D’fhreastail mé ar eochairléacht ar Oileán Mhanann sa tsamhradh, a eagraíodh faoi choimirce Yn Chruinnaght, féile idir-Cheilteach an oileáin. ‘Ná habair é, déan é’ a ba theideal don chur i láthair a thug teachtaí ó Raidió Fáilte ar fhorbairt na Gaeilge i mBéal Feirste. I measc na n-ábhar a pléadh, labhair Séimí Mac Aindreasa faoin dóigh ar bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste ag tús na seachtóidí trí chomhiarracht an phobail agus gan aon mhaoiniú ná tacaíocht – ná cead – ón stát.
Is amhlaidh gur chuimhnigh mé ar an scéal sin ar na mallaibh agus mé ag caint le cara i dTír na mBascach faoi na ikastolen jaiak, féilte bliantúla a eagraítear d’fhonn airgead a thiomsú do na scoileanna Bascaise. Beidh Kilometroak (Ciliméadair), an ikastolen jaia is sine, ar siúl arís ar an 5 Deireadh Fómhair, agus ceiliúrfar Nafarroa Oinez (Nafarroa de chois) go gearr ina dhiaidh sin, ar an 19 Deireadh Fómhair.

Bunaíodh Kilometroak in 1977, dhá bhliain i ndiaidh bhás an deachtóra Francisco Franco. Bhí scoileanna Bascaise ann roimh Chogadh Cathartha na Spáinne, ach cuireadh an teanga faoi chois le linn réim Franco, agus cosc uirthi sa tsaol phoiblí. Níor chuir sé sin deireadh leis an tumoideachas Bascaise, áfach. Ghríosaigh bean óg mhisniúil darb ainm Elbira Zipitria múinteoirí eile le ikastolak beaga a eagrú ina dtithe féin, agus cé gur chontúirteach an obair í – do na múinteoirí agus do na tuismitheoirí araon – d’éirigh leo oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar go rúnmhar, ag baint úsáid as modhanna ceannródaíocha teagaisc.
Bhí Josu Erguin tar éis a bheith ag staidéar i gCalifornia, agus is ann a chuir sé eolas ar choincheap na siúlóide urraithe.
Ó na seascaidí i leith, de réir a chéile, tháinig maolú ar dhoicheall an stáit i leith scoileanna Bascaise, a bhuí le tacaíocht na hEaglaise do na ikastolak. Bhí gluaiseacht na ikastolak ag leathnú freisin: mar shampla, bunaíodh an chéad ikastola sa Tuaisceart (i. an chuid sin d’Euskal Herria atá faoi réim na Fraince) in 1969. In 1970, thug bealach éalaithe sa Dlí Ginearálta Oideachais deis do ikastolak an Deiscirt stádas oifigiúil a bhaint amach ach clárú mar scoileanna reiligiúnacha, rud a rinne a lán díobh (cé gur scoilteadh an ghluaiseacht mar thoradh ar an easaontas a d’eascair as seo). Faoin am ar éag Franco – stádas oifigiúil ann nó as – ní raibh aon ghá le rúndacht a thuilleadh.
READ MORE
Mar sin féin, bhíodh na ikastolak i gcónaí ar an ghannchuid. Is ó na táillí a d’íocadh tuismitheoirí agus ó thiomsú airgid a fuair siad a dteacht isteach: d’eagraítí crannchuir, féilte beaga, imeachtaí sóisialta agus stainníní bia agus dí go rialta chun airgead a bhailiú.

