Cumann amaitéarach is ea Cumann Lúthchleas Gael a bunaíodh sa bhliain 1884. Ach tá an cheist faoi chonarthaí íoctha do bhainisteoirí idirchontae á plé ag an eagraíocht le deireanaí. An bhféadfá bainisteoirí a íoc gan imreoirí a íoc? Céard faoin gcomhnascadh atá beartaithe do 2027, idir Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Pheil na mBan agus an Cumann Camógaíochta? An mbeadh íocaíocht i gceist do bhainisteoirí sa trí chód?
Baineann neart brú agus go leor struis le ról an bhainisteora agus údar cointinne is ea tionchar na meán sóisialta orthu sa lá atá inniu ann. Tá daoine áirithe den tuairim gur féidir leo rud ar bith a scríobh faoi na bainisteoirí amaitéaracha seo - bíodh sé moltach nó maslach, uasal nó uafásach! Is cuid lárnach de shaol Chumann Lúthchleas Gael iad bainisteoirí na bhfoirne – daoine a stiúrann, a spreagann agus a mhúnlaíonn imreoirí chun bua a bhaint amach ar an bpáirc. Ní hamháin anois go mbíonn 36 imreoir ar phainéal idirchontae ach is minic a bhíonn an líon céanna daoine mar chuid den fhoireann bainistíochta le roghnóirí, dochtúirí, fisiteiripeoirí, síceolaithe, staitisteoirí, anailisíthe agus na cóitseálaithe agus iad uilig faoi shúil aireach an bhainisteora. Tá clú agus cáil bainte amach ag go leor acu trína saothar, trína dtiomantas agus trína gcumas straitéiseach. Cé go bhfuil saol an bhainisteora athraithe le blianta beaga anuas, ní hé sin le rá nach raibh bainisteoirí cumasacha a raibh dea-chleachtas acu ag feidhmiú timpeall na tíre roimhe seo.

Is cuimhin liom bua na Gaillimhe in 1998. Bhí John O’Mahony i gceannas ar fhoireann shinsearach na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann an bhliain sin agus arís in 2001. Rugadh John i gContae Mhaigh Eo agus ba é an chéad bhainisteoir ón taobh amuigh ar Ghaillimh a bhuaigh an chraobh leo, rud a léirigh go raibh an meas agus an muinín tuillte aige i measc na n-imreoirí agus lucht peile sa chontae. Bhí sé ar dhuine de na bainisteoirí ba straitéisí a bhain lena ré agus bhí sé in ann foireann a ullmhú go meabhrach agus go fisiciúil do na dúshláin ba mhó. Cé gur bhuaigh sé Craobh Uile-Éireann le Foireann mionúir Mhaigh Eo in 1971 chomh maith le Craobh na hÉireann in 1974 leis an bhfoireann Faoi 21, níor mhair a thréimhse imeartha leis an bhfoireann sinsir rófhada. Ainneoin sin, d’admhaigh sé gur mhúnlaigh a thaithí féin mar imreoir a stíl bhainistíochta. Thuig sé cás na n-imreoirí, thug sé síceolaithe isteach, cothú bia agus anailís físe. Ba ghnéithe suntasacha iad sin a chabhraigh lena gcuid foirne na dúshláin a bhí rompu a shárú agus peil an-tarraingteach a imirt. Fágadh slán le laoch an iarthair, John O’Mahony, i rith an tsamhraidh. Cailleadh i mí Iúil é. Mairfidh a chuimhne agus d’fhág sé a lorg ar fhoirne idirchontae agus ar chlubanna i Maigh Eo, i nGaillimh agus i Liatroim go háirithe.
Bheadh sé deacair labhairt faoi bhainisteoirí reatha gan an Ciarraíoch Jack O’Connor a lua, fear atá athcheaptha ina bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí…
Bheadh sé deacair labhairt faoi bhainisteoirí reatha gan an Ciarraíoch Jack O’Connor a lua, fear atá athcheaptha ina bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí ar feadh dhá bhliain eile anois. Bhí trí thréimhse éagsúla ag fear Phiarsaigh na Dromoda inár thug sé Ciarraí chomh fada le Páirc an Chrócaigh aon uair déag! D’éirigh leis Craobh na hÉireann a bhuachan cúig huaire agus é ina bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí: 2004, 2006, 2009, 2022, 2025. Tá sé ar dhuine de na bainisteoirí is rathúla sa tír, agus is minic a mholtar a chumas i leith ullmhúcháin, oiliúna agus anailíse. Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoirne scoile agus ar fhoirne club chomh maith. Tá meas mór air as a thuiscint ar na bunphrionsabail thraidisiúnta a bhaineann leis an bpeil Ghaelach. Bhí a mhachnamh déanta aige ar na rialacha peile nua a cuireadh i bhfeidhm i mbliana agus thuig sé na féidearthachtaí a bhain leo. Léirigh a fhoireann i bhfeachtas caithréimeach na craoibhe i mbliana, léirigh siad comhcheangal idir stíl imeartha oscailte agus dianchosaint – cothromaíocht atá deacair a bhaint amach sa lá atá inniu ann.
READ MORE

Cumann amaitéarach is ea Cumann Pheil Gael na mBan. Ní minic a fheictear mná, a d’imir le foirne sinsearacha idirchontae, ag siúl ar bhóthar na bainistíochta. Is duine fíorthábhachtach í Diane O’Hora i mbainistíocht pheil na mban. Mar imreoir, bhuaigh sí trí Chraobh na hÉireann le Maigh Eo, ach tá sí anois i mbun ceannaireachta ar an taobhlíne. Bhí sí ina bainisteoir ar fhoirne ban sa Longfort agus i gCill Dara, agus i rith a réime d’fhorbair sí imreoirí óga, spreag sí scileanna ceannaireachta agus chuir sí béim ar an meabhairshláinte chomh maith leis an bhfeidhmíocht fhisiciúil. Bhuaigh Cill Dara Roinn 2 na sraithe anuraidh faoina stiúir. An mhí seo caite, glacadh le Diane mar bhainisteoir nua ar fhoireann ban Mhaigh Eo, a contae dúchais. Tá a cur chuige bunaithe ar thuiscint dhomhain ar na dúshláin a bhaineann le spórt na mban, chomh maith le hiarracht shoiléir cultúr dearfach a chothú. Tá sí ar cheann de na guthanna is láidre maidir le cothromaíocht inscne agus dul chun cinn i gcluichí na mban.
Is léir go bhfuil bainisteoirí na peile i gcroílár na gcluichí Gaelacha idir fhoirne fear agus fhoirne ban. Ní hamháin gur meantóirí peile iad, ach is meantóirí saoil iad freisin, ag múnlú glúnta nua d’imreoirí. An mbronnfar conarthaí íoctha orthu amach anseo? Léiríonn scéalta John O’Mahony, Jack O’Connor, agus Diane O’Hora go raibh agus go bhfuil éagsúlacht mhór ann i stíleanna bainistíochta agus dúil le bua, forbairt agus freagracht go láidir iontu uilig.
Foclóir: comhnascadh = merger; íocaíocht = payment; tuairim = opinion; fisiteiripeoirí = physiotherapists; uasal = noble; laoch = hero; caithréimeach = triumphant.