Gaeil i mbun gluaiseachta

Meastar gur ghlac 25,000 duine páirt sa léirsiú Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn

Bhí ionadaithe ó ghrúpaí teanga as gach cearn den tír i láthair ag CEARTA, agóid náisiúnta na nGael. Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times
Bhí ionadaithe ó ghrúpaí teanga as gach cearn den tír i láthair ag CEARTA, agóid náisiúnta na nGael. Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times

Bhailigh na mílte i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite do ‘Cearta: Mórshiúl Náisiúnta na nGael’.

Dar leis na heagraithe go raibh thart ar 25,000 duine ar na sráideanna – i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis cé go raibh drochaimsir geallta.

Thosaigh an mórshiúl i gCearnóg Pharnell agus shnigh sé trí lár na cathrach go Sráid Theach Laighean os comhair Thithe an Oireachtais.

Bhí ionadaithe ó ghrúpaí teanga as gach cearn den tír i láthair agus cuireadh ceithre phríomhéileamh chun cinn: maoiniú cothrom don Ghaeilge, cearta tithíochta sa Ghaeltacht, forbairt leanúnach na Gaelscolaíochta, agus cur i bhfeidhm cearta teanga gan mhoill.

Ina measc siúd a rinne óráid ar an stáitse os comhair Theach Laighean bhí Adhna Ní Bhraonáin, bean óg as Conamara agus ball den ghrúpa feachtais BÁNÚ.

Ag labhairt di le Scéal, dúirt sí, “Táimid ag obair go dian air seo le beagnach dhá bhliain anois agus tá rudaí ag athrú. Táimid ag fáil airde, ach táimid ag fáil go leor geallúintí freisin nach bhfuil sách maith agus táimid ag éirí tinn ag an bpointe seo.”

20/09/2025.  - SCÉAL - 
CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin.
Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times
20/09/2025. - SCÉAL - CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin. Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times

“Is lá iontach é seo, lá iontach spreagúil. Tá an fuinneamh go maith agus síleann muid go gcuirfidh sé seo tine faoi thóin an rialtais le cúnamh Dé.”

Dar le Ní Bhraonáin go bhfuil sé rídheacair do dhaoine óga i gConamara tithe a cheannach de bharr an éilimh atá ann ar thithe saoire.

Dúirt sí, “Tá sé uafásach, rud ar bith atá ar an margadh príobháideach, tá sé ag dul suas go dtí leathmhilliún [euro] nó os a chionn, agus ní féidir le muintir na háite coinneáil suas leis sin.”

Is lá iontach é seo, lá iontach spreagúil. Tá an fuinneamh go maith agus síleann muid go gcuirfidh sé seo tine faoi thóin an rialtais le cúnamh Dé.

—  Adhna Ní Bhraonáin

“Tá na praghsanna á mbrú suas ag infheisteoirí nó daoine ón taobh amuigh den Ghaeltacht atá ar phá i bhfad níos airde ná mar atá muidne agus níl muid in ann dul in iomaíocht leis. Briseann sé mo chroí do thodhchaí na teanga mura bhfuil na daoine óga in ann lonnú sa nGaeltacht agus clann a thógáil trí Ghaeilge.”

Bhí atmaisféar bríomhar le haireachtáil ar Shráid Theach Laighean agus ceoltóirí mór le rá ag seinm ar ardán.

Spreag an t-amhránaí óg as Tír Chonaill, Niamh Ní Dhubhgháin, bualadh bos mór ón slua nuair a chas sí a leagan féin den amhrán ‘Killeagh’ a dhéanann géarcháineadh ar an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht.

Bhí ceol le cloisteáil freisin ó Huartán, Ispíní na hÉireann, agus an boscadóir clúiteach agus gníomhaí teanga as Corca Dhuibhne, Breanndán Ó Beaglaoich.

Labhair Ó Beaglaoich le Scéal nuair a tháinig sé anuas ón ardán agus dúirt sé go raibh dóchas air mar gheall ar an slua mór daoine óga a bhí ag an léirsiú.

Dúirt sé, “Táimse anseo chun tacaíocht a thabhairt mar tá an Ghaeltacht i bponc, tá an Ghaeltacht teipthe muna n-athraíonn rudaí.”

