An saol go dtí le déanaí

Tá cuid de na gearrscéalta sa bhailiúchán Cora Cinniúna chomh fairsing le húrscéal ar bith

Ba é scríbhneoir mór na gConallach é a léirigh saol na Gaeltachta mar a bhí breis mhaith agus céad bliain ó shin anois ann do ghlúine léitheoirí. Grianghraf: iStock
Ba é scríbhneoir mór na gConallach é a léirigh saol na Gaeltachta mar a bhí breis mhaith agus céad bliain ó shin anois ann do ghlúine léitheoirí. Grianghraf: iStock

Bhí cáil mhór ar Shéamus Ó Grianna (1891-1969), nó Máire mar a bhí aige mar ainm cleite, ar feadh i bhfad. Ba é scríbhneoir mór na gConallach é a léirigh saol na Gaeltachta mar a bhí breis mhaith agus céad bliain ó shin anois ann do ghlúine léitheoirí. Bhíodh éileamh mór (nó ráchairt féin) ar a chuid scríbhinní, go háirithe i measc Ghaeil an tuaiscirt, agus chuala mar gheall ar dhaoine i nGaeltacht Thír Chonaill a bhíodh ar sciobaidh ag feitheamh leis an gcéad leabhar eile uaidh. D’imigh sin agus tháinig seo, mar a deireadh sé féin.

Is fíor gur scoith a dheartháir Seosamh é in intinn an aosa acadúil, á mhaíomh gur scríbhneoir nua-aimseartha dúshlánach lán d’anbhuain an ealaíontóra é siúd mar mhalairt ar Shéamus a d’fhan cois teallaigh, cois móintigh, cois cladaigh.

Is cuimhin liom nuair a bhíos féin im mhac léinn aineolach gur thugas faoi deara go mbíodh drochmheas ainrianta ag na scoláirí Conallacha féin air, agus níor thuigeas i gceart cad ina thaobh. Buaileadh isteach im aigne, áfach, go raibh athrú intinne mór ar mhic léinn Ghaeltachta ón gceantar céanna i ndéanaí aimsire agus gurbh iad a bhí mórálach as. Is é a taibhsíodh dom ná go raibh tráth go raibh saol Mháire róghairid dóibh agus don chnámh, ar éigean go rabhadar féin tar éis a spága a bhaint amach as an gclábar sin; ach tá i bhfad níos fusa agus níos socaire anois dul ceangailte arís leis an saol sin toisc go bhfuil i bhfad uathu agus nach bhfuil aon chuimilt ábhartha acu leis níos mó.

Is í an daonnacht, agus gach cor de, is ábhar do na scéalta seo, agus tá na Conallaigh gach pioc chomh daonna leis an gcuid eile againn.

Is é sin, earra stairiúil is ea scéalta Shéamuis Uí Ghrianna anois, earra ina bhfuil trácht ar leagan amach beatha ar féidir féachaint siar air fad athruithe móra glúine ó shin, agus ar féidir sin a dhéanamh le súile tirime nó le maoithneachas féin.

Rogha scéalta is ea Cora Cinniúna (An Gúm) de na scéalta is fearr a bhreac sé dar le Niall O Dónaill seachas a bhfuil le fáil in Cith is Dealán agus a bhfuil fáil air i gcónaí. Baintear geit asat nuair a chuirtear in iúl duit sa réamhrá gur baineadh na scéalta seo go léir as dhá leabhar déag ina bhfuil tuairim is dhá chéad scéal ina iomláine. N’fheadar an bhfuil scríbhneoir Gaeilge eile ar bith a d’fhoilsigh oiread sin de ghearrscéalta, mura bhfuil sin déanta nó sáraithe ag Pádraic Breathnach? Shíleas riamh go raibh cosúlachtaí móra idir a chuid scéalta ar fad, ach ar a n-athléamh dom, nílim cinnte de sin níos mó.

Is fíor go bhfuilid ar fad nach mór suite i nGaeltacht thiar thuaidh Thír Chonall uair éigin timpeall ar bhlianta a óige agus ar thús na haoise seo caite. Ach mar a thuigfeadh an síceolaí is saonta féin, tá an bheatha go léir mar a ritheann, agus gach saghas ainmhí duine, agus éagsúlacht idirdhealaithe na reann le fáil in aon phobal beag amháin is cuma cén áit ná cén uair. Is í an daonnacht, agus gach cor de, is ábhar do na scéalta seo, agus tá na Conallaigh gach pioc chomh daonna leis an gcuid eile againn.

Séamus Ó Grianna
Séamus Ó Grianna

Tá cuid de na scéalta anseo chomh fairsing le húrscéal ar bith. Is é sin le rá, gurbh fhéidir úrscéal a dhéanamh astu ach fad a chur leo agus eachtraí eile a dhathú timpeall ar chnámha na hinsinte. Fad beatha ar fad is ábhar do ‘Fallaing Shíoda’, mar shampla, ar fear déirce agus an t-amhrán grá a cheol sé aon uair amháin is ábhar dó móide grá nárbh fhéidir a theacht chun blátha de dheasca an tsaoil. Tá corraitheach agus íogair agus iomlán tuisceanach.