Ach ansin bhí tobsmaoineamh ag fear óg ó bhaile beag darb ainm Beasain. Bhí Josu Erguin tar éis a bheith ag staidéar i gCalifornia, agus is ann a chuir sé eolas ar choincheap na siúlóide urraithe. Cé gurbh aisteach leis a leithéid ag an am, ocht mbliana níos déanaí agus é ina athair ag féachaint lena iníon a thógáil tríd an Bhascais, rith sé leis gurbh fhéidir smaoineamh na Meiriceánach a chur chun leasa ina thír féin.
Bhí foirgneamh ag teastáil go géar óna scoil áitiúil Alkartasuna Lizeoa, a bhí tar éis fás rómhór do na foirgnimh a bhí aici. D’aithin Erguin nár leor ‘raifilí agus tobthábhairní’ chun an méid sin airgid a thiomsú, agus mhol sé siúlóid urraithe. Cuimhníonn sé nach raibh mórán spéise ag na grúpaí áitiúla i smaoineamh ‘mhuintir chraiceáilte Mheiriceá’ i dtús báire, ach faoi dheireadh, d’éirigh leis a áiteamh orthu gur cheart triail a bhaint as.
Obair ollmhór a bhí i gceist le féile dá leithéid a eagrú, ach d’éirigh le comhairle na scoile gach rud a dhéanamh laistigh de sé mhí, agus Erguin i dtús cadhnaíochta. Bhí thart fá 600 oibrí deonach páirteach san fhéile, gach duine ag cuidiú ar a b(h)ealach féin. Agus, ar ndóigh, b’éigean do na rannpháirtithe urraíocht a iarraidh ar ghnóthais, grúpaí agus daoine aonair an cheantair a raibh bá acu leis an Bhascais.
Ar an 16 Deireadh Fómhair 1977 a ceiliúradh an chéad Kilometroak, a chuimsigh siúlóid urraithe ó Bheasain go Lazkao agus ar ais. Le cois an bhealaigh, bhí dhá mhol inar eagraíodh ceolchoirmeacha, spóirt thraidisiúnta agus taispeántais, agus bhí roinnt mhaith daoine mór le rá ina measc siúd a ghlac páirt sna seónna sin, idir amhránaithe, fhilí agus lúthchleasaithe.
D’éirigh thar barr leis an fhéile. Bhíothas ag dréim le cúpla céad rannpháirtí, ach tháinig 15,000, a lán daoine ag teacht ó cheantair eile chun páirt a ghlacadh sa tsiúlóid. Dhá lá ina dhiaidh, thuairiscigh nuachtáin áitiúla go raibh níos mó ná 5 mhilliún peseta tiomsaithe ag na heagraithe. Ní hionadh gur chinn Cumann Ikastolak Gipuzkoa gur mhaith leo an fhéile a dhéanamh arís – gach bliain. Beartaíodh go ndéanfadh bailte Gipuzkoa sealaíocht: an bhliain dár gcionn, is iad muintir Zubieta a d’eagraigh agus a d’óstáil an fhéile.
Ba ghearr gur leathnaigh an smaoineamh sna cúigí eile: bunaíodh Ibilaldia (Turas) in Bizkaia in 1978, Nafarroa Oinez (Nafarroa de Chois) agus Araba Euskaraz (Araba as Bascais) in 1981 agus Herri Urrats (Céim Phobail) sa Tuaisceart in 1984. Is é an aidhm chéanna a bhí ag na féilte go léir: airgead a thiomsú ar son ikastolak an chúige.
Chuaigh Kilometroak agus na ikastolen jaiak eile ó neart go neart. Mhéadaigh go gasta ar líon na rannpháirtithe agus ar an mhéid airgid a thiomsaítí. Agus bíonn na cúig fhéile fós ar siúl gach bliain; sa lá atá inniu ann, bíonn súil le thart fá 100,000 rannpháirtí ag an chuid is mó de na féilte. Tá an bunchoincheap beagnach mar a bhí in 1977 nuair a ceiliúradh an chéad Kilometroak: siúlóid agus siamsaíocht bhreise le cois an bhealaigh (ceolchoirmeacha, spóirt, srl) – ach ní siúlóid urraithe atá inti a thuilleadh. Cuireadh cúpla gné eile leis na féilte le himeacht aimsire, áfach: na laethanta seo, bíonn a lán stainníní agus marsantachta ann, bíonn lógó agus sluán nua ag gach féile, agus gach bliain, iarrtar ar cheoltóir(í) amhrán speisialta a chumadh. Bíonn deis ag an bhaile óstach a rian féin a fhágáil ar na himeachtaí freisin.

Is iomaí athrú a tháinig ar chás na ikastolak ó na seachtóidí. Inniu tá an scéal giota beag casta: tá córais dhifriúla oideachais i bhfeidhm sa chomhphobal fhéinrialaitheach Tír na mBascach Theas, in Nafarroa agus sa Tuaisceart. Tá a bhformhór de na scoileanna Bascaise fós ina scoileanna príobháideacha nó cairte (agus ina gcomharchumainn), cé gur faoin chóras phoiblí atá sciar suntasach díobh i dTír na mBascach Theas cláraithe. Is ar na scoileanna neamhspleácha taobh amuigh den chóras phoiblí – atá go léir ina mbaill den Ikastolen Elkartea (Cumann na Ikastolak) – atá na ikastolen jaiak dírithe. Díreach mar a bhí in 1977, bíonn gá i gcónaí le hairgead.
Anuas air sin, áfach, mar a aithníonn lucht eagraithe na bhféilte, soláthraíonn siad deis chun aird a tharraingt ar thumoideachas Bascaise agus dlúthpháirtíocht a chothú i measc an phobail; leagtar béim ar normalú na teanga agus ar an rannpháirtíocht. Mar is féilte pobail atá sna ikastolen jaiak go smior. Féachann siad le cur i gcuimhne don phobal gur féidir le cách a c(h)ion féin a dhéanamh ar son na teanga.
Agus is é mo thuairim féin gurb é sin an rud is tábhachtaí. Is fianaise iad Kilometroak, na ikastolen jaiak, na ikastolak féin – agus Bunscoil Phobal Feirste agus gaelscoileanna anseo in Éirinn – den mhéid is féidir a bhaint amach ach cur le chéile agus cur chuige le dúthracht agus cruthaitheacht.
Breis eolais: kilometroak.eus/
Foclóir: eochairléacht = keynote speech; Oileán Mhanann = Isle of Man; deachtóir = dictator; Bascais = Basque (language); doicheall = reluctance; urraithe = sponsored; i dtús cadhnaíochta = in the vanguard; stainnín = stand; marsantacht = merchandise