith in ann an cheird a fhoghlaim san áit oibre. Tá scéim iontach ag Údarás na Gaeltachta a chuireann scoláireachtaí ar fáil d’iarrthóirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu atá i ndiaidh an scoil a fhágáil. Tagann 15 earnáil éagsúla faoin scéim, an t siúinéireacht, an ghruagaireacht agus an fáilteachas agus bia ina measc.
Is léiriú é an réimse dochreidte leathan deiseanna atá ar fáil leis an Ghaeilge, agus an gcreidfeá nach bhfuil sa mhéid seo ach cuid den scéal? Tá pacáiste eolais úrnua curtha le chéile ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) ina gcuimsítear gairmeacha le Gaeilge chomh maith le heolas faoi sparánachtaí agus scoláireachtaí agus treoir faoi phróiseas iarratais an CAO. Tá na leabhráin seo ar fáil ar líne ag tairseachcogg.ie.
Mar sin, tapaigh an deis agus bí i measc na mílte daltaí eile san RDS an 17-19 Meán Fómhair le léargas níos fearr a fháil ar an iliomad conairí gairme atá os do chomhair amach in Éirinn agus níos faide i gcéin.
Foclóir: dalta = pupil; galánta = gallant/grand; fiúntach = worthwhile; conair = path; gnólacht = business; sparánacht = bursary; suntasach = significant.