Beidh Cearta: Mórshiúl Náisiúnta na nGael ar siúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo le haird a dhíriú ar na “géarchéimeanna náisiúnta” a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Táthar ag súil go mbeidh suas le 20,000 rannpháirtí i láthair ag an léirsiú a thosóidh i gCearnóg Pharnell agus a shiúlfaidh trí lár na príomhchathrach go Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid phoiblí ar siúl.
Is é seo an chéad mhórshiúl dá leithéid i mBaile Átha Cliath ó 2018, nuair a tionóladh Lá Mór na Gaeilge.
Tá an mórshiúl á eagrú ag líon leathan d’eagraíochtaí pobail agus feachtais teanga ar fud na tíre, Conradh na Gaeilge, Bánú, agus Tinteán ina measc.
READ MORE
Táthar ag súil le rannpháirtíocht ó ghrúpaí pobail eile, ó ghaelscoileanna agus ó chlubanna Gaeilge a thabharfaidh tacaíocht don agóid.
Deir an lucht eagraithe gur cinneadh ar léirsiú a reáchtáil tar éis sraith cruinnithe éigeandála agus Tionól Géarchéime Náisiúnta a tionóladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste níos luaithe i mbliana.
Bhí ionadaithe ó ghrúpaí teanga ó gach cearn den tír i láthair agus cuireadh ceithre phríomhéileamh chun cinn: maoiniú cothrom don Ghaeilge, cearta tithíochta sa Ghaeltacht, forbairt leanúnach na Gaelscolaíochta, agus cur i bhfeidhm cearta teanga gan moill.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur deis ríthábhachtach a bheidh sa mhórshiúl chun teachtaireacht shoiléir a sheoladh chuig an dá Rialtas ó Thuaidh agus ó Dheas.
“Beidh na sluaite ag bailiú le comhartha láidir a thabhairt nach bhfuil an staid reatha maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta inghlactha a thuilleadh,” a dúirt sé.
Mhínigh sé gur tháinig grúpaí pobail le chéile ar bhonn práinneach tar éis d’Fhoras na Gaeilge ciorruithe breise a fhógairt níos luaithe i mbliana.
“Tháinig grúpaí pobail ó fud fad na tíre le chéile ag tús na bliana seo mar gheall ar fhógra a rinne Foras na Gaeilge go raibh tuilleadh ciorruithe beartaithe acu,” ar sé.
Dar leis an Uachtarán go bhfuil eagraíochtaí Gaeilge faoi bhrú leanúnach le breis is cúig bliana déag.
“Tá na ciorruithe seo ag tarlú le blianta anuas, i ndáiríre ó 2007 ar aghaidh níl aon ardú tagtha ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge, agus nuair a chuireann tú boilsciú san áireamh, is ionann sin agus titim 45 faoin gcéad ar an bhuiséad foriomlán atá acu.”
“Tá níos mó agus níos mó ag tarlú le níos lú acmhainní agus táimid anois ag an bpointe nach bhfuil sé sin indéanta a thuilleadh.”
Cuirfear béim mhór freisin ar ghéarchéim thithíochta na Gaeltachta agus beidh toscaireacht ón mbrúghrúpa Bánú i láthair ag an mórshiúl.
Dar le Mac Giolla Bhéin go bhfuil an baol ann go gcuirfidh an ghéarchéim thithíochta todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol toisc go bhfuil sé chomh deacair do chainteoirí óga dúchais cur fúthu sa Ghaeltacht.
“Tá géarchéim thithíochta náisiúnta ann, ach tá impleachtaí níos tromchúisí i gcomhthéacs na Gaeltachta, mar sin an tobar s’againn. Murach an Ghaeltacht cad é a bheas ann dúinn mar phobal?” a dúirt sé.
Tá imní faoi easpa dul chun cinn i gcúrsaí oideachais luaite ag lucht eagraithe an léirsithe chomh maith.
Creideann siad gur ceart rogha na Gaelscolaíochta a bheith ar fáil go cothrom ar fud na tíre, agus gur gá soláthar cuí a chinntiú le go mbeidh gach dalta in ann an Ghaeilge a fhoghlaim sa chóras oideachais.
“Tháinig titim ar líon na bpáistí sa stát ó Dheas atá ag freastal ar Ghaelscoileanna le linn an rialtais dheireanaigh, cé gur gheall siad go mbeadh ardú ann,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Ní hé seo an chéad uair a tháinig na mílte ar na sráideanna ar son na Gaeilge. In 2014, ghlac suas le 8,000 duine páirt i mórshiúl i mBaile Átha Cliath. Bhí mórshiúl eile sa phríomhchathair in 2018, cé gur chuir Stoirm Emma isteach ar an ócáid sin agus laghdaigh sé líon na rannpháirtithe.
In 2017, meastar gur bhailigh thart ar 10,000 i mBéal Feirste don agóid “Dearg le Fearg” a d’eagraigh An Dream Dearg agus bhí breis agus 17,000 ar shráideanna na cathrach arís in 2022.