Is fíor gurb annamh don ghrá teacht slán i saothar ar bith de chuid Mháire, agus is é a dhála céanna anseo é. Agus go fiú nuair a sháraíonn an grá ar aighneas seanbhunaithe teaghlach mar atá in ‘Ciall Cheannaithe’, tá tuairim mhaith againn go mbeidh tragóid éigin á leanúint. Ina choinne sin, is scéal é a ghluaisfeadh do chroí dá dtuigfeá do na pearsana a dhathaíonn sé dúinn agus iad ag aighneas in aghaidh na cinniúna. Ar éigean gurb é an grá seachas saobhchiall agus amaidí is bun leis an gcumha in ‘An Teach nár Tógadh’, ach fos is scéal é ina bhfuil ceisteanna tábhachtacha á múscailt timpeall ar an difear idir fothrach de theach a leagadh agus giob de theach nár tógadh riamh.

Traigéide de shaghas eile is ea ‘An Mhaighdean Mhara’ ina mbuaileann an grá in aghaidh an dúchais phiseogaigh a bhfuil cumhacht i gcónaí aige sa saol seo. Agus ar eagla go gceapfaí gurb í an chinniúint ghéar atá in uachtar an t-am ar fad feicimid mar is féidir le duine a bheatha agus a luachanna a chasadh timpeall go héiritheach in ‘Míorúiltí Dé’ a bhfuil diamhracht atmaisféir cruthaithe go paiteanta aige ann.

Agus ar eagla arís go gceapfaí gur tragóid agus tubaist agus anachain agus míthapa an t-aon phort atá á sheinnt siar síos, tá greann dá chuid féin ag Máire, greann tirim béaltana rófhiosach ar uaire, ach tá ina orlaí agus ina mhilliméadair tríd an leabhar. Eachtra mar sin atá in ‘Gaisciúlacht’, mar shampla, ina dtagann an fhírinne shearbh go dtí Mánas Pheadair Úna, bóisceálaí mór de ghaiscíoch, mar dhea, a bhfuil an saol is a athair smístithe aige lena dhá dhorn. Scéal é seo a bhfuil casadh ann ina eireaball, casadh a mbeadh Roald Dahl nó O.Henry mórálach as, déarfá.

Cé gur foirm den ghearrscéal é sin, an ceann a bhfuil speach nó cic ina dheireadh a chleacht mórán, is féidir a rá gur chum Máire foirm den ghearrscéal ar leis féin amháin í. Ní hé an léargas solais, an oscailt súl, an foilsiú beatha, an eipeafáine is nós le go leor gearrscéalaithe eile a chleachtann sé ach an oiread, ach eachtra arbh fhéidir é a insint go furasta os ard. Uaireanta bíonn tréimhse fhada ama i gceist i spóladh an scéil, uaireanta eile nath cainte atá le soilsiú, nó píosa seanchais atá le ceistiú, nó aighneas polaitiúil de chuid na muintire a thógann blianta lena réiteach mar atá in ‘An Bhean ó Thuatha Teamhrach’ a rianaíonn cuid de na teannais timpeall ar chogadh na saoirse mar mhalairt ar Home Rule agus a n-iarmhairt sa saol iarbhír.

Agus ní fada an stair nó an seanchas féin óna chúram mar is léir ó ‘An Cheathrú Gheimhridh’, scéal mar gheall ar bhás Chathail Bhuí Mhic Giolla Gunna. Is dócha má thig lena dheartháir Seosamh scéal a thógáil timpeall ar bhás Pheadair Uí Dhoirnín, mar atá, ‘Codladh an Mháistir’, gur féidir le Séamus dán fhile eile a scaoileadh chugainn chomh maith céanna.

Agus is féidir leis a bheith cliste, glic, smeartáilte féin ag cur na dallamullóige sin orainn mar is dual don scríbhneoir ar mian leis an mhistéir a choimeád beo agus ag dul. Sin mar a dhéanann in ‘An Aibidil a Rinne Cadmus’ a bhfuil an teideal rúndiamhrach go leor gan an eachtra féin ná a fhuascailt a bhac, rud nach ndéantar go dtí na hailt dhéanacha. Rabhadh don léitheoir, áfach. Ó am go chéile tarraingíonn Máire rud éigin iomlán neamhdhóchúil sa spíonadh aige, mar a dhéanann sa scéal seo. Is fada ó d’éalaigh príosúnach amach as an gcarcair chomh furasta leis seo. An túisce is a bhí na barraí iarrainn ina chillín gearrtha le líomhán aige nuair b’eo leis ‘gur shín sé anonn a lámh gur rug greim ar phíopa an uisce agus shleamhnaigh sé síos mar a shlogfadh an dorchadas é’ agus abhae leis. Ní chuirfear cosc leis an leabhar seo i bpríosún Mhuinseo mar thoradh ar an eolas sin a scaoileadh chugainn.

Más mian leat turas siar chun na Gaeltachta a thabhairt, nó go dtí Éire mar a bhí sí faoin tuath breis bheag agus céad bliain ó shin, seo é an leabhar seacht gcinn fichead de scéalta duit gan dúnmharuithe, gan bualadh leathair, gan droch-chléir, gan pianpháis ghránna na hóige. Tá gach rud eile ann – airneáil, iascach cois cladaigh, cleamhnais á ndéanamh, imirce soir agus siar, aonaigh agus a raibh iontu, obair ar an móinteach, an pholaitíocht laethúil ag gobadh isteach, amhráin an phobail, piseoga na muintire, creideamh an tseansaoil, an seanchas mar ábhar gaoise mar mhalairt ar léann na scoile.

Saol eile ar fad, ach daoine go díreach ar ár gcuma féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar