‘Deis mhór do phobal na Gaeilge is ea an Intleacht Shaorga’ - Údarás na Gaeltachta

‘A lán oibre déanta’ ar uirlisí IS don Ghaeilge agus ar na deiseanna agus dúshláin atá bainteach leo

Reáchtáil Údarás na Gaeltachta ceardlann agus comhdháil faoi úsáid na hArd-Intleachta don Ghaeilge san Earnáil Phoiblí níos luaithe i mbliana. I gcomhpháirtíocht le CREW (Creative Enterprise West) agus Údarás na Gaeltachta, reachtófar  ceardlanna do lucht gnó sa Ghaeltacht sna míonna beaga tá romhainn.
Reáchtáil Údarás na Gaeltachta ceardlann agus comhdháil faoi úsáid na hArd-Intleachta don Ghaeilge san Earnáil Phoiblí níos luaithe i mbliana. I gcomhpháirtíocht le CREW (Creative Enterprise West) agus Údarás na Gaeltachta, reachtófar ceardlanna do lucht gnó sa Ghaeltacht sna míonna beaga tá romhainn.

Ghlac Údarás na Gaeltachta páirt sa tríú Tionól Náisiúnta um an Intleacht Shaorga i nGaillimh an tseachtain seo caite agus iad ag obair ar uirlis aistriúcháin a bheidh in úsáid le córais eile Intleachta Saorga (IS).

Ag labhairt dó le Scéal roimh na himeachtaí, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh sé “ag súil le feiceáil conas a d’fhéadfadh an Intleacht Shaorga forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a spreagadh sa Ghaeltacht agus tacú leis an nGaeilge ag an am céanna.”

Beidh tionchar ag an uirlis atá á forbairt ag an Údarás ar an teagmháil idir an stát agus pobal na Gaeilge.

Rinne Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Sheirbhísí Corparáideacha an Údaráis, cur síos ar an uirlis agus an tslí a n-oibreodh sí: “Má tá chatbot ann cheana féin ag Revenue.ie, mar shampla, bheadh an uirlis in ann an eilimint aistriúcháin a dhéanamh agus an glór a dhéanamh." Dúirt Ó Néill gur sampla bunúsach é sin, ach chuir sé béim ar úsáidí eile sa todhchaí agus na doirse a d’osclódh sí. D’aithin sé go bhfuil éabhlóid ag teacht go leanúnach ar chúrsaí IS agus go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag iarraidh coimeád suas leis an teicneolaíocht chun múnla úsáideach a chruthú.

Agus ceist curtha air faoin tionchar a bheadh aige seo ar an earnáil phoiblí, mhínigh Ó Néill go bhfuil deis ann cur leis an raon seirbhísí Gaeilge atá ar fáil do dhaoine ón stát.

Foilsíodh An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge anuraidh agus thosaigh próiseas tairisceana mar chuid de phlean an Údaráis agus na Roinne Caiteachais Phoiblí uirlis IS a fhorbairt roimh dheireadh 2026. Tá na chéad torthaí de chuid an phlean sin beagnach réidh anois.

Níl an uirlis féin críochnaithe go fóill ach tá Ó Néill ag súil go mbeidh an fhréamhshamhail curtha le chéile acu roimh an Nollaig. Is sampla é a léireoidh na féidearthachtaí a bhaineann leis an uirlis. Is í aidhm na fréamhshamhla a léiriú go bhfuil dul chun cinn déanta acu agus nach mbeidh ar an bpobal Gaeilge fanacht rófhada chun triail a bhaint as an teicneolaíocht fhiontraíoch seo.

Beidh daoine le Gaeilge níos saoire chun déileáil le rudaí nua, níos casta, agus caithfidh siad níos lú ama ar thascanna bunúsacha.

—  Ruairí Ó Néill

Cuid thábhachtach d’fhorbairt na huirlise is ea a bheith cinnte go n-oibríonn sí leis na canúintí éagsúla. Ba chóir, mar shampla, go mbeadh an uirlis in ann freagairt i gcanúint an úsáideora, pé blas atá i gceist. Tá foireann an Údaráis ag obair le abair.ie, tionscadal de chuid Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide, Coláiste na Tríonóide agus le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO).

Ar chóir do dhaoine atá ag obair leis an teanga, aistritheoirí agus ateangairí a bheith buartha faoin bhforbairt atá le teacht? Dar le hÓ Néill agus leis an Údarás nár chóir. Dúirt Ó Néill go gcruthófar poist nua le cabhair na teicneolaíochta nua. Níl a fhios againn fós cén saghas post a bheidh i gceist ach beidh gá le bealaí chun obair an IS a sheiceáil.

“Beidh daoine le Gaeilge níos saoire chun déileáil le rudaí nua, níos casta, agus caithfidh siad níos lú ama ar thascanna bunúsacha,” a dúirt Ó Néill. Beidh gá i gcónaí le haistritheoirí agus ateangairí, go háirithe más rud é go bhfuil siad ag obair le doiciméid thábhachtacha i bParlaimint na hEorpa, mar shampla. Tá a lán smaointeoireachta agus oibre déanta ag Údarás na Gaeltachta ar uirlisí IS don Ghaeilge agus ar na deiseanna agus dúshláin atá bainteach leo. Tá siad ag súil nach mbeidh níos lú deiseanna ann chun obair a dhéanamh leis an nGaeilge, ach go n-eascróidh poist dhifriúla agus tascanna nua as an dul chun cinn, sin agus go mbeidh saoirse ann am a chaitheamh ar cheisteanna dúshlánacha.

An teachtaireacht atá acu do dhaoine óga ar spéis leo a bheith ag obair leis an nGaeilge ach atá buartha faoin IS, ná go bhfuil ré nua ar na bacáin. An príomhphointe a bhí ag Ruairí Ó Néill agus a chomhoibrithe ná go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an Ghaeilge lárnach sna huirlisí Intleachta Saorga. Más rud é gur féidir linn aon saghas uirlise a úsáid trí mheán na Gaeilge, “is deas é sin dúinn go léir,” a dúirt sé.

I gcomhpháirtíocht le CREW (Creative Enterprise West) agus Údarás na Gaeltachta, tá clár nua eolais á chur ar fáil do lucht gnó sa Ghaeltacht. Reachtófar ceardlanna praiticiúla do lucht gnó sna míonna beaga atá romhainn chun iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí le IS a úsáid mar “chomrádaí cruthaitheach” a chabhróidh leo fadhbanna a réiteach, deiseanna nua a aimsiú, agus an chaoi a ndéanann siad gnó a athrú.

Reachtófar na ceardlanna i mBéal an Mhuirthead an 23 Meán Fómhair, sna Forbacha an 8 Deireadh Fómhair, sa Daingean an 14 Deireadh Fómhair agus i nGaoth Dobhair an 18 Samhain, 2025. Breis eolais agus clárú: crewdigital.ie