Cleití gé agus pinn eile

Taisce luachmhar chuimsitheach é Díolaim Próis 1450-1850

An Coláiste Éireannach sa Lováin:  ‘Dochum Glóire Dé agus Ónóra na hÉireann’ atá scríofa ar an ngeata. Grianghraf: Aoduibh
An Coláiste Éireannach sa Lováin: ‘Dochum Glóire Dé agus Ónóra na hÉireann’ atá scríofa ar an ngeata. Grianghraf: Aoduibh

Duine ar bith a ghabh tríd an scoil, dá olcas féin í, beidh teagmháil éigin déanta aige le filíocht na Gaeilge ó aoiseanna éagsúla. Go deimhin, ba cheart go mbeadh amhráin thraidisiúnta de shaghas éigin tagtha isteach ina líon. Níl aon deimhne, áfach, go mbeidh aon chuimilt déanta aige le prós na Gaeilge roimh an 20ú haois. Ba dhóigh leat, ar uaire, nárbh ann don phrós sin in aon chor.

Anraí Mac Giolla Chomhaill
Anraí Mac Giolla Chomhaill

Oideachas ann féin é, mar sin, féachaint ar theideal an leabhair Díolaim Próis 1450-1850 a thiomsaigh Anraí Mac Giolla Chomhaill a chéadfhoilsíodh in 1971, ach a bhfuil leagan úr de ar fáil anois le cúpla bliain (Leabhar Breac €18). Oideachas níos fearr fós é a léamh ó chlúdach go clúdach, nó faoina bhun sin, tumadh isteach ann de réir mar is toil leat. Sa chás seo is é atá ann ná a bhfuil luaite ar an gclúdach, sleachta as próslitríocht na Gaeilge ar feadh na gceithre chéad bliain sin. Blaiseadh atá iontu, óir níl aon phíosa ann níos sia ná trí nó ceithre cinn de leathanaigh, toisc oiread sin de shaibhreas le tuairisc a thabhairt air nach leomhfaí aon mhír a bheith níos faide ná sin.

Sliocht as scéal ón 15ú haois atá sa chéad phíosa ann, aistriúchán ón Laidin a bhfuil ‘Spioradh Ghuido’ air sa Ghaeilge, agus is é ‘Eachtra na gConnachtach’ ó thimpeall ar 1850 an giota deireanach, agus ar aoir atá ann ag boicín smeartáilte ón Mí ar oibrithe ó Chonnachta atá ar bheagán nó ar díth Béarla. Idir an dá shliocht sin tá féasta breá mór de chineálacha éagsúla próis: aistriúcháin, scéalta rómánsacha, seanmóintí, dréachtaí staire, aortha, litreacha, smuit ó chín laethanta, leigheas, eachtraíocht, taisteal, míreanna dírbheathaisnéise, beathaisnéisí, fealsúnacht, diagacht, scéalta traidisiúnta, réamh-úrscéalta, scéalta ón mBíobla, réalteolaíocht agus muran leor é sin ní ceithre chéad bliain fós é.

Oscailt súl eile fós is ea an saothar beag seo a léiríonn thar amhras anonn go rabhamar ag scríobh i ngach aon bhall den tír, sa chás is go mbeadh ar dhuine an méid sin a chruthú do chloigeann pota éigin.

Tá taithí, leis, toisc scéal na Gaeilge a bheith mar atá agus de dheasca cúlú na teanga isteach go dtí na ceantair ina bhfuil na Gaeltachtaí anois, nó le tamall anuas, tá taithí againn ar an traidisiún a cheangal agus a theorannú go dtí na háiteanna sin. Oscailt súl eile fós is ea an saothar beag seo a léiríonn thar amhras anonn go rabhamar ag scríobh i ngach aon bhall den tír, sa chás is go mbeadh ar dhuine an méid sin a chruthú do chloigeann pota éigin.

Tá contaetha Uladh anseo go láidir, fara Tír Chonaill, tá go leor as Doire agus as Tír Eoghain, ach an Dún chomh maith, agus Muineachán agus an Cabhán agus Fear Manach agus Aontroim, tá Laighnigh anseo, agus Osraí, agus mar a thuigfí an Mhumhain ar fad agus formhór Chonnacht. Ach féach go bhfuil Íle agus Muile na hAlban, agus Earra-Ghaidheal agus Uibhist a Deas, óir is aon litríocht amháin atá againn sa cheart. Agus dóibh siúd gur fanaicigh Eorpacha iad, tá litir ann ó mhanaigh na hÉireann i bPrág ag gearán mar gheall ar ráflaí a bhí á scaipeadh ag Éireannaigh dheasa na Lováine fúthu.

