Ag comhardú na cáinaisnéise

Tá go leor le láimhseáil sa Bhuiséad atá ar na bacáin

An bheirt Airí a bhfuil cúram orthu as an ngeilleagar, Jack Chambers agus Paschal Donohoe. Grianghraf: Sam Boal/Collins Photo
An bheirt Airí a bhfuil cúram orthu as an ngeilleagar, Jack Chambers agus Paschal Donohoe. Grianghraf: Sam Boal/Collins Photo

Tá muid ag druidim i dtreo mhí Dheireadh Fómhair agus an rud is suntasaí atá ag gluaiseacht inár dtreo - seachas toghchán an Uachtaráin - ná an Buiséad.

Cén uair a fheicfidh muid an tsnáthaid ag polladh an bholgáin? Nó an bhfuil an geilleagar chomh láidir sin go bhfuil sé dosháraithe? An bhfuil muid tar éis tréimhse a shroichint ina bhfuil an tír chomh téagartha sin go bhfuil an ráta fáis inmharthana? Gur féidir linn leanúint linn?

Rud a bhain geit asam níos luaithe i mbliana ná nuair a thosaigh Uachtarán SAM Donald Trump ag bagairt taraifí orainn. Níor thuig mé go hiomlán an méid a bhí Éire ag brath ar na Stáit Aontaithe, agus ar chomhlachtaí domhanda de chuid Mheiriceá.

Dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, rinneadh easpórtáil ar earraí arbh fhiú €223 bhilliún iad as Éirinn le linn 2024. I gcomparáid leis sin, níor tógadh isteach sa tír ach luach earraí a bhí beagán níos mó ná leath an mhéid sin: €133 bhilliún.

An rud eile atá ábhartha i dtaca leis an gceist seo ná cáin chorparáideach.

Ach seo é an rud a sheasann amach. Is go tír amháin a chuaigh luach €72.6 billiún d’earraí le linn na bliana sin. Ba iad na Stáit Aontaithe an ceann scríbe sin. Ardú 34 faoin gcéad in 2024 a bhí i gceist i gcomparáid le 2023.

Is earraí leighis agus cógaisíochta a bhí iontu go príomha - €99.9 billiúin san iomlán in 2024. Sin beagnach leath de na hearraí ar fad a imíonn ón tír.

Lean an dea-nuacht i mbliana. Nuair a d’fhógair an tUachtarán Trump den chéad uair go raibh taraifí ar na bacáin, rinne comhlachtaí móra a bhíonn ag plé le táirgí sláinte pleananna go práinneach. Bhí siad ag iarradh an deis a thapú chun níos mó earraí a iompar thar lear sular tháinig taraifí Trump i bhfeidhm.

Ar bhealach amháin tá sé deacair na figiúirí ollmhóra a shamhlú. Mar shampla, i mí Bealtaine i mbliana bhí ardú 74 faoin gcéad, go €13.7 billiún, in earraí a chuaigh thar lear i gcomparáid le Bealtaine na bliana seo caite. Bhí luach €10.6 billiún ar na táirgí a chuaigh go Meiriceá.

É sin go léir déanta chun na taraifí arda a sheachaint.

An rud eile atá ábhartha i dtaca leis an gceist seo ná cáin chorparáideach. Le seacht nó ocht gcinn de bhlianta anois, tá tráchtairí eacnamaíochta ag tabhairt rabhadh nach féidir linn a bheith ag brath ar an gcáin seo a thuilleadh, go gcaithfidh muid stop a chur le bheith ag brath ar an bhfoinse ioncaim áirithe seo.

Ach an dtuigeann muid é sin?

Ní dóigh liom é. Tá an t-airgead mór ón gcáin chorparáideach fós ag teacht isteach agus ag cur leis an gciste náisiúnta. Agus tá polaiteoirí ón bhfreasúra (agus ón Rialtas!) á lua nuair atá siad ag éileamh níos mó maoinithe d’earnáil éigin sa tsochaí.

