Thall is Abhus

Tá Oíche Chultúir 2025 buailte linn, agus beidh draíocht ar leith le mothú nuair a bheidh pobail fud fad na tíre ag déanamh ceiliúradh ar cheann de na himeachtaí cultúir is mó sa tír.

Tá Oíche Chultúir 2025 buailte linn, agus beidh draíocht ar leith le mothú Dé hAoine 19 Meán Fómhair nuair a bheidh pobail fud fad na tíre ag déanamh ceiliúradh ar cheann de na himeachtaí cultúir is mó sa tír.
Tá Oíche Chultúir 2025 buailte linn, agus beidh draíocht ar leith le mothú Dé hAoine 19 Meán Fómhair nuair a bheidh pobail fud fad na tíre ag déanamh ceiliúradh ar cheann de na himeachtaí cultúir is mó sa tír.

Oíche Chultúir, oíche dár saol

Tá Oíche Chultúir 2025 buailte linn, agus beidh draíocht ar leith le mothú Dé hAoine 19 Meán Fómhair nuair a bheidh pobail fud fad na tíre ag déanamh ceiliúradh ar cheann de na himeachtaí cultúir is mó sa tír. Tugtar cuireadh do dhaoine ó cheann ceann na hÉireann na healaíona a cheiliúradh agus a bheith páirteach san ócáid uile-oileáin seo, a chaitheann spotsolas ar ghrúpaí dícheallacha a chuireann go mór le hanam agus cultúr na tíre.

Níl sa cholún seo ach spléachadh ar na himeachtaí Gaeilge is mó agus is suimiúla a bheidh ar siúl ar an oíche, agus tá clár iomlán na bliana ar fáil ar culturenight.ie.

Bus Cultúir
Bus Cultúir

Draíocht Dhún na nGall agus ceiliúradh ó Thuaidh

Beidh Dún na nGall ag ceiliúradh mar is ceart i mbliana agus spotsolas á chaitheamh ar cheantair Ghaeltachta. Beidh Bus Cultúrtha ar siúl idir 11am agus 4pm, ag taisteal ó Ghleann Cholm Cille go hArd an Rátha, agus ag stopadh áit ar bith ina mbionn daoine ag bailiú chun deis a thabhairt do dhaoine sult a bhaint as gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha chomh maith le blaiseadh a fháil de chultúr beo na Gaeltachta. Beidh oíche cheoil i lár Chearnóg an Mhargaidh ar siúl i Leitir Ceanainn chomh maith a thabharfaidh deis do dhaoine sa taobh sin den chontae ceol a chluinstin ó Cheoltóirí Canóla agus Ceol na Coille.

Más i mBéal Feirste atá tú, beidh oíche ghnóthach agat! Glacfaidh Ciarán Mac Giolla Bhéin, duine de mhuintir na háite agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, scaifte thart ar an Sliabh Dubh le foghlaim faoin stair a bhaineann leis an sliabh agus leis an cheantar. I gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, beidh go leor imeachtaí spraíúla ar an chlár cosúil le céilí, ceardlann priontála t-léinte agus ceolchoirm sa ghairdín ar an díon. Beidh seisiún ceoil ar siúl in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma leis an chláirseoir mór le rá Cíara Ní Tháth agus a comrádaithe ceoil fosta.

Má tá suim agat sa stair, beidh imeacht iontach suimiúil ‘Ceol ár gClann’ á reáchtáil i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire ina ndéanfaidh Mary Delargy cur síos ar na sloinnte is coitianta i gCathair Dhoire. I ndiaidh gach scéil beidh píosa ceoil a bhaineann leis an sloinne á sheinm ag Peter Tracey. Is cinnte go bhfuil oíche lán le stair agus siamsaíocht geallta!

Gheobhaidh daoine an deis dul ar thuras treoraithe trí Ghaeilge thart ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide
Gheobhaidh daoine an deis dul ar thuras treoraithe trí Ghaeilge thart ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide

Imeachtaí den scoth sa Phríomhchathair

Is iomaí imeacht a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath arís i mbliana agus is cinnte go mbeidh spraoi romhat cibé áit sa chathair ina bhfuil tú. Beidh scoth an cheoil le cluinstin nuair a rachaidh Grooveline, atá ar cheann de na bannaí is mó (agus is grúvaíáilte!) sa cheol Gaeilge faoi láthair, ar an stáitse ag Amfaitéatar na Cé Admhaid agus beidh an t-amhránaí agus scríbhneoir den scoth Lisa Murray ag ceol as Gaeilge ag Cearnóg Theach an Tionóil.

Gheobhaidh daoine an deis dul ar thuras treoraithe trí Ghaeilge thart ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide, atá ar an ollscoil is sine in Éirinn, agus léargas a fháil ar a hoidhreacht agus ar shaol an mhic léinn sa lá atá inniu ann. Beidh turas thart ar ardionad cultúir Bhaile Átha Cliath, Áras Chrónáin, ar fáil chomh maith, le rince, ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus caint agus comhrá as Gaeilge ina dhiaidh.

Ní bheidh deireadh leis an cheol agus an damhsa ansin, mar beidh ‘Abair Amhrán Linn’ i bPríomhoifig Gael Linn i gcroílár Bhaile Átha Cliath le seisiún breá amhránaíochta le Clann Uí Chasaidigh, agus beidh oíche rince lán le craic agus spraoi ar siúl ag Céilí do Theaghlaigh le CLG Na Fianna i nDroim Conrach fosta.

Pota Caifé
Pota Caifé

Cultúr agus saibhreas chósta an iarthair

Níl dabht ar bith go mbeidh imeachtaí Gaeilge faoi lán seoil in iarthar na tíre agus tá clár den scoth curtha le chéile le haíonna iontach speisialta. Beidh imeacht suimiúil ‘Éist agus Breathnaigh’ ar siúl in Óstán an Ardilaun i gCathair na Gaillimhe ina n-éistfidh an lucht féachana le ceirníní ar ghramafón chomh maith le súil a chaitheamh ar chártaí poist ón seansaol as iarthar na hÉireann faoi stiúir Mháire Ní Scolaí. Beidh oíche oscailte ar siúl in Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic fosta ina gcuirfear clár lán siamsaíochta i láthair i suíomhanna éagsúla den fhoirgneamh. Gheobhaidh na daoine a bheidh i láthair blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus na Gaeilge, idir dhúchasach agus chomhaimseartha, i gcroílár na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.

Tá POTA Café i mBaile na hAbhann ar cheann de na háiteanna is mó i mbéal an phobail faoi láthair agus é faoi stiúir Dhiarmuid Uí Mhathúna. Beidh ceardlann bia dhátheangach ‘Traidisiún á thabhairt chun boird’ ar siúl i bPOTA i gcomhpháirtíocht le Slow Food Galway, agus Diarmuid é féin ag amharc ar ról saibhir agus tábhachtach an bhia inár gcultúr.

Chomh maith leis sin, beidh seans ag daoine cuairt a thabhairt ar sheit Ros na Rún sa Spidéal agus deis ar leith acu dul taobh thiar de na radhairc. Beidh seisiún Ceist & Freagra mar chuid den oíche fosta. Níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh le leiriuchain@rosnarun.com le háit a chur in áirithe.