Is maith an scéalaí an aimsir

Focail a bhaineann leis an mbáisteach atá faoi chaibidil an tseachtain seo

Bíonn an bháisteach níos troime de ghnáth ná an fhearthainn. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí
Bíonn an bháisteach níos troime de ghnáth ná an fhearthainn. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Is dócha nach bhfuil ábhar cainte is mó a bhíonn ag muintir na tíre seo ná an aimsir, agus b’fhéidir nach iontas sin bíonn sí chomh hathraitheach sin. Bheifí ag súil dá réir sin go mbeadh réimse leathan focal agus frásaí ar leith againn i nGaeilge agus i mBéarla le cur síos a dhéanamh ar na hathruithe ar fad a bhfuil cleachtadh againn orthu. Pléifimid inniu le cuid de théarmaí na Gaeilge.

Tá an focal folc le fáil i bhfad siar i stair na Gaeilge agus is minic an litriú falc air chomh maith go háirithe ó lár an dara céad déag, c.1150, ar aghaidh. Is athrú coiteann é ‘o’ go ‘a’ le fada riamh i nGaeilge agus i mórán canúintí inniu féin i mBéarla na hÉireann i bhfocail mar Cork, for, from, horse, knock. Is é an bhunchiall a bhí le ‘folc’ báisteach nó fearthainn throm. Agus ansin cumadh an focal folcadh agus is é an chiall a bhí leis i dtús báire tú féin a ní agus ar chúis éigin do cheann nó do chloigeann thar gach cuid eile.

Is ríspéisiúil ar fad ceann de na háitainmneacha atá ar chósta thiar Dhún na nGall - Narin as Béarla arb é <i>An Fhearthainn</i> an t-ainm Gaeilge atá air.

Ar ndóigh, is ón fhocal seo agus an chiall ar leith a cuireadh leis a tháinig an frása atá againn inniu mar leagan Gaeilge air ’to take a shower’ an Bhéarla - folcadh a ghlacadh/a bheith agat agus ar ndóigh an seomra folctha.

Lean ciall eile an focal folc le himeacht ama – is é sin a bheith ag titim nó ag gluaiseacht go tréan agus go tapaidh. Sna seanscéalta bíonn cur síos mar seo ar an fharraige mhór agus ar thonnta na farraige – bhí tonnta na mara ag teacht go folcanta falcanta in éadan na loinge nó gur shroich muid cuan agus calafort sa domhan thoir.

Méaracán dearg fliuchta ag an mbáisteach. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí
Méaracán dearg fliuchta ag an mbáisteach. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Sula n-imí muid ón fhocal seo, ba cheart aird a tharraingt ar fhocal eile atá gaolmhar leis déarfainn – is é sin an focal tulca a thug a ainm don abhainn ar a dtugtar An Tulca i mBaile Atha Cliath. Is cinnte gur ón chiall uisce ag teacht go láidir tréan ar nós tuile nó díleann a cumadh ainm na habhann. Tá na frásaí mar iad seo a leanas coitianta sa ghnáthchaint le fada – tulca báistí, gaoithe, bróin srl.

Is fiú aird a tharraingt fosta ar an dá fhocal báisteach agus fearthainn atá coitianta sa Nua-Ghaeilge cé go mbíonn éagsúlacht idir an chiall a chuirtear leo sna beochanúintí. Bíonn an bháisteach níos troime de ghnáth ná an fhearthainn cé gur minic a úsáidtear tá sé ag báisteach le ‘it’s raining’ an Bhéarla a chur in iúl. Is ón bhriathar feraid na Sean-Ghaeilge a thagann an focal fearthainn. Ceann de na bunbhríonna a bhí le feraid sa tSean-Ghaeilge cioth a chaitheamh anuas nó a scaipeadh os cionn an talaimh srl. go háirithe uisce nó sneachta nó a leithéid. Amharc an abairt seo as an tSean-Ghaeilge feraid sneachta mór foroib ‘it snowed heavily on them’. Is ríspéisiúil ar fad ceann de na háitainmneacha atá ar chósta thiar Dhún na nGall - Narin as Béarla arb é An Fhearthainn an t-ainm Gaeilge atá air. Tá an baile beag seo ar bhruach na mara ar ghob atá ag síniú amach san fharraige. Is cosúil go mbíonn agus go mbíodh an fhearthainn le feiceáil ag teacht isteach ón ghob seo sula mbuaileadh sí an chuid eile den talamh - ‘Tá an fhearthainnag teacht!’.

Is iomaí focal eile atá in úsáid i nGaeilge le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí uisce ach ní bheidh am againn anseo ach cuid bheag díobh a phlé. Mar sin féin, is fiú aird a tharraingt ar na focail seo a leanas a bhfuil cuid acu le fáil go fairsing agus cuid eile atá logánta.

cioth agus múr/muraíl coitanta go leor ar ‘shower’ an Bhéarla ach ní raibh na Gaeil riamh sásta le cúpla focal agus cluinfidh tú an focal bailc a chiallaíonn cioth trom. Tá gach seans ann go bhfuil gaol idir an focal seo agus an focal folc/falc. Focal suimiúil eile é sprais a chiallaíonn cioth nach maireann rófhada ach a bhíonn trom go leor. Focal eile a chiallaíonn fearthainn throm é batar a bhfuil fuaim na báistí le cloisteáil ann. Bíonn an batar trom go maith. Ceann de na focail a thaitníonn go mór liom féin é smur. Cioth an-éadrom go deo é seo nach maireann rófhada agus nach bhfliuchann an talamh mórán.

Críochnóidh muid an scéal seo leis an fhocal fras a chiallaíonn cioth chomh maith. Is dócha gur uaidh sin a thagann na leaganacha cainte ag gol/caint go fras. Tugtar frasnéal fosta ar ‘rain cloud’. Tá baile beag i ndeisceart Dhún na nGall a dtugtar Na Frasa air, ‘Frosses’ as Béarla.

FOCLÓIR: Athraitheach = changeable; beochanúintí = living dialects; Folcanta, falcanta = with great force and strength; Fras = shower, flood of X; Logánta = local; Ríspéisiúil = most interesting; Smur = a very light shower; Tréan (go) = powerfully, intensely; Tuile = a flood, a downpour; Tulca = a wave, a gust