Ba é an líon ba mhó lúthchleasaithe riamh a rinne ionadaíocht ar son na hÉireann ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain i dTóiceo an mhí seo. Thaisteal ocht lúthchleasaí is fiche ón tír seo chun na Seapáine. San iomlán ghlac dhá mhíle lúthchleasaí idirnáisiúnta, as dhá chéad tír éagsúil, páirt sna comórtais thar naoi lá. 144 bhonn a bhí le buachan i 49 gcomórtas.
Bhí súile na hÉireann dírithe ar na lúthchleasaithe ar nós Kate O’Connor, bean 24 bliana d’aois as Dún Dealgan, Co. Lú, a raibh an-ghealladh fúithi. Chruthaigh sí go hiontach i dTóiceo agus muna raibh cáil idirnáisiúnta bainte amach aici cheana féin, is cinnte go n-aithneofar as seo amach í! D’ardaigh sí croíthe na tíre nuair a bhuaigh sí bonn airgid sa heaptatlan. Is í a hathair, an múinteoir bunscoile Michael O’Connor, a cóitseálaí. Tá sé i mbun traenála léi ó bhí Kate sé bliana d’aois. Tháinig Kate chun cinn go mór ag Craobhchomórtas faoi20 na hEorpa sa bhliain 2019 sa heaptatlan, nuair a bhuaigh sí bonn airgid. Cé nár thug sí bonn abhaile léi agus í san iomaíocht i bPáras, bhain sí éacht amach ag na Cluichí Oilimpeacha in 2024 agus léiriú tugtha aici ar a cumas uileghabhálach lúthchleasaíochta.
Bhain foireann Oilimpeach na bliana seo caite ardchaighdeán amach agus ní turas in aisce a bhí ann do na hÉireannaigh uilig a thaistil chun na Fraince lena gcuid tacaíochta a thabhairt. Níor theastaigh saineolas lúthchleasaíochta nó fiú cur amach cuimsitheach ar chúrsaí spóirt chun taitneamh a bhaint as an éacht dochreidte a rinne lúthchleasaithe na tíre seo i gCluichí Oilimpeacha 2024. Chuir siad gliondar croí orainn agus iad ag seasamh an fhóid go láidir. Ba léir gur spreagadh níos mó spéise sna comórtais i ndiaidh na mbonn a buadh i bPáras anuraidh. Mhúscail Daniel Wiffin, Kellie Harrington, Fintan McCarthy, Paul O’Donovan, Rhys McClenaghan, Rhasidat Adeleke, Thomas Barr, Sharlene Mawdsley agus a gcomrádaithe bród ionann agus is mór an spreagadh atá tugtha acu don ghlúin óg.
Éacht eisceachtúil atá bainte amach ag Kate O’Connor agus níl aon amhras ach go bhfuil meon láidir aici. Is iomaí dea-thréith a bhaineann léi…
Lean an t-ábhar bróid sin ar aghaidh sna comórtais i mbliana agus ba léir go raibh neart muiníne ag roinnt de na lúthchleasaithe lena raibh bainte amach acu cheana féin. Bhuaigh Sarah Healy bonn óir sa rás 3000m ag Craobhacha na hEorpa faoi dhíon mí an Mhárta seo caite agus rith sí sa rás 1500m sa tSeapáin. D’éirigh le Mark English bonn cré umha a thabhairt abhaile leis ó Chraobhach na hEorpa chomh maith.
READ MORE
Ach cuimhneofar go brách ar Kate O’Connor. Is iomaí caint a chloisfear amach anseo faoin mbean óg as Dún Dealgan, a bhuaigh bonn airgid, an seachtú bonn riamh d’Éirinn i stair Chraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain. Tá siad ar an bhfód le ceathracha dó bliain agus tá Kate ar an séú hÉireannach a shroich ardán na mbonn. Bhuaigh Eamonn Coughlan bonn óir in 1983 sa rás 1500m, thug Sonia O’Sullivan bonn airgid léi deich mbliana ina dhiaidh sin in 1993 sa rás 1500m agus bhuaigh sí bonn óir sa rás 5000m in 1995. Bhí trí bhonn ag Éirinn ina dhiaidh sin sa rás siúil 20 ciliméadar. Ba í Gillian O’Sullivan a bhuaigh bonn airgid in 2003. Bhuaigh Olive Loughnane in 2009 agus thug Rob Heffernan an bonn óir abhaile ceithre bliana níos deireanaí in 2013.

Éacht eisceachtúil atá bainte amach ag Kate O’Connor agus níl aon amhras ach go bhfuil meon láidir aici. Is iomaí dea-thréith a bhaineann léi - díograis, diongbháilteacht agus misneach. Is léir go dteastaíonn obair chrua go laethúil le barr feabhais a bhaint amach. Chomh maith le bheith i mbarr a réime lena cuid lúthchleasaíochta, tá sí i mbun staidéir lena céim mháistreachta a bhaint amach sa chumarsáid agus caidreamh poiblí in Ollscoil Uladh. Eagraíodh ócáid speisialta di agus dá clann san ollscoil an mhí seo caite nuair a bhuaigh sí bonn óir ag Cluichí Domhanda na nOllscoileanna in Rhine-Ruhr sa Ghearmáin. Thug an bhean óg as an gcontae is lú an taispeántas is mó!
Bhí maratón Fionnuala McCormack thar a bheith spreagúil. Ainneoin aimsir mheirbh na Seapáine, chríochnaigh sí sa 9ú háit i maratón na mban, le ham 2:30:16. Tá sí 40 bliain d’aois agus rinne sí gaisce speisialtaag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras an bhliain seo caite. Ba í an chéad bhean as Éirinn le páirt a ghlacadh i gcúig chluiche Oilimpeacha: Páras 2024, Tóiceo 2021, Rio de Janeiro 2016, Londain 2012 agus Béising2008. Níl a rás rite fós, ná baol air!
Tá an-ghealladh faoin bhfear óg as an Longfort, Cian McPhilips, agus beidh go leor foghlamtha aige agus taithí luachmhar óna chuid reatha i dTóiceo. Tháinig sé sa cheathrú háit sa rás 800m agus bhí greim láidir aige sa chuid dheireanach den rás. Bhí Andrew Coscoran i mbabhta ceannais an 1500m agus chríochnaigh sé sa 12ú háit. Cé nár bhuaigh sé bonn, d’admhaigh sé gur éirigh leis dul i dtaithí ar an gcomórtas domhanda agus é ag breathnú chun cinn ar an gcéad chomórtas eile anois.
Bliain spreagúil is ea 2025 don lúthchleasaíocht in Éirinn, go háirithe i bhfianaise na dtaispeántas a tugadh ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain. Cé go raibh díomá i gceist i gcásanna áirithe, is léir go bhfuil lúthchleasaithe láidre Éireannacha ag déanamh dul chun cinn suntasach agus tuilleadh curiarrachtaí pearsanta sáraithe i mbliana acu. Cleachtadh a dhéanann máistreacht, a deirtear, agus tá go leor dóchais anois ann faoi na boinn a d’fhéadfadh a bheith ar fhíor na spéire san am atá le teacht.
Foclóir: lúthchleasaí idirnáisiúnta = international athlete; croíthe = hearts; foireann = team; Cluichí Oilimpeacha = Olympic Games; cheana féin = already; cré umha = bronze; go brách = forever; maratón = marathon