Féasta amharclannaíochta ar ardáin na hArdchathrach

Spléachadh ar Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath

Deaf Republic
Deaf Republic

Deaf Republic Is iad Dead Centre an comhlacht amharclannaíochta a léirigh cuid de na drámaí is spreagúla atá feicthe againn in Éirinn le tamall anuas; To Be A Machine, Good Sex, Beckett’s Room, Hamnet, agus Lippy ina measc. Fabhalscéal nua-aimseartha é Deaf Republic atá bunaithe ar fhilíocht Ilya Kaminsky, file ón Úcráin. Insítear an scéal i mBéarla agus le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ). Scéal atá ann faoi chogadh, daonnacht agus frithbheartaíocht na ndaoine. Bíonn puipéadóireacht, scannánaíocht bheo, filíocht, feidhmíocht aerga, agus an draíocht a chruthaíonn Dead Centre i ngach ceann dá léiriúcháin. Is féidir leat a bheith ag súil le rud éigin neamhghnách agus turgnamhach i gcónaí ón gcriú seo. D’oscail an seó sa Royal Court i London, agus rinneadh léirmheasanna an-mhaith air. San fhéile seo, beidh sé ar siúl sa Samuel Beckett Theatre, Coláiste na Tríonóide, an 2-5 Deireadh Fómhair.

Beckett sa Chreig.
Beckett sa Chreig.

Beckett Sa Chreig: Guth Na mBan Stiúrtha ag Sarah Jane Scaife, agus curtha i láthair ag An Taibhdhearc le Company SJ, tugann an píosa seo le chéile ceithre shaothar ghearra de chuid Beckett; Siosarnach 4 (Fizzle 4), Ní Mise (Not I), Coiscéimeanna (Footfalls), agus Luascaire (Rockaby). Insítear é trí ghlórtha triúr ban - Fiona Lucia McGarry, Nuala Hayes, agus Caitríona Ní Mhurchú - agus is deis iontach é obair Beckett a fheiceáil trí Gaeilge. Is píosa an-fhísiúil é chomh maith, le ceol beo agus píosaí scannánaíochta, spreagtha ag tírdhreach Inis Oírr, agus ailtireacht choilíneach Bhaile Átha Cliath. Beidh rochtain fuaime i mBéarla ar fáil dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu. 1-5 Deireadh Fómhair, Cube, Project Arts Centre, Barra an Teampaill.

Poor Bhuaigh Poor le Katriona O’Sullivan an duais le haghaidh leabhar beathaisnéise na bliana sna Irish Book Awards in 2023. Sa leagan seo, scríofa ag Sonya Kelly, leanaimid an carachtar Katriona agus í ag fás aníos in Coventry agus Birmingham, ag déileáil leis an mbochtaineacht agus le han-chuid constaicí. Bogann sí go Baile Átha Cliath agus í ina déagóir agus déanann PhD i gColáiste na Tríonóide. Lán le ceol, cairde, agus inspioráid, is é seo an chéad taibhiú domhanda. Beidh Poor sa Gate Theatre 2-12 Deireadh Fómhair, le réamhamhairc an 26 Meán Fómhair - 1 Deireadh Fómhair.

Bán
Bán

BÁN Tá Carys D. Coburn ar dhuine de na drámadóirí is suimiúla in Éirinn i láthair na huaire. Mar bhall de MALAPROP, (Where Sat The Lovers, Before You Say Anything, Everything Not Saved), cruthaíonn Coburn an cineál scríbhneoireachta atá bog, cliste agus bunaithe ar eolas ollmhór na hamharclannaíochta. Sa phíosa seo, a d’eascair ó La Casa de Bernarda Alba le Lorca, buailimid le grúpa deirfiúracha agus a máthair, agus iad ag caoineadh a n-athar. Tá an dráma stiúrtha ag Claire O’Reilly, a stiúir Emma in Amharclann na Mainistreach le déanaí. Bhí BÁN ainmnithe don duais Susan Smith Blackburn níos luaithe sa bhliain. Ar stáitse na Péacóige, an 30 Meán Fómhair - 11 Deireadh Fómhair.

Raymond Keane (c) agus Manus Halligan in The Maker
Raymond Keane (c) agus Manus Halligan in The Maker

The Maker Is drámadóir an-chruthaitheach é Dan Colley, a dhéanann seónna do dhaoine óga go minic, ach atá chomh tarraingteach agus chomh siamsúil céanna do dhaoine de gach aois. Bhain sé clú idirnáisiúnta amach as Lost Lear, dráma a bhuaigh an Scotsman Fringe First Award i mbliana, agus The Very Old Man With Enormous Wings. Tá Raymond Keane (Barabbas) agus Manus Halligan páirteach in The Maker, seó arb iad Beckett, Borges, agus Buster Keaton an t-ábhar spreagtha dó. Tá an dráma seo oiriúnach do dhaoine seacht mbliana d’aois agus níos sine. Beidh sé ar siúl i Draíocht Studio i mBaile Bhlainséir an 1 - 4 Deireadh Fómhair.

Breis eolais: dublintheatrefestival.ie

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column