Na daoine a léifidh seo is léitheoirí nuachtán iad. Tá súil agam gur léitheoirí leabhar, leis, iad, ach scéal eile é sin. I gcaitheamh na mblianta bhí de nós ag na nuachtáin mhóra anseo colúnaí Gaeilge a fhostú chun na gearáin a choimeád ó dhoras. Is de shuimiúlacht go raibh cuid de na scríbhneoirí Gaeilge is tábhachtaí i measc na ndaoine sin a bhreac colún go rialta.

Seoda fós is ea go leor de na colúin a sholáthraigh Myles na gCopaleen ina ‘Crúiscín Lán’ idir Ghaeilge agus Bhéarla; is maith is fiú aon rud a scríobh Máirtín Ó Cadhain riamh a léamh agus chuir sé colún ar fáil san Irish Times idir 1953 agus 1956 atá curtha in eagar go slachtmhar máistriúil ag Aindrias Ó Cathasaigh i leabhar dar teideal Caiscín. Bhí Tomás Ó Criomhthain gníomhach in irisí éagsúla ar nós An Claidheamh Soluis, Fáinne an Lae, An Lóchrann, mar a léirigh Breandán Ó Conaire sa chnuasach Bloghanna ón mBlascaod. Bhí Seán Ó Ríordáin ag scríobh don Irish Times chomh maith, ach cé go bhfuil sleachta as a dhialann againn cheana ó Thadhg Ó Dúshláine agus ó Phádraig Ó Liatháin, tá gá fós rogha dá chuid colún a chur ar fáil don phobal i bhfoirm leabhair.
Gan dul ródhomhain sa taighde agus nach mór as mo sheasamh tá leabhair againn ar fómhar a gcuid colún iad chomh maith ó Bhreandán Ó hEithir, ó Chríostóir Ó Floinn, ó Chiarán Ó Nualláin, ó Shéamus Ó Néill, ó Sheán Ó Ruadháin agus eile, gach duine díobh a scríobh úrscéalta nó filíocht fara na hiriseoireachta. Tá rogha fhairsing díobh sin agus tuilleadh ar ais go tús na haoise seo caite le fáil i leabhar cuimsitheach Regina Uí Chollatáin Iriseoirí Pinn na Gaeilge.
Thar aon rud eile, áfach, thug sé ailt agus aistí greanta snoite dúinn ar ghnéithe den dúchas a bhí ceilte orainn, nó ligthe i leataoibh na slí.
Duine de na hiriseoirí pinn sin arbh fhile agus úrscéalaí agus eile é ba ea Liam Ó Muirthile a scríobh colún dar teideal An Peann Coitianta idir 1989 agus 2003 don Irish Times. Dhein sé scagadh ar na colúin sin de réir a chéile, agus d’fhoilsigh trí chnuasach ar leith astu, a bhfuil an chuid is fearr díobh curtha le chéile aige in aon leabhar amháin Rogha Alt: an peann coitianta (1989-2003) (Cois Life €14).
READ MORE
Bíodh gur iriseoir ba ea Liam a d’oibrigh i seomra nuachta RTÉ ar feadh tamaill thorthúil, is beag den bheatha agus den taithí saoil sin a nochtar ina cholún. Ba dhóigh leat air gur thuig sé go maith gur tráchtaireacht na haon uaire a bhí sa nuachtscéal, cabaireacht an lae, geabstaireacht nach mairfeadh, agus gur chuir sé roimhe colún de chineál eile ar fad a bhreacadh, colún a raibh machnamh ann. Mar sin, an té ar mhaith leis léargas a fháil ar shaol na hÉireann agus an domhain sna blianta sin nuair a bhí arrachtach an Tíogair Cheiltigh ag cur a sciathán agus a bhoilg amach, ní anseo a gheobhaidh sé é.
Sa réamhrá uaidh ar cheann de na réamhchnuasaigh de Rogha Alt eachtraíonn sé dúinn mar a léigh sé an nós a bhí ag an scríbhneoir Francach Jacques Réda. B’é a dhéanadh sé bualadh amach faoin aer agus scríobh mar gheall ar pé rud sa tsaol a d’fheiceadh sé nó a bhuaileadh uime. Tugann le fios dúinn gur múnla mar sin a leanfadh sé féin. Mo thuairim mheáite gurb é sin a dhéanfadh sé ar aon nós.
In áit eile, deir sé linn gur fhiafraigh sé de Sheán Ó Ríordáin ar dhánta nár tháinig cuid de na colúin a scríobh sé. B’é freagra a fuair sé ná go gcaithfeá a bheith sásta le colún nó le dán ‘pé acu ceann a thiocfadh.’ Léirigh an Ríordánach dó ‘go mbuaileann an prós eochair na filíochta an uair is fearr a bhíonn sé.’ Bhí Liam ag iarraidh go mbuailfeadh a chuid próis féin eochair na filíochta chomh minic is a d’fhéadfadh, agus is minic a dhein.