Ní hamháin go bhfuil an Stát ag brath go mór ar an gcáin seo, eascraíonn sé ó líon fíorbheag de chomhlachtaí idirnáisiúnta, agus baineann sé le hioncam agus gníomhaíochtaí domhanda.

Má dhéantar cíoradh ar an gcáin, d’íoc comhlachtaí ilnáisiúnta 88 faoin gcéad den cháin chorparáideach in Éirinn in 2024. Deich gcomhlacht a bhí freagrach as 57 faoin gcéad de sin.

Íocadh €28 mbilliún san iomlán anuraidh, beagnach 30 faoin gcéad den mhéid iomlán cánach. Ní beag an tsuim í sin.

Níl mé ag maíomh gur airgead éasca amach agus amach é seo. Ach ní airgead buan é. Lá éigin beidh an tobar tráite agus ní bheidh na hacmhainní sin le roinnt níos mó. Le blianta beaga anuas bhí ár bpolaiteoirí agus ár nAirí ag caitheamh an teacht isteach seo ar chaiteachas reatha agus ar chaiteachas laethúil.

Le sé bliana anois, bhí íocaíochtaí sa bhreis sa Bhuiséad a chabhraigh le teaghlaigh billí fuinnimh a íoc, nó a thug ísliú €1,000 i dtáillí tríú leibhéal, nó íocaíocht dhúbailte i sochar linbh.

Níl sé sin inbhuanaithe.

Tá an bheirt Airí a bhfuil cúram orthu as an ngeilleagar, Paschal Donohoe agus Jack Chambers, ag rá go diongbháilte nach mbeidh na híocaíochtaí sin san áireamh sa Bhuiséad i mbliana.

Níl aon amhras ach gur buille pianmhar a bheas ann sin do roinnt teaghlach, go háirithe iad siúd nach bhfuil mórán airgid i dtaisce acu nó a bhí ag brath ar na híocaíochtaí sin chun billí nó táillí a íoc.

Beidh sé crua orthu sin. Ach an teachtaireacht atá ag teacht ón Rialtas go gcaithfear srian a chur ar chaiteachas, go háirithe i gcomhthéacs na héiginnteachta agus na hainrialach a bhaineann leis an bpolaitíocht agus le cúrsaí airgeadais faoi láthair.

Níl dabht ar bith go gcaithfear smacht a bheith ann. Chun Éire a chosaint ar gheiteanna eacnamaíochta, tá infheistíocht de níos mó ná €100 billiún á déanamh ag an Rialtas sa Phlean Náisiúnta Forbartha, ar mhaithe le bóithre, modhanna taistil, tithíocht, agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt amach anseo.

Tá dhá chiste fhioscacha nua curtha ar an bhfód chomh maith lenár ndóthain acmhainne a bheith againn sa todhchaí chun dul i ngleic le haon chúlú géar eacnamaíochta.

Leis an bhfírinne a rá tá a lán airgid curtha amú go fánach ag rialtais na tíre seo. Scríobh Cliff Taylor colún le déanaí ag cur ar ár súile dúinn gur chaith an Rialtas €16.5 billiún in íocaíochtaí aon uaire ó 2022 i leith. Agus go raibh go leor sa tsuim sin chun an Metro a thógáil, creid nó ná creid.

An argóint a rinne Cliff sa cholún sin go bhfuil €9.4 billiún de chaiteachas nua leagtha síos cheana féin le haghaidh an Bhuiséid agus dealraíonn sé gur dóthain é sin. Má leanann an Rialtas ar aghaidh le pacáistí aon uaire i mbliana, beidh daoine ag súil leis gach bliain.

Ná lig don chaint chrua ó Donohoe agus Chambers an dubh a chur ina bhán ort. Beidh an bheirt acu ag teacht faoi an-bhrú go deo ó Airí chun an caiteachas a ardú, agus ó chúlbhinseoirí chun na híocaíochtaí a choinneáil. Beidh orthu a bheith fíorstuama má tá siad chun na hachainíocha sin go léir a dhiúltú.

Foclóir: snáthaid = needle; bolgán = bubble; ar na bacáin = being prepared; inbhuanaithe = sustainable; caiteachas = expenditure; foinsí = sources.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times