Thall is Abhus

An tseachtain seo: Craic agus cuideachta leis an Chumann Gaelach; Anam Cosmetics ag tabhairt airgid ar son na Palaistíne

An Cumann Gaelach
An Cumann Gaelach
An Cumann Gaelach
An Cumann Gaelach

Craic agus cuideachta leis an Chumann Gaelach

Tá an bhliain úr ollscoile faoi lán seoil agus, má tá tú féin i do mhac léinn, anois an t-am smaoineamh ar na bealaí éagsúla ar féidir leatsa cur le d’eispéireas ollscoile trí ghníomhaíochtaí seach-churaclaim. Ag smaoineamh siar ar na ceithre bliana a chaith mé féin ar an choláiste i nGaillimh, níor chuir rud ar bith le saibhreas agus le rathúnas mo thaithí ollscoile mar a chuir an Cumann Gaelach, agus is cinnte gurbh é a bheith i mo bhall gníomhach den Chumann an cinneadh ab fhearr a rinne mé ag an am.

Grúpa daoine óga gníomhacha atá sa Chumann Gaelach a eagraíonn imeachtaí agus feachtais trí Ghaeilge ar champas. Tugann an Cumann Gaelach deis do mhic léinn a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid go rialta, chomh maith le cairde nua a dhéanamh agus an teanga a spreagadh agus a scaipeadh ní hamháin san ollscoil ach sa cheantar fosta. Pobal atá sa Chumann a bhfuil sé d’aidhm aige spás a thabhairt do Ghaeilgeoirí craic a bheith acu taobh amuigh den seomra ranga chomh maith le seans a thabhairt do dhaoine nach bhfuil ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge baint a bheith acu le pobal Gaelach.

Is féidir leat clárú mar bhall den Chumann Gaelach i d’ollscoil trí theagmháil a dhéanamh leo go díreach nó trí fhreastal ar Lá na gCumann agus spéis a léiriú ansin.

Anam Cosmetics
Anam Cosmetics

Anam Cosmetics ag tabhairt airgid ar son na Palaistíne

Branda galánta inbhuanaithe Éireannach atá in Anam Cosmetics a dhéanann scáthú súl drithleach atá neamhdhíobhálach don timpeallacht agus in-bhithmhillte ar achan bhealach. Cuireann siad béim ar an inbhuanaitheacht chomh maith le táirgí paiteanta agus dathanna geala.

D’fhógair Anam Cosmetics ar na mallaibh go mbeidh siad ag tabhairt aon bhrabúis a dhéanann siad an mhí seo don Palestine Red Crescent Society, eagraíocht dhaonnúil a bhíonn sa líne thosaigh agus a sholáthraíonn leigheas éigeandála agus seirbhísí otharchairr sa Phalaistín.

Is céim an-tábhachtach agus carthanúil chun cinn í seo agus ba cheart dúinn go léir iarracht a dhéanamh tacú leis an bhranda ina n-iarrachtaí ní hamháin feasacht a ardú ach airgead a bhailiú fosta do mhuintir Gaza atá ag fulaingt agus a bhfuil slad á dhéanamh orthu le linn an chinedhíothaithe uafásaigh seo.

Tá táirgí Anam Cosmetics ar fáil ar líne ag anamcosmetics.com.

Prionta liopard
Prionta liopard

Is féidir prionta liopaird a chaitheamh le rud ar bith

Ar chuala tú riamh go bhfuil prionta liopaird ina phrionta neodrach? Ciallaíonn sé seo go dtéann sé le dath ar bith ag am ar bith den bhliain, agus nach n-imeoidh sé as faisean mar go mbíonn tóir i gcónaí air. Cé gur prionta measartha cuidsúlach agus gáifeach é, bealach furasta atá ann beocht agus brí úr a chur i d’fheisteas, go háirithe anois i rith an fhómhair.

Tá bríste géine priontáilte go mór i bhfaisean le cúpla bliain anuas agus faighim féin go bhfuil go leor dóigheanna lena gcaitheamh, bíodh sé sin san oifig nó le haghaidh oíche spraoi in éineacht leis na mná. Is féidir iad a chaitheamh le t-léine agus bróga reatha d’fheisteas neamhfhoirmeálta i rith an lae, nó bíonn siad go hálainn le bástchóta nó barr giortach d’fheisteas níos gléasta agus níos snasta.

An rud is fearr liom féin faoi na míonna fuara seo ná go mbíonn muid in ann go leor oiriúintí a chaitheamh ó lá go lá, agus is breá liom scairfeanna móra teolaí agus cótaí agus seaicéid dheasa. Má tá tú ag iarraidh triail a bhaint as prionta liopaird an fómhar seo, cén fáth nach gceannófá scairf nó hata úr priontáilte, nó fiú péire riteog (cosúil leis an phéire atá sa phictiúr anseo) – iontach faiseanta ar fad!

Grace Ní Mhealláin
Grace Ní Mhealláin

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Grace Ní Mhealláin

Níl Grace Ní Mhealláin i mbun gnó ach ó dheireadh na bliana seo caite agus tá cáil bainte amach aici cheana féin mar cheann de na hainmneacha faisin is mó i mbéal an phobail faoi láthair. Bíonn Grace spreagtha go mór ag an Ghaeilge agus ag cultúr na hÉireann agus déanann sí gach ball éadaigh de láimh, ag baint úsáid as éadach dara láimhe fosta.

Is breá liom na seálta bróidnithe a rinne Grace do shéasúr na bhféilte i mbliana agus na t-léinte colláise a dhéanann sí as píosaí beaga éadaí ó thuáillí gréithe nó ó éadach boird. Is minic a chaithim súil ar na físeáin ar a leathanaigh Instagram agus TikTok le haghaidh inspioráide. Mar gheall go gcruthaíonn sí achan phíosa de láimh go heiticiúil agus go hinbhuanaithe, ní bhíonn ach líon áirithe píosaí ar fáil ag an am. Caithfidh tú a bheith iontach ullamh má tá píosa Grace Ní Mhealláin uait, mar díolann siad amach go gasta!

Thig leat teacht ar Grace ar na meáin shóisialta ag @gracenimheallain ar Instagram agus @gnimheallain ar TikTok, agus is féidir a píosaí a cheannach ag gracenimheallain.com.