Tá suaitheantasacht ina chuid filíochta agus ina chuid colún an oiread sin treise a chuireann sé le ceardaíocht. ‘Ceird’ is ea an scríbhneoireacht mar a bhí san fhilíocht riamh anall. ‘Dhéantaí’ dánta, cé gurbh fhearr go mbeadh an tinfeadh ann chomh maith. Tá ailt aige a bhfuil teideal ar nós ‘Bord Oibre,’ ‘Ceardaí Cathrach,’ ‘Urlár Cláir’ orthu, agus sraith eile ar an iomáint uaidh ar léir orthu gur ealaín agus ceird in éineacht iad ar nós na filíochta.
Mar mhac de chuid Chathair Chorcaí ina bhfuil anam na hiomána lonnaithe scríobhann sé go paiseanta faoin uirlis féin, faoin gcamán: ‘Le focail lán de bheith istigh iontu féin a chaitear tosú: fíochán, dlúth, inneach, snáithe, tointe, stoc, fréamh…agus na focail amuigh ar a chruth: bos, soc, sail, cluas, seafta, tosach, cúl, caoldroim. Agus ansin na focail a bhraithimid tríd an gcamán inár ngéaga féin: tabhairt, lúb, spreang, greim, troime, éadroime, cothromaíocht, faobhar. Braistint is ea camán, go hiomlán.’
Ní shamhlófá saibhreas foclóra mar sin leis an gcaid ná leis an gcaideolaíocht. Is fíor go bhfuil an focal suimiúil ‘buairicín’ i bhfoclóir an Duinnínigh agus gurb í an chiall atá leis, ‘the bottom of a football’, rud a chuirfidh mearbhall ar go leor go dtí go gcuimhnítear go n-imrítí peil i gCiarraí le liathróid déanta as lamhnán muice, nó bó dá mbeadh siad saibhir.

Ní cúrsaí iontais é, mar sin, go ndéanfadh sé comparáid idir an iomáint agus an fhilíocht. ’...tá gnéithe den iomáint lán amach de shaghasanna difriúla filíochta, ón liric go dtí an eipic. An sealbhú aonair san aer, an diúracadh glan ón talamh, na gothaí rinceora tango, an greamú boise, an luascadh cromán, an searradh áirithe sin sna guaillí arb é séala na hiomána é, an intlíocht – gintlíocht – agus an innsinniúlacht. An gliceas agus an chroíúlacht, an sárú cumais aonair, an mianach sa chluiche féin a chuireann ar chumas imreora a bheith os cionn a chumais, é féin a shárú.’
Is léir gur chaith sé dua thar meán le halt den tsaghas sin, ach b’é a dhála sin ag gach aon ní dar scríobh sé. Stílí thar barr a thuig gur stílí ba ea é.
Bhí a fhios aige go raibh Gaeilge eile, leis, ann. An Ghaeilge nua ar thug sé Gaelscoilis uirthi uair amháin, nó criól chomh maith. Bhain sé ceol go minic as samplaí mar sin a scaoileadh chugainn, agus níor ghá gur ag cumadóireacht a bhí sé.
‘Cad a bhfuil sé ó?’ ‘Cén fáth nach féidir linn faigh Playstation?’ ‘Ceapann mise freisin tá sé ann.’
Tá cloiste againn ar fad. Ceist eile an comhartha fáis agus cruthaitheachta a leithéid nó deimhniú meatha agus truaillithe?

Thar aon rud eile, áfach, thug sé ailt agus aistí greanta snoite dúinn ar ghnéithe den dúchas a bhí ceilte orainn, nó ligthe i leataoibh na slí. Tá greann le baint as a thuairim gur chuaigh Eoghan Rua i bhfeidhm ar Edmund Burke (mar dhea), tugann a thuairim uaidh ar dhaonnacht Amhlaoibh Uí Shúilleabháin ina dhialann, tugann a léamh féin dúinn ar scríbhneoirí comhaimseartha. Ach tá mar a bheadh gearrscéalta aige nó eachtraí ar gearrscéalta iad le ceart, agus ábhar taistil, bia, ceoil, seoltóireachta, spóirt, teanga, agus gach cineál eile nach foláir don cholúnaí a chur de go seachtainiúil ach iad a bheith spreagúil, machnamhach, inléite, insuime.
Bhí ealaín agus ceardaíocht ag baint le gach rud a scríobh Liam, agus pléisiúr eolgaiseach i gcónaí é a leabhar colúnóireachta a ghlacadh id lámh agus féachaint conas mar a chuaigh máistir i mbun a chuid oibre.
Foclóir: I gcaitheamh na mblianta - over the years; as mo sheasamh - offhand; úrscéalaí - novelist; ceird - craft; daonnacht - humanity












