Ghlac na mílte páirt ag an deireadh seachtaine san agóid is mó ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a reáchtáladh le blianta fada. Shiúil na sluaite trí lár chathair Bhaile Átha Cliath ar an Satharn ag éileamh gnímh ar na húdaráis, thuaidh agus theas. Dar le heagraithe na hócáide gur ghlac 25,000 duine páirt san agóid ar a tugadh Cearta: An Agóid Náisiúnta ar son na Gaeilge agus na Gaeltacht.
Cuireadh stop leis an trácht agus ag pointe amháin shín an slua fad Shráid Uí Chonaill. Agus é ag labhairt leis an slua, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur lá “stairiúil” a bhí ann. “In ainneoin na buillí troma, an léirscrios cóilineach, an cur i gcéill agus cos ar bolg, mhair an aisling, mhair ár dteanga dúchais, go minic sna pobail is iarghúlta, is díbrithe, sna pobail ar imeall ar fud na tíre, agus bímis bródúil as sin go deo.

Cháin Mac Giolla Bhéin an cur chuige reatha. “Is cúis náire í go bhfuil buiséad na Gaeilge trí Fhoras na Gaeilge síos 45 faoin gcéad ó 2004 anuas. Is cúis náire í go gcaitheann an stát ó dheas 0.1% ar an nGaeilge agus an stát ó thuaidh 0.02%.”
“Léiríonn sin an tábhacht a chuireann siad lenár dteanga dhúchais.”
READ MORE
Labhair Heulyn Rees, príomhfheidhmeannach Menter Caerdydd, faoi athbheochan na Breatnaise.
I measc na gcainteoirí eile bhí Adhna Ní Bhraonáin, ón bhfeachtas tithíochta Gaeltachta BÁNÚ, a labhair faoin ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Labhair Rónán Ó Hící, oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, agus dalta Ardteiste Eibhlín Ní Bhroin, faoin ngéarchéim sa chóras oideachais.

“Tá mé anseo do chearta Gaeilge agus mar gheall go bhfuil paisean agus suim againn sa nGaeilge. Ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht mar dhaoine Éireannacha a choinneáil”- Emer Ní Mhaolmhín, Baile Átha na Rí, Contae na Gaillimhe.

“Is mise T-Rex Ó Saurus. Is múinteoir meánscoile mé agus táim bréan den chóras seo ó thaobh na Gaeilge de. Tá mé ag múineadh le 30 bliain anois agus níl aon rud ag athrú. Tá an córas briste agus tá mise gafa i gcóras atá cosúil le priosún. Sin an fáth go bhfuil mé gléasta mar phríosúnach agus tá mé ag iarraidh cearta don teanga agus go mbeidh páistí, daltaí agus chuile dhuine in ann í a labhairt agus taitneamh a bhaint as.” - Séamus Ó Fionnagáin, Baile Átha Cliath.

”Tá muid anseo ag éileamh cearta teanga. Ba mhaith linn a bheith ábalta ár saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus chun a bheith ábalta é sin a dhéanamh, caithfidh na seirbhísí Gaeilge a bheith ann go forleathan ó thaobh seirbhísí óige, oideachais, sláinte, pobal agus níl go leor maoiniú nó aitheantas tugtha don Ghaeilge. Níl go leor tacaíochta tugtha do cheantair Gaeltactha nó don Ghaeilge go forleathan. Táimid anseo ag impí ar dhaoine éisteacht agus smaoineamh ar ár dteanga dhúchais, go bhfuil sí ann do gach duine - is cumadh cárb as duit, cén tír as a dtáinig tú, tá an Ghaeilge ann duit. Achain uile naíscoil, bunscoil, meánscoil ba fríd feachtas agus daoine ag tosú amach go deonach agus ag tabhairt a gcuid ama saor in aisce cionn is gur chreid siad sa chultúr agus go bhfuil sé mar chuid den aitheantas atá againn. Tá an teanga fite fuaite fríd gach rud." - Caireann Ní Lorcáin, Béal Feirste.

“Is dóigh liom go bhfuil ana-chuid le déanamh ó thaobh na Gaoluinne de ar fud na tíre agus go háirithe ag an baile. Níl seirbhísí bunúsacha ar fáil trí mheán na Gaoluinne. Ta tithíocht uainn, ag an baile in Múscraí, níl aon coinnialacha teanga bainteach leis na tithe sóisialta. Is é sin an t-aon Ghaeltacht sa tír nach bhfuil coinnialacha teanga i bhfeidhm. Sin fadhb mór atá againn inár nGaeltacht féin. Fadhb eile ná oideachas. Níl oideachas maith go leor ó thaobh na Gaoluinne de ar fud na tíre nó sna Gaeltachtaí. Níl an Ghaoluinn á múineadh i gceart sna Gaeltachtaí agus tá easpa mór múinteoirí le Gaoluinn mhaith. Mar a deirimid ag an baile in Múscraí, ‘Tá an poc ar buille’, agus tá Múscraí ar buille anseo inniu.” - Daithí Ó Céilleachair, Gaeltacht Mhúscraí.

“Tá mé anseo ar son cearta teanga don chuid is mó. Thóg sé naoi mí ceadúnas tiomána Gaeilge a fháil arú anuraidh, scéal fada é sin. Freisin, chuaigh mé isteach in Ard-Oifig an Phoist ag lorg foirm iarratais le haghaidh pas agus bhí beart mór as Béarla [ann] agus cé go raibh siad le Gaeilge agus Béarla a bheith acu, ní raibh. Tá sé uafásach ar fad. Tá sé dochreidte tar éis 100 bliain nach bhfuil an teanga ar chomhchéim leis an mBéarla fós.” - Reg Ó Ruairc, Inis.

“Inniu tá mé anseo ar son na ndaoine óga ach go háirithe. Ag Feachtas, creidimid gurb iad an chéad glúin eile don Ghaeilge agus táim anseo dom féin is don chéad ghlúin eile.” - Oisín Ó Dubhshláine, Baile Átha Cliath.

“Tá mé aneo inniu le tacú leis an teanga agus le muintir na Gaeltachta. Tá go leor anseo agus tá sé go hiontach an slua a fheiceáil.” - Róisín de Rúit, Loch Garman.
D’fhreastail na mílte duine ó gach cearn den tír ar an agóid. Ina measc bhí grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, comharchumainn, bhí daltaí scoile agus mic léinn tríú leibhéal i láthair freisin chomh maith le múinteoirí, ealaíontóirí, ceoltóirí, agus gníomhaithe teanga.

Tá géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus tá an soláthar tithíochta inacmhainne ar cheann de na príomhúdair chlamhsáin.Bhí an córas oideachais Gaeilge ar cheann de na héilimh a bhí ag léirseoirí a d’fhreastail ar an ollshlógadh.
