
Comharthaíocht dhátheangach
Cuireadh siar arís an cás dlí atá curtha i gcoinne chinneadh an Aire Bonneagair ó Thuaidh, Liz Kimmins, comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i Mórstáisiún Láir Bhéal Feirste.
Tá an t-aighneas curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte i mBéal Feirste ag an ngníomhaí dílseach Jamie Bryson.
Maíonn sé gur sáraíodh an Cód Aireachta mar níor cuireadh an cinneadh faoi bhráid an Fheidhmeannais.
READ MORE
I gcás an athbhreithnithe, thug an Breitheamh McAlinden foláireamh go bhfuil “an iomarca airgead poiblí á chur amú” ar an gceist.
Tugadh cead do Chonradh na Gaeilge páirt a ghlacadh sa chás mar iarratasóir idirghabhála.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Uachtarán an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin, “Creidimid go bhfuil an ceart ag an Aire an cinneadh sin a ghlacadh, creidimid go mbaineann sé leis na forálacha de chuid na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus na comhaontuithe a rinneadh in New Decade, New Approach.”
“Dar linn nach ceist chonspóideach é go mbeadh comharthaí dátheangacha ann ó Thuaidh.
“Is léiriú fisiceach í an chomharthaíocht dhátheangach ar an chomhionannas, áit a gcuirtear an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh ar aon dul le chéile, ar aon mhéid.”
Dúirt Niall Murphy ó KRW Law, atá mar aturnae Chonradh na Gaeilge sa chás, “Bhí sé mar sprioc ag an iarratas seo tacú leis an chinneadh agus tacú le tuiscint na cúirte ar dhualgais dhearfacha na Roinne faoi chonarthaí idirnáisiúnta éagsúla.”

TG4 - Díospóireacht
Tá sé deimhnithe nach mbeidh díospóireacht teilifíse á reáchtáil ag TG4 roimh thoghchán na hUachtaránachta i mí Dheireadh Fómhair. Tá an cinneadh atá tar éis cáineadh a tharraingt ó roinnt polaiteoirí agus feachtasóirí teanga.
Dúirt an craoltóir go mbeidh clúdach cuimsitheach ar an bhfeachtas ar Nuacht TG4, Nuacht Cúla4 agus ar 7 Lá, ach nach bhfuil aon phlean díospóireachta i mbliana.
Léirigh Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách agus iarrthóir sa toghchán, míshástacht leis an gcinneadh.
Ag labhairt di leis na meáin, dúirt sí, “Tá sé aisteach go mbeadh cinneadh déanta ag TG4 gan díospóireacht a thionól go háirithe nuair nach bhfuil na hiarrthóirí ar fad ainmnithe fós,” a dúirt sí.
“Ba cheart deis a bheith ag lucht féachana TG4 a gceisteanna a bheith cíortha go mion ina dteanga féin,” arsa Connolly.
“D’fhiafróinn freisin conas atá a fhios ag TG4 nach bhfuil Gaeilge ag na hiarrthóirí eile - an raibh TG4 i dteagmháil leo?”
Tionóladh díospóireacht den chineál céanna in 2011, agus bhí seirbhís ateangaireachta ar fáil do na hiarrthóirí nach raibh líofa. Creideann feachtasóirí gur deis thábhachtach atá caillte ag pobal na Gaeilge i mbliana.

Kabin Crew
Tá an grúpa óg rapcheoil as Corcaigh, Kabin Crew, tar éis amhrán úrnua a scaoileadh a dhéanann ceiliúradh ar dhá chultúr Cheilteacha.
“Meas Mór” an teideal atá ar an amhrán nua agus is i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban atá sé scríofa, le cabhair ó pháistí ón Tinderbox Collective in Albain.
Glacann na grúpaí óga sealanna ag rapáil ina dteanga féin, ag cruthú fuaim fhuinniúil atá ag dul i bhfeidhm ar lucht éisteachta trasna na tíre.
Taifeadadh an t-amhrán sa Kabin Studio, agus cuireadh an físeán ceoil i láthair i gCorcaigh agus i nDún Éideann.
Ní hé seo an chéad uair don Kabin Crew tabhairt faoin nGaeilge sa rapcheol. Cheana féin tá amhráin mar “Is Linne Í” scríofa acu ó reáchtáladh campa samhraidh ceoil sa Kabin Studio in 2024.
Beidh an grúpa le feiceáil i gCathair Chorcaí d’Oíche Chultúir an tseachtain seo agus beidh siad ag glacadh páirt go luath i gclár faisnéise nua faoi thodhchaí na Gaeilge i réimse an cheoil.