20/09/2025.  - SCÉAL - 
CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin.
Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times
20/09/2025. - SCÉAL - CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin. Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times

“Is comhartha é go bhfuil an óige ar ár dtaobh agus má sheasann an óige mar atá siad ag seasamh inniu, ní bheidh aon teip ar an nGaolainn. Is í an Ghaolainn an oidhreacht is saibhre dár cuireadh chughainn, níos tábhachtaí ná an ceol, ná an spórt ná fiú Brú na Bóinne.”

“Is í an oidhreacht bheo í, agus tuigeann óige na hÉireann é sin. Caithfidh lucht na polaitíochta a thuiscint an díobháil atá siad ag déanamh do na Gaeltachtaí a sheas an fód in aghaidh réimeas na Sasanach, a sheas an fód in aghaidh an Ghorta, a sheas an fód in aghaidh na himirce.”

Labhair an príomhchainteoir, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, le Scéal.

“Amach os mo chomhair anseo tá tonn mhór dhearg gníomhaithe, teaghlach, daoine óga, seandaoine, agus iad uilig dearfach faoi thodhchaí na teanga ach uilig ag éileamh go mbeadh an rialtas chomh dearfach céanna agus go dtabharfaí na huirlisí dúinn chun athbheochan a thógáil chuig an chéad chéim eile.”

“Tá a lán daoine óga anseo, déarfainn go bhfuil an mheánaois níos lú ná 30. Sílim go bhfuil sé sin suntasach, tá daoine óga a glacadh na teanga istigh ina gcroí. Ach tá dúshlán ollmhór againn i dtaobh theagasc na Gaeilge sna scoileanna Béarla, tá dúshlán ollmhór maidir le cúrsaí Gaeloideachais.”

“Bhí titim le linn an rialtas dheireanaigh ar an gcéatadán atá ar freastal ar Ghaelscoileanna - níl sin sásúil. Tá infheistíocht de dhíth, tá tithíocht sa Ghaeltacht de dhíth, tá curaclam ceart agus cúrsaí oideachais le feabhsú agus tá reachtaíocht láidir ag teastáil.”

Fuair an mórshiúl tacaíocht idirnáisiúnta ón mBreatain Bheag freisin, agus cuireadh fáilte roimh phríomhfheidhmeannach an ghrúpa Breatnaise Menter Caerdydd, Heulyn Rees, nuair a labhair sé leis an slua.

Ag labhairt dó le Scéal, dúirt sé, “Tá bhur bhfeachtas anseo in Éirinn fíorthábhachtach dúinne agus is rud é a dteastaíonn uainn tacú leis, agus tá ár streachailt féin an-chosúil le bhur streachailt.”

20/09/2025.  - SCÉAL - 
CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin.
Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times
20/09/2025. - SCÉAL - CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin. Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times

“Tá sé iontach a bheith libh inniu agus an fuinneamh dochreidte seo a bhrath agus, le cúnamh Dé, athrú a spreagadh in Éirinn. Tá ár dteangacha náisiúnta ina mionteangacha laistigh dár dtíortha féin, ach táimid ag fás de réir a chéile, céim ar chéim. Sílim gurb é guth an phobail a bhrúfaidh rudaí chun cinn.”

Deir an lucht eagraithe gur cinneadh ar mhórshiúl a reáchtáil tar éis sraith cruinnithe éigeandála agus Tionól Géarchéime Náisiúnta a tionóladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste níos luaithe i mbliana.

20/09/2025.  - SCÉAL - 
CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin.
Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times
20/09/2025. - SCÉAL - CEARTA, a National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht, from Parnell Square to Leinster House Dublin. Grianghraf: Dara Mac Dónaill / The Irish Times

Ní hé seo an chéad uair a tháinig na mílte ar na sráideanna ar son na Gaeilge. In 2014, ghlac suas le 8,000 duine páirt i mórshiúl i mBaile Átha Cliath.

Bhí mórshiúl eile sa phríomhchathair in 2018, cé gur chuir Stoirm Emma isteach ar an ócáid sin agus laghdaigh sé líon na rannpháirtithe.

In 2017, meastar gur bhailigh thart ar 10,000 i mBéal Feirste don agóid Dearg le Fearg a d’eagraigh An Dream Dearg, agus bhí breis agus 17,000 ar shráideanna na cathrach arís in 2022.