Caisteal Dhubhairt, Muile na hAlban. Grianghraf: iStock
Caisteal Dhubhairt, Muile na hAlban. Grianghraf: iStock

Deir siad go dtuigtear dóibh gurb iad na bréaga atá á scaipeadh ‘gurb é meas atá ar an áit seo nach bhfuil inti ach tabhairne pótairí nach bhfuil d’exersís againn ach na copáin.’ Anois cé cheapfadh go ndéarfadh an complacht naofa sin a bhreac oiread de leabhair chráifeacha a leithéid?

Bhí Flaithrí Ó Maolchonaire a bhunaigh an Coláiste Éireannach sa Lováin marbh faoin uair a cromadh ar mhanaigh Phrág a mhaslú. Tá sliocht as Desiderius anseo, téacs cáiliúil diagachta a aistríodh ón Spáinnis, agus ina ngabhann sé a leithscéal as boichte a chuid Gaeilge, rud nár dhóigh leat ar shaibhreas na teanga anseo. Murab ionann agus go leor eile, tá fairsinge eolais againn mar gheall air, agus mar sholaoid ar bheatha ghníomhach eachtrúil nach raibh teoranta ag an léann agus ag an gcráifeacht tá an chuma air go raibh sé i gCionn tSáile le linn an Chatha ann i dteannta Uí Néill agus Uí Dhónaill. Is trua nach bhfuil tuairisc againn uaidh!

Dream de scríbhneoirí fíorshuimiúla cuid de na daoine eile a bhfuil eolas againn orthu. Duine díobh Tomás Ó Casaide a bhfuil sliocht as a dhírbheathaisnéis anseo agus is é fadhb a bheadh ag eagarthóir ar bith sliocht leamh a phiocadh as. Sagart, saighdiúir, garda ríoga, fánaí, file, fear fiáin, amhránaí, jongleur ón 18ú haois ba ea é, cé dúirt gur chaith an scríbhneoir Gaeilge saol ciúin sábháilte gan eachtraíocht?

Tá Seon Carsuel anseo chomh maith, an Cailvíneach Albanach a chuir Gaeilge chomónta ar an Book of Common OrderFoirm na n-Urrnuidheadh arb é an chéad leabhar Gaeilge riamh é ar buaileadh cló air. Fathach fir ba ea é, breis agus seacht dtroigh ar airde, rud a d’fhág níos gaire do Dhia é ná formhór na ndaoine. Nuair a tochlaíodh a chorp aníos as an uaigh san 19ú haois fuarthas nach raibh aon lobhadh dulta air, rud a d’fhág go gcaithfidh gur naoimh iad cuid de na scríbhneoirí Gaeilge chomh maith. Scríobh sé an leabhar ina chaisleán in Càrn Àsaraidh atá fós ann. Chaitheas féin uisce coisricthe ar an seomra inar oibrigh sé chun na heiriceachta a dhíbirt agus bhí iontas orm nár phléasc bladhm lasrach ar bith mar fhreagra orm.

Ina choinne sin, níl mórán faisnéise againn mar gheall ar Thomás Gruama Ó Bruacháin (fabhalscéal) ná ar Chormac Mac Duinnléibhe (fealsúnacht) ná ar Fhinghin Ó Mathúna a chuir Gaeilge ar leabhar taistil John Maundeville agus arb é atá anseo ná píosa ina bhfuil Moslamach ag tabhairt a thuairime uaidh mar gheall ar Chríostaithe agus ar an gCríostaíocht. Is dóigh le gamalóga anois gurb é a mhalairt sin timpeall é.

Níorbh fhiú pioc iad na sleachta seo murach go bhfuil siad suimiúil iontu féin, fara a bheith inléite taitneamhach bríomhar don chuid is mó. Ní hé gach duine a bhainfidh ceol as cuid de na scríbhinní diagachta, ach dá leanfá leo chuirfeá eolas ar pheacaí nárbh eol duit iad a bheith ann. Ach tá aoradh breá ar oiliúint agus ar easpa oideachais na cléire in ‘Comhairle Mhic Clamha’ (17ú céad), eachtra thruamhéalach scríofa go fileata ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin óna chín lae (19ú céad), agus píosa cliste débhríoch ag Brian Dubh Ó Raghallaigh óna ‘Siabhradh Mhic na Míochomhairle’ (18ú céad) don té a bhainfeadh an chiall sin as.

Stíl na n-aoiseanna lenar bhain atá i ngach aon bhlúire, ach i gcás deacrachta ar bith tá gluais ghearr ghonta roinnt bheag focal curtha ag an eagarthóir leo.

Chuir Colm Ó Lochlainn rogha téacsanna mar seo ar fáil i leabhar dar teideal Tobar Fíorghlan Gaedhilge 1450-1850 sa bhliain 1939. D’fhéadfá dosaen eile leabhar mar é agus an ceann álainn seo a chur amach agus ní bheadh an chíor uachtair bainte dá bhfuil de mhaitheasaí i bprós na Gaeilge leis na céadta bliain anuas.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar