In 2023 imríodh na comórtais réamhshéasúir i bpeil na bhfear agus tugadh cead do na foirne idirchontae filleadh ar an traenáil ghrúpa ar an 24 Samhain, beagnach sé seachtaine roimh na cluichí i mí Eanáir.
Tá an comórtas réamhshéasúir i gcúige Uladh, Corn Mhic Cionnaith, ar an bhfód ó 1927. Ba sa bhliain 1954 a cuireadh tús le comórtas chúige Laighean, Corn Uí Bhroin. Níor reáchtáladh na comórtais réamhshéasúir anuraidh nuair a d’éirigh le hiarrachtaí Chumann na nImreoirí Gaelacha iad a chur ar ceal. Creideann siad anois go dteastódh ocht seachtaine ó imreoirí peile agus iomána le bheith réidh do chomórtais réamhshéasúir na gcúigí san athbhliain.
An bhliain seo caite, mhol Cumann na nImreoirí Gaelacha tréimhse ullmhúcháin sé seachtaine ar a laghad chun a chinntiú go mbeadh imreoirí réidh le haghaidh cluichí réamhshéasúir cosúil le Corn Mhic Cionnaith, Corn Uí Bhroin, Corn Mhic Craith srl. Dé réir dréacht d’fhéilire Chumann Lúthchleas Gael do 2026, tuigtear go bhfuil sé i gceist go dtosóidh an tSraith Náisiúnta ar an deireadh seachtaine 17/18 Eanáir, seachtain níos luaithe ná mar is gnách. An é go mbeidh na comórtais réamhshéasúir fós ar ceal má sheasann na dátaí sin?
Chuir Cumann na nImreoirí Gaelacha in iúl ag tús na míosa go mbeadh ar imreoirí idirchontae filleadh ar thraenáil ghrúpa i bpeil na bhfear ar an 8 Samhain, dá rithfí na comórtais réamhshéasúir sna cúigí arís. Ag cruinniú de chuid Ard-Chomhairle CLG le gairid, tógadh an cinneadh go socrófaí cruinniú speisialta le féilire na bliana a phlé, na dátaí a mbeidh imreoirí idirchontae ag filleadh ar an traenáil ina measc.
READ MORE
…tá deireadh ag teacht leis an socrú agus is iad Ros Comáin an fhoireann dheireanach a imreoidh in aghaidh Nua-Eabhrac in 2026…
De réir éilimh Chumann na nImreoirí Gaelacha, ní raibh imreoirí le bheith i mbun traenáil foirne i mí na Samhna anuraidh. Dá bhrí sin, ní raibh ar imreoirí traenáil a dhéanamh de réir shocruithe an chontae le linn na tréimhse sin. Tugadh cead do na himreoirí idirchontae filleadh ar an traenáil foirne ar an 7 Nollaig, cúig seachtaine roimh na Sraitheanna Náisiúnta anuraidh. Mar sin féin, d’admhaigh Cumann na nImreoirí Gaelacha ina dhiaidh sin gur sháraigh roinnt contaetha an ‘cosc’ traenála.
Cé go ndeir roinnt bainisteoirí peile go dtugann bua (sna comórtais réamhshéasúir i mí Eanáir) fuinneamh d’fhoireann don séasúr atá le teacht, is beag tionchar a bhíonn ag na comórtais sin ar scéal na Craoibhe i ndáiríre, agus ar cé a thugann leo Corn Mhic Uidhir. Is fíor a rá go dtugtar deis do bhainisteoirí breathnú ar imreoirí nua nó ar imreoirí atá ag filleadh i ndiaidh dóibh a bheith gortaithe. I gcás go leor spóirt eile ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain fiú, is í an tsraith an comórtas is tábhachtaí nó go minic níl ann ach an tsraith agus na babhtaí craoibhe a eascraíonn aisti – cuir i gcás Sraith na gCuradh sa sacar agus Corn na hEorpa sa rugbaí. Ach sna cluichí Gaelacha, is é an dearcadh atá ag na foirne is mó sa tír ná má éiríonn go maith leo sna comórtais réamhshéasúir is buntáiste é. Ach mura n-éiríonn ní údar imní é i ndáiríre, is í an Chraobh an phríomhsprioc atá acu.
Is iomaí cluiche peile a imreofar idir chluichí i gCorn Mhic Shigiúir, chluichí na Sraithe Náisiúnta agus an Craobhchomórtas ar ndóigh gan trácht a dhéanamh ar na cluichí réamhshéasúir. Ach tá spóirt eile á n-imirt ar pháirceanna CLG na tíre chomh maith. Imríodh cluiche mór rugbaí i bPáirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, ionad mór CLG, den chéad uair riamh i mí an Mhárta anuraidh. Tá neart craobhacha cúige peile idirchontae imeartha ar chré Chaisleán an Bharraigh ó osclaíodh an pháirc 95 bliana ó shin ach ba é seo an chéad uair a d’imir na Connachtaigh in aghaidh na Muimhneach i gcluiche rugbaí san ionad. Ina cheann sin, ag an gcruinniú is deireanaí de chuid na hArd-Chomhairle, tugadh cead do CLG na Gaillimhe sé chluiche de chuid fhoireann sacair na cathrach - Gaillimh Aontaithe - a imirt i Staid an Phiarsaigh a fhad is a bheidh oibreacha draenála ar siúl i bPáirc Éamonn Uí Dhéisigh i gcathair na Gaillimhe.
Ar ábhar eile, tá cathaoirleach Chumann Peile Nua-Eabhrac, Seán Price, tar éis a bheannacht a thabhairt do mholadh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael go n-imreofaí cluiche idir buaiteoirí Chorn Sam Mhic Uidhir agus foireann peile Nua-Eabhrac as seo amach. Le seacht mbliana is fiche, tá foireann peile Nua-Eabhrac ag glacadh páirt i i gCraobh Chonnacht. Ba é Maigh Eo an chéad chontae a thug aghaidh ar Nua‑Eabhrac sa Chraobh in 1999. Bhuail Nua‑Eabhrac Liatroim in 2023 tar éis am breise. Ach, tá deireadh ag teacht leis an socrú agus is iad Ros Comáin an fhoireann dheireanach a imreoidh in aghaidh Nua-Eabhrac in 2026 mar chuid de Chraobhchomórtas Chonnacht.
Le roinnt blianta anuas, tá oifigigh i gConnachta tar éis a chur in iúl go bhfuil méadú ag teacht ar na costais a bhaineann le contaetha taisteal go cathair Nua-Eabhrac gach earrach. Fiú le deontas (€50,000) ó Chomhairle Chonnacht, is é €250,000 an costas atá luaite leis an turas don fhoireann. Thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, le fios an mhí seo caite gur mhaith leis go mairfeadh traidisiún Nua-Eabhrac. Ní mar chuid de Chraobh Chonnacht ach go n-imreofaí cluiche idir buaiteoirí Chorn Sam Mhic Uidhir agus foireann peile an Úill Mhóir. Níl aon amhras ach go meallfadh seaimpíní na hÉireann slua mór dá mbeidís ag tabhairt aghaidh ar pheileadóirí ar an taobh thall den Atlantach.
Foclóir: réamhshéasúr = pre-season; anuraidh = last year; a chur ar ceal = cancel; cluichí Gaelacha = Gaelic Games; seaimpíní = champions.